Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas, ón Margadh Aonair agus ón Aontas Custaim, cruthaíodh bacainní ar thrádáil agus ar mhalartuithe trasteorann nach raibh ann roimh an 1 Eanáir 2021.

Níorbh fhéidir na hiarmhairtí leathana forleathana do lucht riaracháin phoiblí, do ghnólachtaí agus do shaoránaigh a sheachaint, fiú agus an Comhaontú Trádála agus Comhair idir an Aontas agus an Ríocht Aontaithe i bhfeidhm.

Chuir an Coimisiún oiliúint agus treoir ar fáil do lucht riaracháin na mBallstát chomh maith le páirtithe leasmhara, agus leanfar ar aghaidh ag eagrú seimineáir earnálacha leis na Ballstáit go léir ar an leibhéal teicniúil, chun cuidiú le mionchoigeartú chur chun feidhme bearta ullmhachta, go háirithe i dtaca le seiceálacha teorann ar dhaoine agus ar earraí.

Maidir le ceisteanna faoi chur chun feidhme an Chomhaontuithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, féadfaidh saoránaigh, cumainn agus gnólachtaí teagmháil a dhéanamh le Seirbhís Eolais Europe Direct.

Ina theannta sin, tá pointe iontrála aonair á chur ar fáil ag an gCoimisiún, áit ar féidir le cuideachtaí, cumainn trádála nó eagraíochtaí neamhrialtasacha de chuid an Aontais gearáin a dhéanamh faoi bhacainní trádála i dtíortha nach den Aontas iad, agus faoi thíortha nach den Aontas iad nach bhfuil ag comhlíonadh na ngealltanas atá déanta acu i gcomhaontuithe trádála, i réimse na forbartha inbhuanaithe san áireamh.

Fógraí treorach earnálacha

Chun cúnamh a thabhairt do gheallsealbhóirí, tá an Coimisiún ag déanamh nuashonrú ar bhreis agus 100 fógra ullmhachta earnáilsonrach do gheallsealbhóirí a d’fhoilsigh sé le linn na caibidlíochta leis an Ríocht Aontaithe maidir le hAirteagal 50 (tá na leaganacha sin le fáil anseo.) Tá na fógraí sin tugtha cothrom le dáta cheana agus is féidir teacht orthu thíos. Tá eolas mionsonraithe iontu faoi na nithe is gá do chórais riaracháin, gnólachtaí agus saoránaigh a dhéanamh chun ullmhú do na hathruithe.

Medicinal products - Application of the Union’s pharmaceutical acquis in markets historically dependent on medicines supply from or through Great Britain after the end of the transition period
25 Eanáir 2021

An uair dheiridh a nuashonraíodh: 22 Márta 2021

An Teachtaireacht ‘Ullmhúchán a dhéanamh d’athruithe’

An 9 Iúil 2020, d’fhoilsigh an Coimisiún Teachtaireacht dar teideal ‘Ullmhúchán a dhéanamh d’athruithe’.

Leagtar amach ann forléargas de réir earnála ar na réimsí is mó atá buailte agus moltar bearta maolaithe d’údaráis náisiúnta, do ghnólachtaí agus do shaoránaigh.

Getting ready for changes - Communication on readiness at the end of the transition period between the European Union and the United Kingdom
9 Iúil 2020
  • Proposal for a decision

Regulation proposed by the Commission to counter unforeseen and adverse consequences of the Brexit in Member States and sectors that are worst affected.

 

Sleamhnáin agus acmhainní eile