Tá an t-eolas seo ar fáil sna teangacha seo a leanas chomh maith: Úcráinis | українська | Rúisis | русский
An 24 Feabhra 2022 chuir an Rúis tús le cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine, agus leis sin, thug sé dúshlán do mhianta mhuintir na hÚcráine todhchaí níos fearr a bhaint amach, agus teacht níos gaire don Aontas. Ionsaí a bhí ann, ní i gcoinne na hÚcráine amháin, ach i gcoinne na saoirse, an fhéinchinntiúcháin agus an daonlathais.
Ó thús an chogaidh, sheas an tAontas an fód ar son na hÚcráine le tiomantas daingean. Chuireamar tacaíocht pholaitiúil, airgeadais, mhíleata agus dhaonnúil nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo ar fáil don tír agus chuireamar fáilte roimh na milliúin Úcránach a raibh tearmann á lorg acu sna Ballstáit.
Leanfaidh an tAontas de chúnamh a chur ar fáil don Úcráin agus de smachtbhannaí a chur ar an Rúis agus orthu siúd atá comhpháirteach sa chogadh.
Gníomhaíochtaí an Aontais

Eolas faoi thacaíocht pholaitiúil dhaonnúil agus airgeadais an Aontais don Úcráin

Tacú leis an Úcráin agus lena hiarrachtaí lánpháirtiú a thuilleadh leis an Aontas

An chaoi a bhfuil an tAontas ag tacú le hiarrachtaí téarnaimh na tíre

Forléargas ar smachtbhannaí an Aontais lena ndírítear ar earnálacha, eintitis agus gníomhaithe comhpháirteacha

Cinnte a dhéanamh de go ngearrtar pionós ar an Rúis as a coireanna cogaidh agus go n-íocann sí as an damáiste a rinneadh

An chaoi a bhfuil an tAontas ag tacú leis na Ballstáit freastal ar riachtanais na ndaoine atá ag teitheadh ón Úcráin
Sa spotsolas
30 Meitheamh 2026 - Tá tús curtha ag an gCoimisiún le €3.9 billiún a eisíoc chun tacú le dróin a sholáthar don Úcráin faoin Iasacht Tacaíochta don Úcráin dar luach €90 billiún.
Is é seo an chéad tráthchuid de thráinse de thart ar €6 bhilliún le haghaidh dróin a dhéantar san Úcráin. Príomhchumas don Úcráin is ea dróin de réir mar a leanann sí dá cosaint féin ar chogadh foghach na Rúise, agus cuideoidh an maoiniú sin lena chinntiú go seachadfar trealamh criticiúil go tapa.
Déanfar tuilleadh eisíocaíochtaí faoin tráinse sin ina dhiaidh sin, agus leathnófar tacaíocht amach anseo freisin chuig armlón, diúracáin agus córais aerchosanta.

Amlíne
- 14 Iúil 2026
Chuir an tAontas Eorpach agus an Úcráin tús le cnuasach caibidlíochta aontachais maidir leis an gcaidreamh seachtrach
- 25 Meitheamh 2026
D’eisíoc an Coimisiún €3.2 billiún sa chéad tráthchuid den iasacht tacaíochta €90 billiún don Úcráin
- 15 Meitheamh 2026
Chuir an tAontas agus an Úcráin tús leis an gcéad chnuasach caibidlíochta aontachais maidir le bunphrionsabail
- 8 Meitheamh 2026
D’eisíoc an Coimisiún beagnach €2.8 billiún leis an Úcráin sa seachtú híocaíocht rialta faoin tSaoráid don Úcráin
- 15 Bealtaine 2026
Chuaigh an tAontas isteach go foirmiúil sa Bhinse Speisialta maidir le Coir an Fhogha faoin Úcráin agus dhaingnigh sé an Coinbhinsiún lenar bunaíodh an Coimisiún Éileamh Idirnáisiúnta
- 18 Nollaig 2024
An dara híocaíocht rialta eisíoctha ag an gCoimisiún faoin tSaoráid don Úcráin
Imeachtaí
The JRC, in cooperation with Łukasiewicz Research Network, is organising its official side event in the framework of the Ukraine Recovery Conference (UCR).
I anledning af Europadagen den 9. maj afholder vi i samarbejde med Ukraine House et arrangement, der undersøger befrielse som en ulige og ofte omstridt oplevelse.
Doiciméid
Bileoga eolais maidir le dlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh leis an Úcráin
Foilseacháin ina bhfuil eolas faoi ghníomhaíochtaí an Aontais mar fhreagairt ar ionradh na Rúise ar an Úcráin
Key documents: EU solidarity with Ukraine
Doiciméid oifigiúla de chuid an Choimisiúin maidir leis an dóigh a bhfuil an tAontas ag tacú leis an Úcráin
Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 14 Iúil 2026




