An méid a dhéanann an tAontas Eorpach Is príomhspreagadh é méadú an Aontais don tslándáil, don tsíocháin, don chobhsaíocht agus don rathúnas fadtéarmach san Eoraip. Cuireann sé chun cinn luachanna coiteanna, cuir i gcás an daonlathas, an smacht reatha agus urraim do chearta bunúsacha, agus fás eacnamaíoch á chothú an tráth céanna.Baineann an beartas um méadú le tíortha ar mian leo faoi láthair teacht isteach san Aontas agus le tíortha is iarrthóirí ionchasacha. Má tá tíortha ag iarraidh a bheith ina mBallstáit den Aontas Eorpach is spreagadh mór dóibh é sin chun athchóirithe eacnamaíocha agus daonlathacha a dhéanamh ina dtír féin roimh ré.Cuidíonn an Coimisiún le tíortha a dteastaíonn uathu teacht isteach san Aontas Eorpach na critéir is gá a chomhlíonadh, agus tacaíonn sé leo na hathchóirithe eacnamaíocha agus daonlathacha is gá a chur i bhfeidhm. Is iad seo a leanas príomhchuspóirí bheartas an Aontais um méadú:an tsíocháin agus an chobhsaíocht a chothú sna réigiúin sin atá gar do theorainneacha an Aontais Eorpaighcuidiú le mianach saoil daoine a fheabhsú trí chomhtháthú agus comhar a chur chun cinn ar bhonn trasteorannan rathúnas agus na deiseanna atá ann dóibh a mhéadú do ghnólachtaí Eorpacha agus do shaoránaigh Eorpachaathruithe sna tíortha sin ar mian leo teacht isteach san Aontas Eorpach a stiúrú, a chothú agus a fhaire ionas go mbeidh siad i gcomhréir le luachanna, dlíthe agus caighdeáin an Aontais Eorpaigh Tharla seacht mbabhta méadaithe, agus d’athraigh gach ceann díobh an tAontas Eorpach agus na tíortha a tháinig isteach ann ó bhonn. Tá 27 dtír san Aontas Eorpach inniu. Tá 10 dtír ann ar mian leo a bheith ina mBallstát, agus tá siad i mbun an phróisis aontachais faoi láthair. An chaoi a n-oibríonn méadú an Aontais EorpaighCé na tíortha ar féidir leo teacht isteach san Aontas Eorpach?Féadfaidh aon tír Eorpach iarratas ar bhallraíocht a dhéanamh má urramaíonn sí luacha daonlathacha an Aontais Eorpaigh agus má tá sí tiomanta iad a chur chun cinn. Ní féidir le tír teacht isteach san Aontas mura gcomhlíonann sí na critéir bhallraíochta uile.Cad iad na céimeanna i dtreo ballraíochta?Trí phríomhchéim atá sa phróiseas agus iad faoi réir fhormheas na mBallstát den Aontas Eorpach atá ann cheana féin.Le linn an phróisis aontachais, cuidíonn an Coimisiún le tíortha a dteastaíonn uathu teacht isteach san Aontas Eorpach na critéir is gá a chomhlíonadh, agus tacaíonn sé leo na hathchóirithe eacnamaíocha agus daonlathacha is gá a chur i bhfeidhm. Na torthaí a bheidh ar na hathchóirithe sin, ní foláir iad a bheith daingean inbhuanaithe do-athraithe.Nuair a chríochnaítear an chaibidlíocht agus na hathchóirithe a ghabhann léi chun sástachta an dá thaobh, féadfaidh an tír teacht isteach san Aontas Eorpach – is é sin, má aontaíonn Ballstáit uile an Aontais leis sin. Réimsí gníomhaíochtaAn smacht reachtaNa hoibleagáidí nach mór do thíortha a chomhlíonadh sula dtéann siad isteach san Aontas, agus an chaoi a dtacaíonn an tAontas le tíortha aontachais chun sochaí a bhunú atá bunaithe ar an smacht reachtaAn tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus saoirse na meánAn chaoi a dtacaíonn an tAontas leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus le saoirse agus sláine na meán i dtíortha aontachaisAn tsochaí shibhialtaAn méid a dhéanann an tAontas chun tacú le rannpháirtíocht na saoránach sa saol sóisialta agus polaitiúil i dtíortha aontachaisComhar réigiúnachAn chaoi a gcuireann an tAontas comhar chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chomhroinnte i réigiún na mBalcán ThiarCómhargadh RéigiúnachTá cómhargadh á fhobairt ag na Balcáin Thiar chun an réigiún a chomhtháthú níos fearr le Margadh Aonair an Aontais roimh aontachasRialachas eacnamaíochNa critéir eacnamaíocha nach mór do thíortha a chomhlíonadh sula dtéann isteach san Aontas, agus an chaoi a dtacaíonn an tAontas le tíortha na hathchóirithe eacnamaíocha is gá a dhéanamhAn Ionstraim um Chúnamh RéamhaontachaisCuireann an tAontas cúnamh airgeadais agus teicniúil ar fáil chun tacú le hathchóirithe i réigiún an mhéadaithe Na príomhnithe a baineadh amach A bhuí leis an méadú, méadaíodh ar an rathúnas, feabhsaíodh caighdeáin mhaireachtála, agus atreisíodh an daonlathas agus an tslándáil san Aontas agus i dtíortha atá rannpháirteach sa phróiseas aontachais.Chuidigh rannpháirtíocht an Aontais sna Balcáin Thiar chun coinbhleacht a réiteach, chun comhar agus comhréiteach a chur chun cinn, agus chun tacú leis an réigiún agus na hathchóirithe daonlathacha agus eacnamaíocha á ndéanamh aige.Tá an tAontas Eorpach anois ar an margadh aonair is mó ar domhan anois, rud a fhágann gur comhpháirtí trádála níos tarraingtí fós é. Ó bhí 2004 ann, leathnaigh luach na trádála idirnáisiúnta atá ar siúl againn ar fud an domhain go €5 thrilliún, mar a bhí in 2023.Tá fás 27% tagtha ar gheilleagar an Aontais ón méadú in 2004, nuair a tháinig 10 dtír chun bheith ina mBallstáit.Tógadh bonneagair agus naisc nua-aimseartha ar scála ilchríochach ar fud na 27 mBallstát, a bhuí le hinfheistíochtaí agus cistí ón Aontas.Bhain sochaí na hEorpa tairbhe as tuilleadh nuálaíochtaí, infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha, saorghluaiseacht earraí, seirbhísí, caipitil agus daoine, caighdeáin níos airde agus deiseanna níos fearr. Sa spotsolas 40 bliain de bhallraíocht san Aontas Eorpach don Phortaingéil agus don SpáinnAn 1 Eanáir 1986 tháinig an Phortaingéil agus an Spáinn isteach san Aontas Eorpach, rud a chuidigh leis fás go 12 thír agus a chuir le pobal polaitiúil, eacnamaíoch agus cultúrtha níos bríomhaire. Chuidigh a mballraíocht chun na milliúin post nua a chruthú, geilleagair agus bonneagair a nuachóiriú, agus naisc trádála a dhoimhniú. A bhuí lena mballraíocht, treisíodh an daonlathas, rinneadh dul chun cinn sóisialta, agus neartaíodh naisc idir saoránaigh trí shoghluaisteacht agus taisteal mac léinn. Tá an tAontas, an Phortaingéil, agus an Spáinn tar éis éirí níos láidre i gcomhar a chéile.Tuilleadh eolais An nuacht is déanaí News article25 Márta 2026Ukraine Donor Platform holds 16th Steering Committee – Kyiv, UkraineAm léitheoireachta: 5 nóiméadNews article25 Márta 2026Commissioner Kos visits Montenegro to show support for the country's EU accession pathAm léitheoireachta: 2 nóiméadFéach na Eolas bainteachAn Ard-Stiúrthóireacht um Méadú agus Comharsanacht an OirthirAn dlíMéadú an Aontais Eorpaigh i mbeagán focal Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 1 Eanáir 2026
Is príomhspreagadh é méadú an Aontais don tslándáil, don tsíocháin, don chobhsaíocht agus don rathúnas fadtéarmach san Eoraip. Cuireann sé chun cinn luachanna coiteanna, cuir i gcás an daonlathas, an smacht reatha agus urraim do chearta bunúsacha, agus fás eacnamaíoch á chothú an tráth céanna.Baineann an beartas um méadú le tíortha ar mian leo faoi láthair teacht isteach san Aontas agus le tíortha is iarrthóirí ionchasacha. Má tá tíortha ag iarraidh a bheith ina mBallstáit den Aontas Eorpach is spreagadh mór dóibh é sin chun athchóirithe eacnamaíocha agus daonlathacha a dhéanamh ina dtír féin roimh ré.Cuidíonn an Coimisiún le tíortha a dteastaíonn uathu teacht isteach san Aontas Eorpach na critéir is gá a chomhlíonadh, agus tacaíonn sé leo na hathchóirithe eacnamaíocha agus daonlathacha is gá a chur i bhfeidhm.
An smacht reachtaNa hoibleagáidí nach mór do thíortha a chomhlíonadh sula dtéann siad isteach san Aontas, agus an chaoi a dtacaíonn an tAontas le tíortha aontachais chun sochaí a bhunú atá bunaithe ar an smacht reachta
An tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus saoirse na meánAn chaoi a dtacaíonn an tAontas leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus le saoirse agus sláine na meán i dtíortha aontachais
An tsochaí shibhialtaAn méid a dhéanann an tAontas chun tacú le rannpháirtíocht na saoránach sa saol sóisialta agus polaitiúil i dtíortha aontachais
Comhar réigiúnachAn chaoi a gcuireann an tAontas comhar chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chomhroinnte i réigiún na mBalcán Thiar
Cómhargadh RéigiúnachTá cómhargadh á fhobairt ag na Balcáin Thiar chun an réigiún a chomhtháthú níos fearr le Margadh Aonair an Aontais roimh aontachas
Rialachas eacnamaíochNa critéir eacnamaíocha nach mór do thíortha a chomhlíonadh sula dtéann isteach san Aontas, agus an chaoi a dtacaíonn an tAontas le tíortha na hathchóirithe eacnamaíocha is gá a dhéanamh
An Ionstraim um Chúnamh RéamhaontachaisCuireann an tAontas cúnamh airgeadais agus teicniúil ar fáil chun tacú le hathchóirithe i réigiún an mhéadaithe
40 bliain de bhallraíocht san Aontas Eorpach don Phortaingéil agus don SpáinnAn 1 Eanáir 1986 tháinig an Phortaingéil agus an Spáinn isteach san Aontas Eorpach, rud a chuidigh leis fás go 12 thír agus a chuir le pobal polaitiúil, eacnamaíoch agus cultúrtha níos bríomhaire. Chuidigh a mballraíocht chun na milliúin post nua a chruthú, geilleagair agus bonneagair a nuachóiriú, agus naisc trádála a dhoimhniú. A bhuí lena mballraíocht, treisíodh an daonlathas, rinneadh dul chun cinn sóisialta, agus neartaíodh naisc idir saoránaigh trí shoghluaisteacht agus taisteal mac léinn. Tá an tAontas, an Phortaingéil, agus an Spáinn tar éis éirí níos láidre i gcomhar a chéile.Tuilleadh eolais
News article25 Márta 2026Ukraine Donor Platform holds 16th Steering Committee – Kyiv, UkraineAm léitheoireachta: 5 nóiméad
News article25 Márta 2026Commissioner Kos visits Montenegro to show support for the country's EU accession pathAm léitheoireachta: 2 nóiméad