Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

An Intleacht Shaorga

An méid a dhéanann an tAontas Eorpach

Fíricí agus figiúirí

€200 billiún
chun borradh a chur faoi fhorbairt IS san Eoraip
€20 billiún
chun suas le cúig ghigeamhonarcha IS a mhaoiniú
19 monarcha IS
a thacóidh le gnólachtaí nuathionscanta, leis an tionscal agus le gníomhaíochtaí taighde

Réimsí gníomhaíochta

Moil ina dtugtar an ríomhaireacht, na sonraí agus an tallann le chéile le haghaidh IS iontaofa

Na príomhrudaí atá bainte amach

  • In 2024 chuir an tAontas an chéad chreat dlíthiúil cuimsitheach ar domhan maidir le IS i bhfeidhm, is é sin an Gníomh um an Intleacht Shaorga, lena leagtar síos na caighdeáin le haghaidh IS iontaofa agus dhuinelárnach. Chun a chinntiú go gcuirfear i bhfeidhm go rianúil é, sheol an Coimisiún Deasc Freastail an Ghnímh um an Intleacht Shaorga agus Ardán Faisnéise Aonair an Ghnímh um an Intleacht Shaorga i mí Dheireadh Fómhair 2025.
  • Bunaíodh an Oifig Eorpach Intleachta Saorga i mí na Bealtaine 2024 chun cur chun feidhme agus forfheidhmiú comhleanúnach an Ghnímh um an Intleacht Shaorga a chinntiú, agus chun forbairt agus glacadh theicneolaíochtaí IS san Eoraip a chur chun cinn freisin.
  • Tar éis phacáiste nuálaíochta IS 2024, tá tús curtha leis an obair ar 19 monarcha IS ar fud 16 Bhallstát, agus meastar go mbeidh a bhformhór sin ag feidhmiú faoi dheireadh 2026. Leis na monarchana IS sin, tabharfar le chéile sár-ríomhairí de chuid an Aontais, acmhainní móra sonraí, saoráidí oiliúna, ollscoileanna, gnólachtaí nuathionscanta agus caipiteal daonna chun timpeallacht nuálaíochta chumhachtach a chruthú a sháraíonn teorainneacha na teicneolaíochta. Ag an am céanna, neartóidh 13 aeróg monarchan IS chomhlántacha éiceachórais intleachta saorga náisiúnta agus leathnóidh siad rochtain ar acmhainní sár-ríomhaireachta IS-bharrfheabhsaithe ar fud na hEorpa.
  • Dhréachtaigh saineolaithe neamhspleácha an Cód Cleachtais um IS ilchuspóireach chun cuidiú leis an tionscal cloí le ceanglais an Ghnímh um an Intleacht Shaorga ó thaobh IS ilchuspóireach de. D’fhaomh an Coimisiún an cód sin agus spreagann sé na heagraíochtaí cloí leis mar léiriú go gcomhlíonann siad na ceanglais.

Sa spotsolas