An méid a dhéanann an tAontas Eorpach Meastar gur ‘ábhar leasa choitinn’ é an beartas eacnamaíoch faoi dhlí an Aontais. Tá creat rialachais eacnamaíoch bunaithe ag an Aontas chun monatóireacht agus ceartú a dhéanamh ar threochtaí achrannacha eacnamaíocha san Aontas, sin agus iad a chosc. D’fhéadfadh na treochtaí sin tionchar diúltach a imirt ar gheilleagair náisiúnta, ar an limistéar euro, nó ar gheilleagar an Aontais trí chéile. Laistigh den chreat sin, eisíonn an tAontas treoraíocht agus comhordú maidir le beartais fhioscacha na mBallstát. Is iondúil go n-úsáideann rialtais beartas fioscach – nó beartais chaiteachais agus chánach – chun dálaí agus fás maicreacnamaíocha atá láidir iomaíoch inbhuanaithe a chur chun cinn agus chun an bhochtaineacht a laghdú.Tá Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis an Aontais mar bhonn agus mar thaca ag treoraíocht fhioscach an Aontais. Leis an gComhshocrú, cuirtear sraith rialacha ar fáil lena gcinntítear go saothróidh tíortha san Aontas airgeadas poiblí fónta agus go gcomhordóidh siad a mbeartais fhioscacha.Leis an gcuid choisctheach den Chomhshocrú, leagtar síos paraiméadair do phleanáil fhioscach agus do bheartais fhioscacha thíortha an Aontais le linn gnáth-thréimhsí eacnamaíocha.Leis an gcuid cheartaitheach de, cinntítear go nglacann tíortha an Aontais freagairtí beartais iomchuí chun easnaimh iomarcacha agus/nó fiacha iomarcacha a cheartú trí mholtaí a eascraíonn as an Nós Imeachta um Easnamh Iomarcach a chur i bhfeidhm. Mar bhunchloch den rialachas eacnamaíoch athchóirithe, rud atá i bhfeidhm ó mhí Aibreáin 2024, cuireann tíortha an Aontais a bpleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha náisiúnta faoi bhráid an Aontais lena ngrinnscrúdú. Leagtar amach iontu conair fhioscach na tíre chomh maith le hinfheistíochtaí agus athchóirithe poiblí tosaíochta go ceann tréimhse 4 nó 5 bliana. Is é is aidhm do na beartais sin laghdú marthanach de réir a chéile ar fhiachas agus fás inbhuanaithe cuimsitheach a chinntiú chomh maith le hathchóirithe agus infheistíochtaí níos leithne a shainaithint, ina measc sin aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí coiteanna an Aontais. Forbraíonn tíortha an Aontais a gcreataí buiséadacha náisiúnta féin freisin, lena leagtar síos rialacha, rialacháin agus nósanna imeachta fioscacha a imríonn tionchar ar an gcaoi a ndéantar a mbeartas buiséadach a phleanáil, a fhormheas, a chur i gcrích, agus monatóireacht agus meastóireacht a dhéanamh orthu. Réimsí gníomhaíochtaAn Comhshocrú Cobhsaíochta agus FáisTuilleadh eolais faoin gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis, sraith rialacha atá ceaptha chun a chinntiú go saothróidh tíortha san Aontas airgeadas poiblí fónta agus go gcomhordóidh siad a mbeartais fhioscachaPleananna fioscacha struchtúracha meántéarmacha náisiúntaTuilleadh eolais faoi na pleananna fioscach-struchtúracha meántéarmacha náisiúnta lena dtugtar le chéile an beartas fioscach, na hathchóirithe struchtúracha agus na hinfheistíochtaí arna ndéanamh ag BallstátCreataí buiséadacha náisiúnta i mBallstáit an AontaisTuilleadh eolais faoi chreataí buiséadacha náisiúnta, ar gné thábhachtach é chun úinéireacht náisiúnta a mhéadú, ionchais a chobhsú, buiséadú tosaíochta a cheadú, agus aon chlaontacht easnaimh i gceapadh an bheartais fhioscaigh a shrianadh Na príomhrudaí atá bainte amach Sraith rialacha a bhunú faoin gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis lena gcinntítear go saothróidh tíortha san Aontas airgeadas poiblí fónta agus go gcomhordóidh siad a mbeartais fhioscacha.An Nós Imeachta um Easnamh Iomarcach a chur i bhfeidhm darb aidhm cabhrú le tíortha an Aontais easnaimh iomarcacha agus/nó fiacha iomarcacha a cheartú in am.Ceanglais dhlíthiúla cheannródaíocha de chuid an Aontais a thabhairt isteach amhail an Treoir maidir le Creataí Buiséadacha chun cuidiú le creataí fioscacha náisiúnta a threisiú, agus an rialachán maidir le Dréachtphleananna Buiséadacha (Dé-phaca) chun comhordú na mbeartas fioscach sa limistéar euro a chur chun cinn. Sa spotsolas An Bord Fioscach EorpachIs comhlacht comhairleach neamhspleách de chuid an Choimisiúin Eorpaigh é an Bord Fioscach Eorpach a bhfuil sé de chúram air meastóireacht thráthúil a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm chreat rialachais fhioscaigh an Aontais.Tá an méid seo a leanas ar phríomhfhreagrachtaí eile an Bhoird:comhairle a thabhairt maidir leis an seasamh fioscach ionchasach is iomchuí don limistéar euro, agus maidir leis na seasaimh fhioscacha náisiúnta iomchuí atá i gcomhréir leis laistigh de rialacha an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáisarna iarraidh sin don Choimisiún nó don Chomhairle Eorpach, comhairle a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáiscomhoibriú go dlúth le hinstitiúidí fioscacha neamhspleáchamoltaí a dhéanamh maidir le forbairt an chreata bhuiséadaigh amach anseo.Tuilleadh eolais An nuacht is déanaí 26 Márta 2025Commission unveils the White Paper for European Defence and the ReArm Europe Plan/Readiness 203026 Márta 2025Economic Sentiment and Employment Expectations picked up in the EU and the euro areaFéach na Imeachtaí 5 Eanáir 2026Research Conference: Understanding the impact of the Recovery and Resilience Facility5 Nollaig 2025Workshop: Adapting public finances to the emerging spending needsFéach na Eolas bainteachAn Ard-Stiúrthóireacht um Ghnóthaí Eacnamaíocha agus AirgeadaisDlíTairiscintíMaoiniú
Meastar gur ‘ábhar leasa choitinn’ é an beartas eacnamaíoch faoi dhlí an Aontais. Tá creat rialachais eacnamaíoch bunaithe ag an Aontas chun monatóireacht agus ceartú a dhéanamh ar threochtaí achrannacha eacnamaíocha san Aontas, sin agus iad a chosc. D’fhéadfadh na treochtaí sin tionchar diúltach a imirt ar gheilleagair náisiúnta, ar an limistéar euro, nó ar gheilleagar an Aontais trí chéile. Laistigh den chreat sin, eisíonn an tAontas treoraíocht agus comhordú maidir le beartais fhioscacha na mBallstát. Is iondúil go n-úsáideann rialtais beartas fioscach – nó beartais chaiteachais agus chánach – chun dálaí agus fás maicreacnamaíocha atá láidir iomaíoch inbhuanaithe a chur chun cinn agus chun an bhochtaineacht a laghdú.Tá Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis an Aontais mar bhonn agus mar thaca ag treoraíocht fhioscach an Aontais. Leis an gComhshocrú, cuirtear sraith rialacha ar fáil lena gcinntítear go saothróidh tíortha san Aontas airgeadas poiblí fónta agus go gcomhordóidh siad a mbeartais fhioscacha.Leis an gcuid choisctheach den Chomhshocrú, leagtar síos paraiméadair do phleanáil fhioscach agus do bheartais fhioscacha thíortha an Aontais le linn gnáth-thréimhsí eacnamaíocha.Leis an gcuid cheartaitheach de, cinntítear go nglacann tíortha an Aontais freagairtí beartais iomchuí chun easnaimh iomarcacha agus/nó fiacha iomarcacha a cheartú trí mholtaí a eascraíonn as an Nós Imeachta um Easnamh Iomarcach a chur i bhfeidhm.
An Comhshocrú Cobhsaíochta agus FáisTuilleadh eolais faoin gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis, sraith rialacha atá ceaptha chun a chinntiú go saothróidh tíortha san Aontas airgeadas poiblí fónta agus go gcomhordóidh siad a mbeartais fhioscacha
Pleananna fioscacha struchtúracha meántéarmacha náisiúntaTuilleadh eolais faoi na pleananna fioscach-struchtúracha meántéarmacha náisiúnta lena dtugtar le chéile an beartas fioscach, na hathchóirithe struchtúracha agus na hinfheistíochtaí arna ndéanamh ag Ballstát
Creataí buiséadacha náisiúnta i mBallstáit an AontaisTuilleadh eolais faoi chreataí buiséadacha náisiúnta, ar gné thábhachtach é chun úinéireacht náisiúnta a mhéadú, ionchais a chobhsú, buiséadú tosaíochta a cheadú, agus aon chlaontacht easnaimh i gceapadh an bheartais fhioscaigh a shrianadh
An Bord Fioscach EorpachIs comhlacht comhairleach neamhspleách de chuid an Choimisiúin Eorpaigh é an Bord Fioscach Eorpach a bhfuil sé de chúram air meastóireacht thráthúil a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm chreat rialachais fhioscaigh an Aontais.Tá an méid seo a leanas ar phríomhfhreagrachtaí eile an Bhoird:comhairle a thabhairt maidir leis an seasamh fioscach ionchasach is iomchuí don limistéar euro, agus maidir leis na seasaimh fhioscacha náisiúnta iomchuí atá i gcomhréir leis laistigh de rialacha an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáisarna iarraidh sin don Choimisiún nó don Chomhairle Eorpach, comhairle a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáiscomhoibriú go dlúth le hinstitiúidí fioscacha neamhspleáchamoltaí a dhéanamh maidir le forbairt an chreata bhuiséadaigh amach anseo.Tuilleadh eolais
26 Márta 2025Commission unveils the White Paper for European Defence and the ReArm Europe Plan/Readiness 2030