Cathain is ceart achainí a dhéanamh
Is féidir leat iarraidh ar Pharlaimint na hEorpa saincheist a bhaineann leatsa a iniúchadh, nó gearán a dhéanamh faoin gcaoi a bhfuil dlí de chuid an Aontais á chur i bhfeidhm. ‘Achainí’ a thugtar air sin.
Fiosróidh Parlaimint na hEorpa an cheist agus scríobhfaidh sí ar ais chugat lena cuid torthaí.
Cé atá in ann tús a chur le hachainí?
- aon saoránach den Aontas
- aon duine a bhfuil cónaí air i mBallstát
- aon chuideachta, eagraíocht nó comhlachas a bhfuil a cheannáras i mBallstát
Ní mór do d’achainí a bheith bainteach le ceann de réimsí beartais an Aontais.
Is féidir leat d'achainí a chur isteach leis féin, nó mar chuid de ghrúpa. Ní theastaíonn íoslíon sínithe.
An dóigh le hachainí a chruthú nó a shíniú
Sula gcuirfidh tú tús le hachainí, déan deimhin de nach bhfuil ábhar na hachainí cuimsithe ag achainí atá ann cheana.
Tá dhá dhóigh ann le hachainí a chruthú
- Ar líne
Cláraigh ar thairseach na n-achainíocha agus lean na treoracha.
2. Tríd an bpost
Is féidir leat d’achainí a chur isteach tríd an bpost chomh maith. Níl aon fhoirm le líonadh isteach – ach ní mór an t-eolas seo a leanas a lua
- ainm
- náisiúntacht
- seoladh
- síniú
Seol d’achainí chuig:
Cathaoirleach Choiste na nAchainíocha
Seoladh poist: Parlaimint na hEorpa, 1047 an Bhruiséil, an Bheilg