Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

An chosaint

An méid a dhéanann an tAontas Eorpach

69% de shaoránaigh a aontaíonn gur gá don Aontas a chumas a threisiú chun trealamh míleata a tháirgeadh
2 mhilliún sliogán d’acmhainneacht táirgeachta bhliantúil an Aontais faoi dheireadh 2025
€8 mbilliún in infheistíocht iomlán an Aontais sa taighde agus san fhorbairt i réimse na cosanta (2021-2027)

Réimsí gníomhaíochta

Na príomhéachtaí

  • Leis an gCiste Eorpach Cosanta agus leis an bpríomhreachtaíocht nua, táimid ag slógadh thionscal cosanta na hEorpa chun níos mó dár slándáil a mhonarú sa bhaile.
  • Chuireamar an Straitéis um thionscal cosanta na hEorpa (EDIS) agus an Clár um an tionscal cosanta Eorpach (EDIP) i láthair lena gcinntítear, ó thaobh na cosanta de, go ndéanaimid níos mó infheistíochta, í a dhéanamh ar dhóigh níos fearr, í a dhéanamh le chéile agus í a dhéanamh san Eoraip.
  • In 2024 leithdháil na Ballstáit maoiniú €300 milliún ar chúig cinn de thionscadail chomhpháirteacha maidir le soláthar trealaimh cosanta (EDIRPA), sin an chéad uair don Aontas a bhuiséad a úsáid chun comhcheannach cosanta a mhaoiniú.
  • Táimid tar éis ár gcomhpháirtíocht a neartú le hEagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT). Le Dearbhú Comhpháirteach nua, tá borradh á chur againn faoin obair chomhpháirteach a dhéanaimid ar bhagairtí hibrideacha, cibearbhagairtí, sceimhlitheoireacht agus impleachtaí slándála a bhaineann leis an athrú aeráide. Thairis sin, bhunaigh an tAontas agus ECAT Tascfhórsa maidir le hathléimneacht an bhonneagair chriticiúil chun an comhar a neartú agus béim a leagan ar cheithre phríomhearnáil: fuinneamh, iompar, bonneagar digiteach agus spás.

Sa spotsolas

An nuacht is déanaí

  • Alt nuachta

Dé Luain an 26 Deireadh Fómhair, tháinig Hadja Lahbib, an Coimisinéir Eorpach um Ullmhacht agus Bainistiú Géarchéime, agus an tOnórach Mélanie Joly, an tAire Tionscail agus an tAire atá freagrach as Forbairt Eacnamaíoch Cheanada do Réigiúin Québec, le chéile chun an chomhpháirtíocht láidir idir Cean

Am léitheoireachta: 2 nóiméad

Imeachtaí

Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 25 Márta 2026