An méid a dhéanann an tAontas Eorpach
Cuimsíonn Comharsanacht an Oirthir san Aontas sé thír in Oirthear na hEorpa agus i gCugas Theas: An Airméin, an Asarbaiseáin, an Bhealarúis, an Mholdóiv, an tSeoirsia agus an Úcráin.
Is í Comhpháirtíocht an Oirthir an diminsean oirthearach de Bheartas Comharsanachta na hEorpa. Seoladh in 2009 í agus cuireann sí creat ar fáil maidir le caidreamh an Aontais leis na tíortha sin, agus béim mhór ar an gcobhsaíocht pholaitiúil, eacnamaíoch agus slándála a neartú feadh theorainneacha thoir an Aontais.
Tacaíonn Comhpháirtíocht an Oirthir freisin le cur chun feidhme cuspóirí beartais domhanda, ina measc sin Comhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide agus Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe agus na spriocanna forbartha inbhuanaithe a ghabhann leis.
Tharraing an Bhealarúis siar ó Chomhpháirtíocht an Oirthir in 2022. Mar sin féin, leanann an tAontas de bheith ag comhoibriú le príomhpháirtithe leasmhara neamhstáit sa Bhealarúis, ina measc sin eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus fórsaí daonlathacha atá ag obair i dtreo Bealarúis dhaonlathach.
Réimsí gníomhaíochta
Darb aidhm an caidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Airméin, an Asarbaiseáin, an Mholdóiv, an tSeoirsia agus an Úcráin a neartú
Aghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna, cuir i gcás an daonlathas, réiteach coinbhleachta, cosaint an chomhshaoil, fuinneamh agus iompar
Clár maoiniúcháin de chuid an Aontais darb aidhm éifeachtacht bheartais sheachtracha an Aontais a mhéadú
Infheistíocht a shlógadh chun tacú le forbairt bonneagair agus forbairt na hearnála príobháidí
Naisc dhomhanda a neartú trí infheistíochtaí i mbonneagar, i bhfuinneamh, i gcórais dhigiteacha agus i ndaoine
An t-ardoideachais agus an tsoghluaisteacht acadúil a fhorbairt i dtíortha comhpháirtíochta
Na príomhéachtaí
- Trí Global Gateway, tá maoiniú €4.3 billiún ón Aontas tar éis €18.4 billiún measta a ghiaráil chun tacú le forbairt na hearnála príobháidí agus chun feabhas a chur ar fhuinneamh, iompar, naisc dhigiteacha agus ghlasa, agus bonneagar.
- Thacaigh an tionscnamh EU4Business le 375,000 gnólacht beag, chruthaigh sé 400,000 post, agus chothaigh sé níos mó ná 3 mhilliún post ó bhí 2020 ann.
- A bhuí le EaPConnect, baineann 280 institiúid taighde agus oideachais – agus níos mó ná 650,000 mac léinn, eolaí agus taighdeoir – tairbhe as naisc dhigiteacha neartaithe lena gcomhghleacaithe san Aontas.
Sa spotsolas
I mí na Bealtaine 2025, chuir an tAontas cur chuige straitéiseach nua i láthair le haghaidh réigiún cobhsaí slán na Mara Duibhe, lena neartaítear naisc idir an Eoraip, Cugas Theas, an Áise Láir agus níos faide i gcéin. Is é is aidhm dó slándáil, cobhsaíocht agus athléimneacht a fheabhsú, fás inbhuanaithe a chothú, agus tacú le cosaint an chomhshaoil agus le hathléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide. Féachann sé freisin le ról geopholaitiúil an Aontais sa réigiún a neartú.
I mí Dheireadh Fómhair 2025, seoladh Clár Oibre um Nascacht Trasréigiúnach chun borradh a chur faoin trádáil, faoin infheistíocht agus faoin bhforbairt shocheacnamaíoch trí naisc iompair, fuinnimh agus dhigiteacha atá athléimneach agus éifeachtúil.

Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 16 Eanáir 2026