Tá géarchéim fuinnimh nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo san Aontas de dheasca an fhogha mhíleata gan údar a thug an Rúis faoin Úcráin agus de dheasca soláthairtí gáis a bheith in úsáid mar arm ag an Rúis. Tá ardú mór tagtha ar phraghsanna fuinnimh agus tá cruatan ar mhuintir na hEorpa dá thoradh sin. Mar fhreagairt air sin, chuir an tAontas bearta éigeandála i bhfeidhm in 2022 chun na praghsanna fuinnimh a chobhsú agus chun rochtain ar sholáthar gáis a chinntiú le linn an gheimhridh. Ag amharc chun cinn, tá an Coimisiún ag díriú anois ar aghaidh a thabhairt ar chostais fuinnimh atá ard i gcónaí agus a bhfuil tionchar acu ar shaoránaigh agus ar ghnólachtaí an Aontais. Chuige sin, i mí Feabhra 2025 chuir an Coimisiún plean gníomhaíochta nua i láthair darb aidhm costais fuinnimh a laghdú, an t-aontas fuinnimh a thabhairt chun críche, infheistíochtaí a mhealladh agus feabhas a chur ar an ullmhacht i leith géarchéimeanna fuinnimh a d’fhéadfadh a bheith ann. REPowerEU I mí na Bealtaine 2022, chuir an Coimisiún plean REPowerEU i láthair chun laghdú tapa a dhéanamh ar spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise ón Rúis, tríd an aistriú glan a chur ar aghaidh agus trí dhul i gcomhar le chéile chun córas fuinnimh níos athléimní a bhaint amach le fíor-Aontas Fuinnimh.A bhuí le REPowerEU, chosnaíomar saoránaigh agus gnólachtaí an Aontais ar ghanntanais fuinnimh, thacaíomar leis an Úcráin trí chiste cogaidh na Rúise a lagú, chuireamar dlús leis an aistriú chuig fuinneamh glan agus chobhsaíomar praghsanna.Tá an méid seo a leanas déanta againn sa chéad dá bhliain ó seoladh é:Rinneamar laghdú 18% ar ár dtomhaltas gáisSháraíomar ár spleáchas ar bhreoslaí iontaise ón RúisChinntíomar rochtain ar fhuinneamh slán inacmhainneRinneamar níos mó leictreachais a tháirgeadh ón ngaoth agus ón ngrian ná ó ghás den chéad uair riamhMhéadaíomar go tapa suiteáil fuinnimh in-athnuaite Rinneamar ár soláthar gáis a dhíonadh ar an ngeimhreadh I mí an Mheithimh agus i mí Iúil 2022, mhol an Coimisiún rialacha nua chun a chinntiú go raibh soláthairtí leordhóthanacha gáis ag an Eoraip chun aon chur isteach tobann ón Rúis a sheasamh le linn an gheimhridh.Leis na rialacha nua maidir le stóráil gáis, ní mór do thíortha an Aontais saoráidí stórála a líonadh go 90% faoin 1 Samhain gach bliain. Ag tús gheimhreadh 2024-2025 bhí na stórais gháis 95% lán, agus baineadh an tairseach 90% amach cheana i mí Lúnasa 2024.Ina theannta sin, i mí Lúnasa 2022 tháinig tíortha an Aontais ar chomhaontú maidir le rialachán chun an t-éileamh ar ghás nádúrtha a laghdú 15% go deonach le haghaidh gheimhreadh 2022/2023, agus cuireadh síneadh leis sin ina dhiaidh sin chun geimhreadh 2023/2024 a chumhdach. I mí an Mhárta 2024, ghlac an Chomhairle moladh go leanfaí de bhearta deonacha a dhéanamh go dtí mí an Mhárta 2025 chun laghdú comhchoiteann 15% ar an éileamh ar ghás a choinneáil, i gcomparáid leis an meánéileamh idir mí Aibreáin 2017 agus mí an Mhárta 2022.I mí Aibreáin 2022, sheol an Coimisiún Ardán an Aontais um Cheannach Fuinnimh freisin, chun cuidiú le tíortha an Aontais oibriú le chéile ar mhargaí domhanda. Is é an sprioc atá ann iomaíocht idir tíortha an Aontais a sheachaint, tionchar an Aontais a úsáid chun foinsí éagsúla fuinnimh a dhaingniú, iomaíocht a spreagadh i measc mórsholáthróirí agus dálaí níos fearr a bhaint amach do thomhaltóirí. Saoráidí stórála gáisle líonadh roimh an ngeimhreadh gach bliain90%le líonadh faoin 1 Samhain gach bliain95%an sciar den líonadh gáis roimh gheimhreadh 2024-2025 Foinsí gáis a éagsúlú agus infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar Cuid lárnach de sholáthar slán inacmhainne fuinnimh a chinntiú is ea bealaí soláthair a éagsúlú. Le blianta beaga anuas, tá an tAontas ag obair le comhpháirtithe idirnáisiúnta chun soláthairtí a éagsúlú. Ó bhí 2022 ann, tá comhaontuithe bunaithe ag an gCoimisiún leis an Éigipt, le hIosrael agus leis an Asarbaiseáin chun gás nádúrtha a easpórtáil chun na hEorpa. Chomh maith leis sin, mhéadaigh an tAontas iompórtálacha Gáis Nádúrtha Leachtaithe (GNL) ó Mheiriceá Thuaidh, ón Astráil, ó Chatar agus ón Afraic Thoir agus trí phíblínte ón Iorua, ón Ríocht Aontaithe, ón Asarbaiseáin agus ón Afraic Thuaidh.Cinntíodh le hinfheistíochtaí i gcríochfoirt GNL agus in idirnascairí gáis gur féidir le gach tír den Aontas gás a fháil ó dhá fhoinse ar a laghad anois, agus is féidir sreafaí cúltreo a dhéanamh idir comharsana. Mar shampla, i mí na Bealtaine 2022 cuireadh tús le hoibríochtaí an idirnascaire gáis idir an Pholainn agus an Liotuáin, rud a threisigh roghnaíocht agus athléimneacht mhargadh gáis Mhuir Bhailt. Ar an gcaoi chéanna, i mí Dheireadh Fómhair 2022 seoladh an t-idirnascaire gáis idir an Ghréig agus an Bhulgáir, agus ról lárnach aige maidir le soláthairtí gáis a éagsúlú in oirdheisceart na hEorpa. Fuinneamh in-athnuaite a chur in úsáid Chomh maith le foinsí a fháil thar lear, ní mór dúinn fuinnimh de thionscnamh an Aontais a úsáid a oiread is féidir. Tá an tAontas ar thús cadhnaíochta ar fud an domhain cheana féin maidir le forbairt teicneolaíochta le haghaidh fuinneamh in-athnuaite. In 2023, ba é 24.5% sciar na bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite i dtomhaltas fuinnimh an Aontais. Leis an Treoir athbhreithnithe maidir le Fuinneamh In-athnuaite i mí na Samhna 2023, tháinig tíortha an Aontais ar chomhaontú maidir le sprioc fhoriomlán 42.5% ar a laghad maidir le fuinneamh in-athnuaite ar leibhéal an Aontais faoi 2030, agus é d’aidhm acu 45% ar a laghad a bhaint amach.Chun dlús a chur le húsáid fuinnimh in-athnuaite, chomhaontaigh tíortha an Aontais i mí na Nollag 2022 ar rialacha sealadacha lena gceadaítear próisis chuíchóirithe seachadta ceadanna. Fuinneamh in-athnuaitesan Aontas24.5%sciar na bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite i dtomhaltas fuinnimh an Aontais in 202342.5%an sprioc fhoriomlán maidir le fuinneamh in-athnuaite ar leibhéal an Aontais faoi 2030 (darb aidhm 45% ar a laghad a bhaint amach) Billí a laghdú do theaghlaigh agus do ghnólachtaí na hEorpa Mar fhreagairt ar an Rúis fuinneamh a úsáid mar a bheadh arm ann, tháinig tíortha an Aontais ar chomhaontú i mí Dheireadh Fómhair 2022 maidir le hidirghabháil éigeandála chun billí fuinnimh a laghdú do theaghlaigh agus do ghnólachtaí Eorpacha. Bhí bearta eisceachtúla san áireamh:an t-éileamh ar leictreachas a laghdú (10% ar an iomlán, agus laghdú éigeantach 5% le linn buaicuaireanta)uasteorainn a chur le hioncam (€180 in aghaidh MWh) ó tháirgeoirí fuinnimh ísealchostais (fuinneamh núicléach, lignít, foinsí in-athnuaite) agus an barrachas a athdháileadh ar chustaiméiríranníocaíocht shealadach dlúthpháirtíochta a thabhairt isteach maidir le brabúis iomarcacha in earnálacha na hola, an gháis, an ghuail agus na scaglainne, lena n-atreorófar cistí chuig tomhaltóirí fuinnimh.Chuaigh na bearta éigeandála in éag in 2023. I mí Feabhra 2023, tháinig tíortha an Aontais ar chomhaontú freisin maidir le Sásra Ceartúcháin Margaidh chun go seachnófar cur isteach ar an margadh fuinnimh agus airgeadais. I gcás inar gá, dhéanfaí é a ghníomhachtú go huathoibríoch:más mó ná €180/MWh praghas na Saoráide Aistrithe Teideal (TTF) mí roimh ré ar feadh 3 lá oibre agus, má bhí an praghas TTF €35 ní b’airde ná praghas tagartha le haghaidh gás nádúrtha leachtaithe (GNL) ar mhargaí domhanda ar feadh na 3 lá oibre céanna.Bhí an sásra i bhfeidhm go dtí mí Eanáir 2025 agus níor ghá é a ghníomhachtú riamh, a bhuí le tosca amhail laghdú ar éileamh struchtúrach, iompórtálacha GNL agus píblíne arbh fhéidir brath orthu ó chomhpháirtithe iontaofa, agus bonneagar iompórtála feabhsaithe. Plean gníomhaíochta um fhuinneamh inacmhainne Mar sin féin, tá praghsanna fuinnimh san Aontas fós ard ó thaobh struchtúir de, rud a dhéanann dochar do shaoránaigh an Aontais agus d’iomaíochas thionscal an Aontais. Dá bhrí sin, mhol an Coimisiún an plean gníomhaíochta um fhuinneamh inacmhainne i mí Feabhra 2025, ina leagtar amach bearta praiticiúla gearrthéarmacha chun costais fuinnimh a laghdú do shaoránaigh, do ghnólachtaí, don tionscal agus do phobail ar fud an Aontais, chun an t-aontas fuinnimh a thabhairt chun críche, chun infheistíochtaí a mhealladh, agus chun bheith níos ullmhaithe i leith géarchéimeanna fuinnimh a d’fhéadfadh a bheith ann.Leis sin, beifear in ann coigilteas foriomlán measta €45 bhilliún a dhéanamh in 2025, le méadú forchéimnitheach suas le €130 billiún in aghaidh na bliana faoi 2030, agus €260 billiún in aghaidh na bliana faoi 2040.Coigilteas foriomlán measta €45 bhilliúnin 2025suas le €130 billiúnin aghaidh na bliana faoi 2030suas le €260 billiúnin aghaidh na bliana faoi 2040 Naisc ghaolmhara REPowerEUPraghsanna fuinnimh an Aontais You are EU
I mí na Bealtaine 2022, chuir an Coimisiún plean REPowerEU i láthair chun laghdú tapa a dhéanamh ar spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise ón Rúis, tríd an aistriú glan a chur ar aghaidh agus trí dhul i gcomhar le chéile chun córas fuinnimh níos athléimní a bhaint amach le fíor-Aontas Fuinnimh.A bhuí le REPowerEU, chosnaíomar saoránaigh agus gnólachtaí an Aontais ar ghanntanais fuinnimh, thacaíomar leis an Úcráin trí chiste cogaidh na Rúise a lagú, chuireamar dlús leis an aistriú chuig fuinneamh glan agus chobhsaíomar praghsanna.Tá an méid seo a leanas déanta againn sa chéad dá bhliain ó seoladh é:Rinneamar laghdú 18% ar ár dtomhaltas gáisSháraíomar ár spleáchas ar bhreoslaí iontaise ón RúisChinntíomar rochtain ar fhuinneamh slán inacmhainneRinneamar níos mó leictreachais a tháirgeadh ón ngaoth agus ón ngrian ná ó ghás den chéad uair riamhMhéadaíomar go tapa suiteáil fuinnimh in-athnuaite
Cuid lárnach de sholáthar slán inacmhainne fuinnimh a chinntiú is ea bealaí soláthair a éagsúlú. Le blianta beaga anuas, tá an tAontas ag obair le comhpháirtithe idirnáisiúnta chun soláthairtí a éagsúlú. Ó bhí 2022 ann, tá comhaontuithe bunaithe ag an gCoimisiún leis an Éigipt, le hIosrael agus leis an Asarbaiseáin chun gás nádúrtha a easpórtáil chun na hEorpa. Chomh maith leis sin, mhéadaigh an tAontas iompórtálacha Gáis Nádúrtha Leachtaithe (GNL) ó Mheiriceá Thuaidh, ón Astráil, ó Chatar agus ón Afraic Thoir agus trí phíblínte ón Iorua, ón Ríocht Aontaithe, ón Asarbaiseáin agus ón Afraic Thuaidh.Cinntíodh le hinfheistíochtaí i gcríochfoirt GNL agus in idirnascairí gáis gur féidir le gach tír den Aontas gás a fháil ó dhá fhoinse ar a laghad anois, agus is féidir sreafaí cúltreo a dhéanamh idir comharsana. Mar shampla, i mí na Bealtaine 2022 cuireadh tús le hoibríochtaí an idirnascaire gáis idir an Pholainn agus an Liotuáin, rud a threisigh roghnaíocht agus athléimneacht mhargadh gáis Mhuir Bhailt. Ar an gcaoi chéanna, i mí Dheireadh Fómhair 2022 seoladh an t-idirnascaire gáis idir an Ghréig agus an Bhulgáir, agus ról lárnach aige maidir le soláthairtí gáis a éagsúlú in oirdheisceart na hEorpa.
Mar fhreagairt ar an Rúis fuinneamh a úsáid mar a bheadh arm ann, tháinig tíortha an Aontais ar chomhaontú i mí Dheireadh Fómhair 2022 maidir le hidirghabháil éigeandála chun billí fuinnimh a laghdú do theaghlaigh agus do ghnólachtaí Eorpacha. Bhí bearta eisceachtúla san áireamh:an t-éileamh ar leictreachas a laghdú (10% ar an iomlán, agus laghdú éigeantach 5% le linn buaicuaireanta)uasteorainn a chur le hioncam (€180 in aghaidh MWh) ó tháirgeoirí fuinnimh ísealchostais (fuinneamh núicléach, lignít, foinsí in-athnuaite) agus an barrachas a athdháileadh ar chustaiméiríranníocaíocht shealadach dlúthpháirtíochta a thabhairt isteach maidir le brabúis iomarcacha in earnálacha na hola, an gháis, an ghuail agus na scaglainne, lena n-atreorófar cistí chuig tomhaltóirí fuinnimh.Chuaigh na bearta éigeandála in éag in 2023.