Tabhair cuairt ar thaispeántas Experience Europe atá suite i gcroílár an cheantair Eorpaigh sa Bhruiséil. Faigh eolas faoin mbealach a n-oibríonn an Coimisiún Eorpach, faoi thionscadail de chuid an Aontais agus buail le hUachtarán an Choimisiúin ‘go fíorúil’. Tá cluichí agus gníomhaíochtaí spraíúla do gach aois le fáil ann freisin.
Is féidir leat bualadh isteach chugainn 7 lá na seachtaine agus tá an chuid is mó den ábhar le fáil i 24 theanga oifigiúla an Aontais.
Ní gá áit a chur in áirithe. Buail isteach chugainn agus bain taitneamh as an taispeántas.

Conas cuairt a thabhairt orainn
An bhfuil tú ag teacht ar cuairt leat féin?
Siúil isteach am ar bith – ní gá duit áirithint a dhéanamh
An bhfuil tú ag teacht le grúpa?
Iarrtar ar ghrúpaí de dheichniúr nó níos mó clárú roimh ré chun an t-eispéireas is fearr a chinntiú do chuairteoirí.
An bhfuil gníomhaíocht idirghníomhach á lorg agat?
Is féidir le grúpaí daoine óga, cuir i gcás ranganna scoile, páirt a ghlacadh freisin i ngníomhaíocht 45 nóiméad darb ainm ‘Let’s Talk Europe’. Ceardlann díospóireachta dhinimiciúil is ea é atá dírithe ar mhic léinn 15 bliana d’aois agus níos sine. Leis an gceardlann, cuirtear smaointeoireacht chriticiúil, piarfhoghlaim agus rannpháirtíocht shibhialta chun cinn, agus mar chuid di déanann na rannpháirtithe plé ar thosaíochtaí reatha an Aontais, sin agus faigheann siad léargais ar obair laethúil an Choimisiúin Eorpaigh chun tuiscint níos doimhne a fhorbairt ar phróisis chinnteoireachta an Aontais.
Tá ‘Let’s Talk Europe’ le fáil i nGearmáinis, i mBéarla, i bhFraincis, in Ollainnis, i Spáinnis, in Iodáilis agus i bPolainnis.


Let’s talk EuropeLet’s talk Europe 

Cluiche rásaíochta drón Cluiche rásaíochta drón 

Taobh istigh d’institiúidí an Aontais Eorpaigh Taobh istigh d’institiúidí an Aontais Eorpaigh 

Cuir aithne ar an EoraipCuir aithne ar an Eoraip 

An dóigh leat go bhfuil cur amach agat ar an Aontas Eorpach?An dóigh leat go bhfuil cur amach agat ar an Aontas Eorpach? 

Féach leat obair an Choimisiúin EorpaighFéach leat obair an Choimisiúin Eorpaigh 

Grianghraf grúpa Grianghraf grúpa
