An méid a dhéanann an tAontas Eorpach
Tá an t-airgeadas ríthábhachtach dár ngeilleagar agus do leas na saoránach Eorpach. Cibé acu atá tú ag íoc i siopa, ag sábháil airgid don todhchaí, ag infheistiú i dtionscadail inbhuanaithe, nó ag reáchtáil gnólachta, tá córas airgeadais ag teastáil uait a oibríonn agus ar féidir leat muinín a chur ann.
Tá an tAontas Eorpach ag obair chun córas airgeadais cobhsaí a chur ar bun agus chun a chinntiú go mbeidh muinín ag daoine as an earnáil airgeadais. Chuige sin, táimid ag comhrac i gcoinne an mhí-iompair margaidh agus na coireachta airgeadais. Forchuirimid smachtbhannaí freisin nuair is gá chun coinbhleachtaí a chosc nó chun freagairt ar ghéarchéimeanna lasmuigh den Aontas.
I gcomhar leis na Ballstáit agus le Parlaimint na hEorpa, múnlaímid na rialacha maidir le seirbhísí airgeadais san Aontas, ionas go n-oibreoidh na margaí go maith, agus gur féidir leat íoc, sábháil, infheistiú nó árachas a fháil go muiníneach. A luaithe a chomhaontaítear na rialacha, cinntímid go n-oibríonn siad sa chleachtas agus go gcuirtear i bhfeidhm mar is ceart iad.

Tá bearta á gcur i bhfeidhm againn chun aontas coigiltis agus infheistíochta a fhorbairt, tionscadal ríthábhachtach le haghaidh iomaíochas agus fhás an Aontais. Is é is aidhm dó margadh caipitil níos comhtháite agus níos dinimiciúla a chothú agus leas a bhaint as caipiteal príobháideach in infheistíochtaí táirgiúla ar mhaithe le saoránaigh agus gnólachtaí.
Déanaimid monatóireacht leanúnach ar rioscaí nua don chobhsaíocht airgeadais, do chosaint tomhaltóirí nó do shláine an mhargaidh, ionas gur féidir linn freagairt go tapa nuair is gá. Tacaímid freisin le haistriú digiteach na seirbhísí airgeadais, agus muid ag maolú rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann ag an am céanna. Oibrímid i ndlúthchomhar le húdaráis mhaoirseachta eile de chuid an Aontais agus le comhlachtaí idirnáisiúnta, toisc go bhfuil an tAontas nasctha leis an gcóras airgeadais domhanda.
Is iad seo a leanas na príomhchuspóirí atá againn:
- an t-aontas coigiltis agus infheistíochta a chur chun cinn chun coigiltis agus gnólachtaí táirgiúla a nascadh ar bhealach níos fearr
- é a chur ar chumas mhuintir na hEorpa cinntí eolasacha airgeadais a dhéanamh
- margadh aonair caipitil de chuid an Aontais a chur ar bun ina mbeidh rialáil iomchuí agus tuairisciú airgeadais ardchaighdeáin, agus an t-ualach riaracháin ar chuideachtaí a íoslaghdú ag an am céanna
- creat láidir rialála agus maoirseachta a chruthú do bhainc, d’árachóirí agus do chistí pinsin
- uirlisí agus beartais a chruthú don earnáil airgeadais a chuidíonn leis an Aontas a spriocanna aeráide agus comhshaoil a bhaint amach
- é a chur ar a cumas don earnáil airgeadais leas a bhaint as an digitiú agus na rioscaí a bhaineann leis a bhainistiú ag an am céanna
- sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac, agus smachtbhannaí a fhorchur nuair is gá
- comhar rialála idirnáisiúnta a chur chun cinn maidir le gach ábhar airgeadais
Réimsí gníomhaíochta
Tá próiseas rialála sonrach tugtha isteach ag an Aontas le haghaidh seirbhísí airgeadais. Faigh tuilleadh eolais ina leith
Is é an tAontas Coigiltis agus Infheistíochta plean an Aontais chun maoiniú a chur ar fáil ar mhaithe le fás na hEorpa. Féach leat an méid atá an tAontas a dhéanamh
Féach leat conas a chinntíonn an t-aontas baincéireachta go bhfuil na bainc atá san Aontas níos láidre agus go ndéantar maoirseacht níos fearr orthu
Faigh tuilleadh eolais faoi ghníomhaíocht an Aontais maidir le hárachas agus cistí pinsin
Léigh tuilleadh faoin dóigh a gcomhtháthaíonn an tAontas an inbhuanaitheacht ina bheartas airgeadais
Foghlaim faoin dóigh a gcuireann an tAontas ar chumas na hearnála airgeadais leas a bhaint as teicneolaíochtaí nua
Féach leat conas a chuireann an tAontas Eorpach ar a gcumas do thomhaltóirí cinntí eolasacha airgeadais a dhéanamh
Féach leat beartas smachtbhannaí an Aontais agus iarrachtaí an Aontais sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac
Féach leat an dóigh a n-oibríonn an tAontas lena chomhpháirtithe idirnáisiúnta maidir le rialáil airgeadais agus gluaiseacht chaipitil
Na príomhéachtaí
- Tar éis na géarchéime airgeadais, chuir an tAontas feabhas ar a chóras maoirseachta airgeadais chun gur tapúla agus éifeachtaí a bheidh an próiseas rialála i seirbhísí airgeadais.
- Leis an nGníomh um Liostú, beidh margaí caipitil poiblí an Aontais níos tarraingtí agus beidh sé níos éasca do chuideachtaí de gach méid, FBManna san áireamh, liostú ar na stocmhalartáin Eorpacha.
- Tá rialacha stuamachta nua ann mar chuid den phacáiste baincéireachta ag cuidiú leis na bainc a bheith athléimneach le linn éiginnteacht eacnamaíoch, i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta.
- Tá rialacha tugtha cothrom le dáta ag an Aontas chun an creat rialála árachais a neartú, agus cead a thabhairt d’árachóirí níos mó infheistíochta a dhéanamh san fhíorgheilleagar ag an am céanna.
- Tá an tAontas anois ina cheannaire domhanda san airgeadas digiteach leis an Rialachán maidir le Margaí Cripteashócmhainní, an chéad tacar cuimsitheach rialacha maidir le criptea-airgeadraí.
- Leis an bpacáiste maidir le frithsciúradh airgid, bunaíodh sraith aonair rialacha agus Údarás nua de chuid an Aontais um Chomhrac an Sciúrtha Airgid, chun sláine an mhargaidh a neartú agus chun coireacht airgeadais a chosc agus a bhrath ar bhealach níos éifeachtaí.
- Mar fhreagairt ar fhogha na Rúise faoin Úcráin, tá smachtbhannaí glactha ag an Aontas chun bonn eacnamaíoch na Rúise a lagú, chun srian a chur lena rochtain ar theicneolaíochtaí criticiúla agus ar mhargaí criticiúla, agus chun laghdú suntasach a dhéanamh ar a cumas cogadh a fhearadh.
Sa spotsolas
Is é is aidhm don aontas coigiltis agus infheistíochta deiseanna airgeadais níos fearr a chruthú do shaoránaigh an Aontais, agus ag an am céanna feabhas a chur ar chumas ár gcórais airgeadais coigilteas a nascadh le hinfheistíochtaí táirgiúla.
Dá thoradh sin, beidh níos mó roghanna ann do choigilteoirí ar mian leo a n-ioncam teaghlaigh a mhéadú agus deis a thabhairt do ghnólachtaí ar fud na hEorpa fás a dhéanamh. Cumhdaíonn sé ceithre shnáithe oibre:
- saoránaigh agus coigiltis
- infheistíocht agus maoiniú
- comhtháthú agus scála
- maoirseacht éifeachtúil sa mhargadh aonair.
Athbhreithníodh an leathanach seo den uair dheireanach an 26 Meitheamh 2026