Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

An tIonad Cuairteoirí

An Eoraip a thabhairt níos gaire do phobal an Aontais trí eolas a thabhairt faoi conas a oibríonn an Coimisiún Eorpach.

Roghnaigh seisiún agus cuir do chuairt in áirithe

Is féidir le grúpaí iarratas a dhéanamh ar dhá chineál seisiún eolais arb iad baill foirne an Aontais a bhíonn ina mbun.  

  • Cur i láthair ginearálta

    Le cur i láthair ginearálta 60 nóiméad, tugtar léargas ginearálta do do ghrúpa ar obair an Choimisiúin.

    Tá sé ar oscailt d’aon ghrúpa a bhfuil spéis aige ann, agus tosaíonn sé ar leibhéal na meánscoile.

  • Cur i láthair ginearálta comhcheangailte le cur i láthair beartais

    Is féidir le grúpaí a bhfuil spéis ar leith acu an cur i láthair ginearálta a chomhcheangal le cur i láthair beartais shonraigh: 

    • Mic léinn ollscoile - cur i láthair ginearálta, mar aon le cur i láthair beartais amháin
    • Gairmithe san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach, iriseoirí, acadóirí, eagraíochtaí neamhrialtasacha, comhpháirtithe sóisialta - cur i láthair ginearálta, mar aon le suas le 2 chur i láthair beartais

Eolas praiticiúil

  • Méid an ghrúpa

    Idir 15 agus 100 duine

  • Aois íosta

    15 bliana d’aois

  • Costas

    Saor in aisce

  • Teanga

    24 theanga oifigiúla an Aontais, ag brath ar an soláthar

  • Oscailte

    An Luan go dtí an Aoine

  • Dúnta

    Laethanta saoire áirithe a bhíonn ag institiúidí den Aontas Eorpach, laethanta saoire na Beilge, agus mí Lúnasa chomh maith

Amlíne na háirithinte

  1. Áirithint

    Iarrtar ort do chuairt a iarraidh tráth nach luaithe ná 5 mhí roimh ré, agus tráth nach déanaí ná 10 seachtaine roimh ré

  2. Deimhniú

    Cuirfear freagra chugat laistigh de choicís

  3. Cealú

    Más gá, iarrtar ort do chuairt a chur ar ceal coicís ar a laghad roimh ré

An suíomh agus conas teacht air

  • Seoladh

    Foirgneamh Charlemagne, Rue de la Loi 170
    1040 An Bhruiséil 
    An Bheilg

  • An bealach isteach

    Ar chúinne Rue de la Loi/Wetstraat agus Rue du Taciturne/Willem de Zwijgerstraat.

  • Conas dul ann

    Is é stad ‘Schuman’ an stad is gaire ar iompar poiblí agus is féidir dul ann ar an meitreo, ar an mbus agus ar an traein

Inrochtaineacht

Tá an tIonad Cuairteoirí inrochtana ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. Cuirtear cathaoireacha rothaí ar fáil.

Seiceáil slándála

Iarrtar ort cárta aitheantais nó pas náisiúnta bailí chun dul isteach agus bí ar an eolas go dtéann gach cuairteoir trí sheiceáil slándála atá cosúil le haerfoirt.

Teagmháil

COMM-VISIT-REQUESTSatec [dot] europa [dot] eu (COMM-VISIT-REQUESTS[at]ec[dot]europa[dot]eu) 

Séanadh

Ní eagraíonn an Coimisiún turais threoraithe ar a fhoirgnimh agus ní chuireann sé oiliúint ar fáil.  

San Ionad Cuairteoirí, ní reáchtáltar cruinnithe le haghaidh ionadaithe sainleasa.