An méid a dhéanann an tAontas Eorpach
Oibríonn an tAontas agus na Ballstáit le chéile chun tacú le daoine óga, mar a leagtar amach i Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh, ina ndírítear ar thrí phríomhréimse gníomhaíochta:
- Ag spreagadh – daoine óga a spreagadh le bheith gníomhach sa tsochaí agus páirt a ghlacadh sa chinnteoireacht
- Ag nascadh – deiseanna a chur ar fáil do dhaoine óga agus d’oibrithe óige páirt a ghlacadh i soghluaisteachtaí foghlama agus in obair dheonach, agus comhar agus foghlaim a éascú i measc eagraíochtaí óige
- Ag cumhachtú – tacú le hobair ardcháilíochta óige a fhorbairt
Faigh amach faoin méid is féidir leis an Aontas a chur ar fáil don óige

Daoine óga san Aontas Eorpach
Foinse: Eorabharaiméadar maidir leis an Óige agus an Daonlathas, 2024
Réimsí gníomhaíochta
Fóram machnaimh agus comhairliúcháin maidir leis an obair leantach ar Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh
Leis an Idirphlé maidir le Beartas na hÓige, tugtar daoine óga agus Coimisinéirí le chéile chun tuairimí a mhalartú maidir le tionscnaimh bheartais an Aontais
Eispéiris foghlama sheachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla do dhaoine óga agus d’oibrithe óige
Deiseanna do dhaoine óga obair dheonach a dhéanamh nó a bheith ag obair ar thionscadail a théann chun tairbhe do phobail agus do dhaoine ar fud na hEorpa
Clár de chuid an Aontais a chuidíonn chun na scileanna is gá a thabhairt d’fhiontraithe Eorpacha chun gnólacht beag a thosú agus a reáchtáil
Tionscnamh a thugann deis do dhaoine óga bualadh le hUachtarán an Choimisiúin agus a dtuairimí a chomhroinnt maidir le saincheisteanna atá tábhachtach dóibh
Príomhéachtaí
- Erasmus+, ceann de na tionscnaimh is rathúla de chuid an Aontais, cuireann sé deiseanna ar fáil do na milliúin daoine óga staidéar, oiliúint, obair dheonach agus obair a dhéanamh i dtír eile, rud a chothaíonn malartú idirchultúrtha agus forbairt scileanna.
- Trí thionscnaimh, cuir i gcás Bliain Eorpach na hÓige, Seachtain Eorpach na hÓige agus Tairseach Eorpach na hÓige, tá an tAontas tar éis daoine óga a spreagadh chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí sibhialta, i dtoghcháin agus i gceapadh beartas.
- Leis an ‘tSeiceáil Óige’, tá sé d’aidhm ag an Aontas a chinntiú go gcuirfear san áireamh i mbeartais an Aontais an tionchar ar dhaoine óga le linn chéim ceaptha na mbeartas.
- Mar chuid de Ghrúpa Páirtithe Leasmhara Óige an Aontais, tá eagraíochtaí don óige, comhairlí náisiúnta don óige, taighdeoirí don óige, ionadaithe ó na Ballstáit agus ó institiúidí an Aontais. Cuidíonn an grúpa chun eolas agus dea-chleachtais a mhalartú, an próiseas ‘Seiceáil Óige’ a éascú agus riachtanais daoine óga a chur in iúl, agus feidhmíonn sé mar bhonn braite do thionscnaimh chomhpháirteacha a théann chun tairbhe do dhaoine óga.
- Trí Idirphlé leis an Aos Óg, bíonn na daoine óga rannpháirteach go gníomhach i mbeartais an Aontais a mhúnlú le cinnteoirí ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais.
Sa spotsolas
Cuireann DiscoverEU, atá mar chuid de chlár Erasmus+, taisteal traenach saor in aisce ar fud na hEorpa ar fáil do dhaoine 18 mbliana d’aois. Deis uathúil atá ann eolas a chur ar éagsúlacht na hEorpa, foghlaim faoina hoidhreacht chultúrtha agus a stair, agus nascadh le daoine ó áiteanna ar fud na mór-roinne. Is féidir iarratas a dhéanamh ar an mbabhta seo go dtí an 22 Aibreán 2026 (meán lae, am na Bruiséile). Na hiarratasóirí a n-éireoidh leo, féadfaidh siad taisteal am ar bith idir an 1 Iúil 2026 agus an 30 Meán Fómhair 2027 ar feadh suas le 7 lá laistigh de thréimhse míosa.

Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 8 Aibreán 2026