An méid a dhéanann an tAontas Eorpach
Féachann an tAontas Eorpach lena leasanna airgeadais a chosaint trí imscrúdú a dhéanamh ar chalaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a d'fhéadfadh difear a dhéanamh dá bhuiséad. Chun tacú leis sin, bunaíodh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) in 1999.
Is é misean OLAF úsáid chalaoiseach chistí an Aontais, chomh maith le mí-iompar tromchúiseach bhaill foirne agus chomhaltaí institiúidí an Aontais, a bhrath, a imscrúdú agus a stopadh. Forbraíonn sí reachtaíocht agus beartais frithchalaoise agus déanann sí monatóireacht orthu sin freisin. Cuidíonn na hiarrachtaí sin chun a chinntiú go mbaineann airgead cháiníocóirí an Aontais na tionscadail amach a bhfuil sé beartaithe lena n-aghaidh, agus go bhfuil cosaint leordhóthanach ag ioncam an Aontais.

Fíricí maidir le calaois a chosc
Réimsí gníomhaíochta
Féach leat cé na réimsí d’ioncam an Aontais a imscrúdaíonn OLAF
Féach leat an dóigh a n-imscrúdaíonn OLAF caitheamh bhuiséad an Aontais
Imscrúduithe ar mhí-iompar tromchúiseach bhaill foirne agus chomhaltaí institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais
Féach leat an dóigh a múnlaíonn OLAF na beartais frithchalaoise
Tacaíocht airgeadais agus theicniúil do thíortha an Aontais maidir leis an gcalaois a chomhrac
Comhar leis na póilíní, lucht custaim, comhlachtaí riaracháin agus breithiúnacha laistigh agus lasmuigh den Aontas
Na príomhrudaí a baineadh amach
- Ó bunaíodh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) in 1999, tá difear suntasach déanta aici maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint ar an gcalaois agus ar neamhrialtachtaí. Trí imscrúduithe neamhspleácha a dhéanamh, cosnaíonn OLAF iomaíochas agus fás na hEorpa, sláinte agus sábháilteacht mhuintir na hEorpa agus an comhshaol. Cinntíonn sí go dtéann cistí an Aontais go dtí an áit cheart: feabhas a chur ar shaol na saoránach agus tacú le príomhearnálacha amhail talmhaíocht, oideachas, taighde agus nuálaíocht, an comhshaol agus tionscal.
- Chomh maith leis na himscrúduithe, tá beartais agus gníomhartha frithchalaoise leagtha síos ag an Aontas chun cur le héifeachtacht an chomhraic i gcoinne na calaoise. A bhuí lena saineolas, tacaíonn OLAF le hinstitiúidí an Aontais agus iad ag forbairt creat dlíthiúil fónta a chuireann cosaint níos fearr ar fáil do bhuiséad an Aontais agus d’airgead na gcáiníocóirí.
- Is féidir le tíortha an Aontais tacaíocht airgeadais a fháil chun an chalaois a chomhrac trí Chlár Frith-Chalaoise an Aontais, go háirithe tacaíocht theicniúil, tacaíocht oibríochtúil le haghaidh imscrúduithe, oiliúint speisialaithe agus gníomhaíochtaí taighde.
- Le huirlis ar líne, an Córas Fógartha Calaoise, is féidir leis na saoránaigh calaois a thuairisciú ar líne gan ainm in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais.
- In 2021 chuir Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) tús lena hoibríochtaí. Is í oifig ionchúisimh phoiblí neamhspleách an Aontais í, agus is í atá freagrach as coireanna in aghaidh leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú, a ionchúiseamh agus a thabhairt chun trialach.
Sa spotsolas
Ba ghníomhaíocht arna comhordú ag an Aontas í ‘Ó na coirceoga’ lenar díríodh ar iompórtálacha meala isteach san Aontas. Ba í Ard-Stiúrthóireacht an Choimisiúin Eorpaigh um Shláinte agus Sábháilteacht Bia a stiúir an ghníomhaíocht, in éineacht le húdaráis náisiúnta 18 dtír atá páirteach i Líonra an Aontais um Chalaois Bia, OLAF agus Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin Eorpaigh. D’oibrigh siad chun mil a bhrath a athraíodh go saorga trí shíoróipí siúcra saora a chur léi sular bhain sí margaí an Aontais amach. Thacaigh OLAF leis an oibríocht trí chuidiú leis na himscrúduithe agus seiceálacha ar an láthair a dhéanamh.
Fuarthas amach go raibh baint ag 133 ghnólacht (70 iompórtálaí agus 63 easpórtálaí) le coinsíneachtaí meala a bhí faoi dhrochamhras truaillmheasctha.
Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 1 Lúnasa 2025