Forléargas
Beidh todhchaí na hEorpa i ndomhan atá briste ag brath ar dhaonlathas láidir a bheith againn agus ar na luachanna a thugann na saoirsí agus na cearta ar mór ag Eorpaigh iad a chosaint. Ag tógáil ar a bhfuil bainte amach cheana féin, sa sainordú nua seo déanfaidh an tAontas níos mó chun an daonlathas agus a shaoránaigh a chosaint ar bhagairtí atá ag dul i méid ó ghníomhaithe inmheánacha agus eachtracha, agus an smacht reachta atá mar bhunús leis agus atá bunriachtanach don rathúnas, don iomaíochas agus do mhargadh aonair dea-fheidhmiúil á neartú ag an am céanna. An fhís atá againn de mhór-roinn atá aontaithe ag an daonlathas, ag an smacht reachta agus ag urraim do shaoirsí bunúsacha, agus a cuid saoránach i gcroílár na mór-roinne sin, is í sin a chuirfidh dlús i gcónaí lenár gcuid oibre.
An méid a cheapann muintir na hEorpa
Cuspóirí
Ní féidir talamh slán a dhéanamh dár ndaonlathas ná dár gcearta. Ní mór iad a chur chun cinn agus a chothú gach lá. Thairis sin, ní mór ról lárnach a bheith ag na saoránaigh sa phróiseas daonlathach. Ní mór iad a chur san áireamh i bhfeidhmiú na n-institiúidí a bhfuil muinín acu astu. Sin é an fáth a bhfuil gealltanas tugtha ag an Aontas an méid seo a leanas a dhéanamh:
- An daonlathas a chosaint agus seasamh leis
agus athléimneacht agus ullmhacht na sochaí a mhéadú
- An smacht reachta a neartú
ar mhaithe le sochaí chothrom dhea-fheidhmiúil
- Rannpháirtíocht saoránach a chur chun cinn
chun smaointe na saoránach a chur i gcroílár an phróisis ceaptha beartas
An chaoi a mbainfimid ár gcuspóirí amach
Sna blianta amach romhainn, oibreoimid ar na nithe seo a leanas:
Ár ndaonlathas a chosaint
Tá córais dhaonlathacha agus institiúidí daonlathacha na hEorpa faoi ionsaí. Chun ár ndaonlathas a chosaint, déanfaimid an méid seo a leanas:
- Sciath nua um Dhaonlathas Eorpach a mholadh chun cur i gcoinne ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis ar líne, trí bhréagaisnéis agus ionramháil faisnéise chomh maith le bagairtí hibrideacha a bhrath, a anailísiú agus a chomhrac go réamhghníomhach
- oibriú chun litearthacht dhigiteach agus litearthacht sna meáin a mhéadú ar mhaithe le hathléimneacht agus ullmhacht na sochaí a fheabhsú
- líonra Eorpach seiceálaithe fíricí a chruthú a bheidh ar fáil i ngach teanga oifigiúil den Aontas
- leanúint de dhlús a chur le forfheidhmiú digiteach, forfheidhmiú an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha agus an Ghnímh um an Intleacht Shaorga san áireamh, chun timpeallacht ardáin ar líne atá cothrom agus oscailte a chinntiú, chun cosc a chur ar scaipeadh faisnéise agus domhainbhrionnuithe agus chun dioscúrsa sibhialta agus próisis toghcháin a chosaint
- aghaidh a thabhairt ar bhagairtí atá ag teacht chun cinn ar shláine toghchán ar fud na hEorpa, trína chinntiú freisin go gcuirfear i bhfeidhm ceanglais trédhearcachta sa Ghníomh um an Intleacht Shaorga, sa Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha agus i dtrédhearcacht na rialála maidir le fógraíocht pholaitiúil agus tríd an gcur chuige atá againn maidir le hábhar a tháirgtear leis an intleacht shaorga a neartú

I saol an lae inniu, nuair a thugtar a ndúshlán i gcónaí d’athléimneacht ár ndaonlathas, ár sochaithe agus ár ngeilleagar, is iad ár luachanna a cheanglaíonn le chéile muid agus a dhéanann níos láidre muid. A bhuí leis an smacht reachta, bíonn rath ar ár tsochaí agus ár ngeilleagair, agus cinntíonn sé go gcosnaítear cearta bunúsacha, go dtéitear i ngleic leis an éilliú, agus go bhforfheidhmítear conarthaí. Sin é an fáth a ndéanfaimid an méid seo a leanas:
- an Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta a chomhdhlúthú agus a chinntiú go bhféachfar inti ar na saincheisteanna uile ar fud na hEorpa, trí ghné an Mhargaidh Aonair a chur leis an tuarascáil freisin
- leanúint d’fheabhas a chur ar an monatóireacht agus ar an tuairisciú a dhéanaimid maidir leis an smacht reachta, chomh maith le srianta agus ceartúcháin a neartú, go háirithe trí chur i bhfeidhm na moltaí a rianú
- infheistíocht a dhéanamh chun an smacht reachta a chaomhnú trí chistiú an Aontais le haghaidh bearta náisiúnta, mar shampla maidir leis an éilliú a chomhrac
- a chinntiú go mbeidh urraim don smacht reachta ina riachtanas do chistí an Aontais, trí nasc níos dlúithe a thógáil idir na moltaí sa Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta agus tacaíocht airgeadais
- a chinntiú go gcuirfear an córas ginearálta coinníollachta i bhfeidhm maidir le cistí uile an Aontais sa bhuiséad fadtéarmach a bheidh ann amach anseo
- tacú leis na meáin shaora ar fud an Aontais tríd an nGníomh Eorpach um Shaoirse na Meán a chur i bhfeidhm agus trí mhéadú a dhéanamh ar ár dtacaíocht do na meáin neamhspleácha agus d’iriseoirí neamhspleácha agus ar ár gcosaint dóibh

Chun rannpháirtíocht na saoránach a chomhtháthú i gceapadh beartas, déanfaimid an méid seo a leanas:
- réimsí beartais a roghnú go rialta ina mbeadh an luach is mó ag moltaí ó Phainéal Saoránach Eorpach ina dtaobh, agus obair leantach a dhéanamh maidir le moltaí na saoránach
- dlús a chur lenár rannpháirtíocht le heagraíochtaí na sochaí sibhialta a bhfuil saineolas agus ról tábhachtach acu maidir le saincheisteanna sochaíocha sonracha a chosaint agus cearta an duine a chaomhnú
- líonra níos mó ná 3,000 comhairleoir áitiúil a neartú chun tuiscint níos fearr a fháil ar an tionchar a bhíonn ag an Aontas ar an saol laethúil

An dul chun cinn go dtí seo
Déan monatóireacht ar dhul chun cinn tionscnamh nua, dlíthe atá beartaithe agus athruithe reachtacha faoin tosaíocht seo, lean iad, agus coinneáil cothrom le dáta leo
- 7 Bealtaine 2024
Tháinig an Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán i bhfeidhm
- 9 Aibreán 2024
D’fhormheas an tAontas rialacha nua maidir le trédhearcacht na fógraíochta polaitiúla i dtoghcháin a fheabhsú
- 12 Nollaig 2023
Cosaint an daonlathais: Mhol an Coimisiún go dtabharfaí tionchar eachtrach ceilte chun solais
- 16 Nollaig 2022
An chéad Phainéal Saoránach Eorpach mar chuid den obair leantach ar an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa
I lár an aonaigh
An 6 Nollaig 2024 thionóil an Coimisinéir um Ghnóthaí Inmheánacha agus Imirce, Magnus Brunner, an chéad Idirphlé leis an Óige den Choimisiúin nua in Perl na Gearmáine.
Reáchtáladh an Idirphlé leis an Óige le 30 déagóir idir 16 agus 18 mbliana d’aois. Phléigh na rannpháirtithe ról an Choimisiúin Eorpaigh agus cuid de chúramaí an Choimisinéara, cuir i gcás an tslándáil inmheánach, an imirce, agus todhchaí limistéar Schengen. Is deis iad na hIdirphléití leis an Óige chun daoine óga a spreagadh le páirt ghníomhach a ghlacadh sa saol daonlathach agus chun tuiscint níos fearr a fháil ar na roghanna atá taobh thiar de chinntí beartais chomh maith leis an tionchar a bhíonn acu.
Tá tuilleadh malartuithe le haos óg an Aontais fós le teacht, chun go mbeifear in ann cluas a thabhairt do dhaoine óga agus chun cuidiú le hobair an Choimisiúin a mhúnlú.
