Séanadh
Tá an suíomh gréasáin seo á chur ar fáil ag an gCoimisiún Eorpach le go mbeidh teacht níos éasca ag an bpobal ar eolas a bhaineann le tionscnaimh an Choimisiúin agus le beartais an Aontais Eorpaigh i gcoitinne. Is é an cuspóir atá againn an t-eolas sin a choinneáil cothrom le dáta agus cruinn. Má tharraingítear ár n‑aird ar earráidí, déanfaimid iarracht iad a cheartú. Ní ghlacann an Coimisiún aon fhreagracht ná dliteanas i leith an eolais atá ar an suíomh gréasáin seo, áfach.
Maidir leis an eolas a thugtar:
- is de chineál ginearálta amháin é nach bhfuil dírithe ar dhálaí sonracha aon duine ar leith ná aon eagraíocht ar leith
- ní gá go mbeadh sé cuimsitheach, iomlán, cruinn ná cothrom le dáta
- bíonn sé nasctha uaireanta le suíomhanna seachtracha nach dtagann faoi chúram sheirbhísí an Choimisiúin agus nach nglacann an Coimisiún freagracht ar bith ina leith
- Ní comhairle ghairmiúil ná dhlíthiúil atá san eolas (má theastaíonn comhairle shonrach, ba cheart dul i gcomhairle le duine gairmiúil a bhfuil na cáilíochtaí cuí aige).
Ba chóir a thabhairt faoi deara freisin nach féidir a ráthú gur cóip chruinn de dhoiciméad a glacadh go hoifigiúil aon doiciméad atá ar fáil ar líne. Is í Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (an leagan clóite, nó ón 1 Iúil 2013 an leagan leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex) amháin atá barántúil agus a bhfuil éifeacht dhlíthiúil aici.
Tá sé mar chuspóir againn an méid a chuireann earráidí teicniúla isteach ar úsáideoirí a laghdú a mhéid is féidir. Tá seans ann, mar sin féin, gur cruthaíodh nó gur leagadh amach roinnt de na sonraí nó den eolas ar ár suíomh i gcomhaid nó i bhformáidí nach bhfuil saor ó earráidí agus ní féidir linn a ráthú nach gcuirfeadh fadhbanna den sórt sin isteach ar an tseirbhís ná nach n-imreodh siad tionchar uirthi. Ní ghlacann an Coimisiún aon fhreagracht as fadhbanna den sórt sin a tháinig as úsáid an tsuímh seo nó aon suíomhanna seachtracha atá nasctha leis.
Níl sé beartaithe go gcuirfidh an séanadh sin teorainn le dliteanas an Choimisiúin i gcás ina sáraítear ceann ar bith de na ceanglais atá leagtha síos sa dlí náisiúnta is infheidhme ná go n-eisiafaidh sé a dhliteanas i gcás cúrsaí nach féidir a eisiamh faoin dlí sin.
Úsáid na hintleachta saorga chun ábhar a chruthú
D’fhéadfadh téacs nó ábhar closamhairc a cruthaíodh i bpáirt le cúnamh ó uirlisí intleachta saorga a bheith ar shuíomhanna gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh ar an bhfearann europa.eu.
Agus ábhar á tháirgeadh againn le haghaidh shuíomhanna gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh, bíonn sreafaí oibre eagarthóireachta iomchuí i bhfeidhm i gcónaí lena mbaineann formhaoirseacht dhaonna agus déanaimid measúnú ar ábhar chun comhlíontacht agus cáilíocht na heagarthóireachta a mheas, i gcomhréir lenár mbeartas maidir le Teangacha ar ár suíomhanna gréasáin.
Séanadh maidir le naisc sheachtracha
Ar shuíomhanna gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh ar an bhfearann europa.eu, d’fhéadfadh sé go mbeadh ‘naisc sheachtracha’ ann chuig suíomhanna gréasáin atá ar fhearainn eile seachas europa.eu. D’fhéadfadh sé nach mbeadh na suíomhanna gréasáin sin faoi úinéireacht ná faoi mhaoiniú an Choimisiúin, nach mbeadh aon smacht ag seirbhísí an Choimisiúin orthu agus gur suíomhanna gréasáin iad nach nglacann an Coimisiún aon fhreagracht ina leith.
Nuair a roghnaíonn cuairteoirí ar shuíomhanna gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh nasc a leanúint chuig aon suíomh gréasáin seachtrach, fágann siad fearann oifigiúil an Choimisiúin Eorpaigh agus bíonn siad faoi réir bheartais fianán, phríobháideachais agus dhlíthiúla an tsuímh gréasáin sheachtraigh.
Suíomhanna gréasáin seachtracha atá nasctha le suíomhanna gréasáin an Choimisiúin ar an bhfearann europa.eu na ceanglas is infheidhme maidir le cosaint sonraí agus inrochtaineacht a chomhlíonadh, níl an méid sin faoi smacht an Choimisiúin Eorpaigh agus is ar an suíomh gréasáin seachtrach atá an fhreagracht fhollasach as.
Séanadh maidir le tacaíocht
Aon tagairt nasctha ó shuíomhanna gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh d'aon acmhainn sheachtrach, seirbhís ar líne nó suíomh gréasáin ar leith, is é is cuspóir di feabhas a chur ar an eolas atá le fáil ar shuíomhanna gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh agus cabhrú le cuairteoirí ar na suíomhanna gréasáin sin.
Ní chiallaíonn tagairtí nasctha den chineál sin go dtacaíonn an Coimisiún Eorpach leis an acmhainn sheachtrach, seirbhís ar líne nó suíomh gréasáin ar leith, ná go dtacaíonn sé leis an eolas atá sa tagairt nasctha, ná go dtacaíonn sé leis na heagraíochtaí ar leo na suíomhanna gréasáin seachtracha.
An beartas príobháideachais
Tá an tAontas Eorpach tiomanta do phríobháideachas an úsáideora a chosaint. Baineann an beartas príobháideachais le suíomhanna gréasáin an Aontais Eorpaigh a bhaineann leis an bhfearann europa.eu.
An fógra cóipchirt
© An tAontas Eorpach, 1995-2026
Cuirtear beartas athúsáide an Choimisiúin chun feidhme faoin gCinneadh ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2011 maidir le doiciméid an Choimisiúin a athúsáid.
Mura dtugtar a mhalairt le fios (e.g. le fógraí cóipchirt aonair), tá an t-ábhar ar leis an Aontas Eorpach é ar an suíomh gréasáin seo ceadúnaithe faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0). Ciallaíonn sé sin go gceadaítear athúsáid ar choinníoll go dtugtar creidiúint chuí agus go léirítear na hathruithe a dhéantar.
D'fhéadfadh sé go mbeadh ort cearta breise a fháil má thaispeántar daoine aonair ar féidir iad a aithint in ábhar ar leith nó má tá saothar tríú páirtí mar chuid de. Chun ábhar nach leis an Aontas Eorpach é a úsáid nó a atáirgeadh, d’fhéadfadh sé go mbeadh ort cead a lorg go díreach ó na sealbhóirí cirt. Bogearraí nó doiciméid atá cumhdaithe ag cearta maoine tionsclaíochta, amhail paitinní, trádmharcanna, dearaí cláraithe, lógónna agus ainmneacha, tá siad eisiata ó bheartas athúsáide an Choimisiúin agus níl siad ceadúnaithe duit.