Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Cuairt a thabhairt ar an gCoimisiún Eorpach

Féach leat an Coimisiún Eorpach sa Bhruiséil. Glac páirt i dtaispeántas idirghníomhach – Experience Europe – nó i seisiún eolais ag Ionad na gCuairteoirí chun a fháil amach conas a oibríonn an Coimisiún agus cé na príomhbheartais agus na príomhthosaíochtaí atá aige. Tá saorchead isteach ann. 

  • People using augmented reality devices at the Experience Europe exhibition
    Experience Europe
    Taispeántas idirghníomhach
    • Is féidir le daoine aonair, teaghlaigh agus grúpaí siúl isteach
    • Gníomhaíochtaí oideachais
    • Tá sé ar oscailt 7 lá na seachtaine
    • Moltar áirithint a dhéanamh do ghrúpaí a bhfuil níos mó ná 10 nduine ann   

    Tuilleadh eolais faoi Experience Europe

  • People sitting listening to a presentation at the Visitors Centre in Brussels
    Ionad na gCuairteoirí
    Seisiúin eolais
    • Ar fáil do ghrúpaí ina bhfuil níos mó ná 15 dhuine
    • Is féidir bualadh le hoifigigh de chuid an Aontais agus a fháil amach faoina gcuid oibre ó lá go lá
    • Ar oscailt i rith na seachtaine
    • Ní mór áirithint a dhéanamh

    Tuilleadh eolais faoi Ionad na gCuairteoirí

     


Lá na hEorpa

  • Gach bliain déanann an Coimisiún Lá na hEorpa a cheiliúradh trína dhoirse a oscailt don phobal. Ag a cheanncheathrú, foirgneamh Berlaymont sa Bhruiséil, cuireann sé fáilte roimh na mílte duine a fhaigheann an deis bualadh leis an bhfoireann, eolas a fháil faoin gcaoi a n-oibríonn an Coimisiún, agus páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí, taispeántais agus plé faoin Aontas Eorpach. 

    Foghlaim faoi bhunús Lá na hEorpa, rud a dhéantar a chomóradh an 9 Bealtaine gach bliain, agus faoin gcaoi a ndearna an Coimisiún ceiliúradh air in 2026.

    Lá na hEorpa ag an gCoimisiún

An bhfuil tú ar bís chun cuairt a thabhairt orainn? Déan do chuid eolais a thástáil le quiz faoin gCoimisiún Eorpach.