An méid a dhéanann an tAontas Eorpach Meastar gur ‘ábhar leasa choitinn’ é an beartas eacnamaíoch faoi dhlí an Aontais. Tá creat rialachais eacnamaíoch bunaithe ag an Aontas chun monatóireacht agus ceartú a dhéanamh ar threochtaí eacnamaíocha san Aontas, sin agus iad a chosc. Is rudaí iad a d’fhéadfadh tionchar diúltach a imirt ar gheilleagair náisiúnta, ar an limistéar euro, nó ar an Aontas ina iomláine. Laistigh den chreat sin, go háirithe tríd an Seimeastar Eorpach, tugann an tAontas treoir agus déanann sé comhordú ar bheartais mhaicreacnamaíocha chun fás inbhuanaithe a chur chun cinn san Aontas, sa limistéar euro agus sna Ballstáit. Cinntítear leis sin freisin cobhsaíocht fhioscach agus airgeadais san Aontas.Chun bonn eolais a chur faoi cheapadh beartas eacnamaíoch, cuireann an Coimisiún Eorpach réamhaisnéisí eacnamaíocha ar fáil agus déanann sé suirbhéanna ar ghnólachtaí agus ar thomhaltóirí. Sna réamhaisnéis eacnamaíocha, a fhoilsítear san earrach agus san fhómhar gach bliain, cumhdaítear raon leathan athróga maicreacnamaíocha agus fioscacha do na Ballstáit uile, do thíortha is iarrthóirí, do thíortha CSTE agus do mhórgheilleagair mhargaidh eile atá forbartha agus atá ag teacht chun cinn. Cumhdaíonn na suirbhéanna comhchuibhithe rialta ar ghnólachtaí agus ar thomhaltóirí earnálacha éagsúla de gheilleagair an Aontais agus sna tíortha is iarrthóirí.Thairis sin, cuireann an tAontas in éineacht leis na Ballstáit uile a phríomhuirlis téarnaimh i bhfeidhm, is é sin an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) dar luach €650 billiún. Is é is aidhm di ár ngeilleagair agus ár sochaithe a dhéanamh níos inbhuanaithe, níos athléimní agus níos ailínithe leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach.Lasmuigh den Aontas, tugann an tAontas cúnamh macra-airgeadais do thíortha comhpháirtíochta, deich gcinn de chomhpháirtithe an mhéadaithe agus comhpháirtithe comharsanachta ina measc, rud a chuidíonn chun a ngeilleagair a chobhsú le linn tréimhsí dúshlánacha. Cuireann an tAontas a sheasamh eacnamaíoch chun cinn ar fud an domhain freisin, é ag plé le príomhúdaráis agus le príomhinstitiúidí náisiúnta agus idirnáisiúnta. Is é an euro an dara hairgeadra is tábhachtaí ar fud an domhain é, agus neartaíonn sé geilleagair agus córais airgeadais an limistéir euro i gcoinne suaitheadh malairte eachtraí, laghdaíonn sé an spleáchas ar airgeadraí eile agus laghdaíonn na costais do ghnólachtaí an Aontais. Tacaíonn an tAontas le Ballstáit nach bhfuil sa limistéar euro agus iad ag iarraidh na critéir a chomhlíonadh chun an euro a ghlacadh. Príomhfhigiúirí €650 billiúnChun an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, athchóirithe agus infheistíocht a mhaoiniú, faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta29.8 billiúnlíon nótaí bainc euro i gcúrsaíocht (€1,568 mbilliún) i mí Feabhra 202511líon na dtíortha a bhain tairbhe as cúnamh macrairgeadais ón Aontas Réimsí gníomhaíochtaRéamhaisnéisí eacnamaíochaNa réamhaisnéisí cuimsitheacha is déanaí lena gcumhdaítear príomhtháscairí maicreacnamaíocha agus fioscachaAn Seimeastar EorpachComhordú bliantúil ar bheartais eacnamaíocha agus shóisialta an AontaisAn tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (STA)Ionstraim shealadach chun go mbeidh an tAontas níos láidre agus níos athléimní tar éis COVID-19An euroAirgeadra coiteann an Aontais a úsáidtear i 21 Bhallstát Na príomhnithe a baineadh amach Déanann an tAontas míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a d’fhéadfadh a bheith díobhálach a shainaithint, a chosc agus tugann sé aghaidh orthu go luath, míchothromaíochtaí a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don chobhsaíocht eacnamaíoch i mBallstát ar leith, sa limistéar euro, nó san Aontas ina iomláine.Tá an tAontas ag infheistiú agus ag cur athchóirithe i bhfeidhm ar mhaithe lena shaoránaigh, lena ghnólachtaí agus leis an gcomhshaol. Leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, tiomsaíonn an Coimisiún Eorpach cistí chun tacú leis na Ballstáit athchóirithe agus infheistíochtaí uaillmhianacha a mhaoiniú.Déanann an tAontas ionadaíocht ar leasanna eacnamaíocha an Aontais ar fud an domhain. Ó tharla gur cumhacht eacnamaíoch dhomhanda é an tAontas, tá tionchar nach beag aige ar na réitigh a cheapann an pobal idirnáisiúnta ar na dúshláin eacnamaíocha is práinní dá bhfuil ann. Sa spotsolas An Bhulgáir tagtha isteach sa limistéar euroAn 1 Eanáir 2026 ghlac an Bhulgáir an euro mar airgeadra oifigiúil na tíre. Fágann sé sin gurb é an 21ú Ballstát den Aontas a tháinig isteach sa limistéar euro agus a ghlac an euro. Is céim shuntasach é sin i lánpháirtiú na Bulgáire san Aontas, rud a thugann cobhsaíocht agus lánpháirtiú eacnamaíoch níos fearr don tír leis an gcuid eile den Eoraip. Is siombail é an euro d’aontacht agus de dhlúthpháirtíocht an Aontais a rachaidh chun tairbhe do shochaí agus do gheilleagar na Bulgáire. Faigh tuilleadh eolais An nuacht is déanaí News announcement20 Bealtaine 2025Flash Consumer Confidence IndicatorAm léitheoireachta: 1 nóiméadSee all Imeachtaí 03Feb2026Oiliúint agus ceardlannaWorkshop: Adapting public finances to the emerging spending needsFéach tuilleadh imeachtaí Naisc ghaolmhara An Ard-Stiúrthóireacht um Ghnóthaí Eacnamaíocha agus AirgeadaisMaoiniú
Meastar gur ‘ábhar leasa choitinn’ é an beartas eacnamaíoch faoi dhlí an Aontais. Tá creat rialachais eacnamaíoch bunaithe ag an Aontas chun monatóireacht agus ceartú a dhéanamh ar threochtaí eacnamaíocha san Aontas, sin agus iad a chosc. Is rudaí iad a d’fhéadfadh tionchar diúltach a imirt ar gheilleagair náisiúnta, ar an limistéar euro, nó ar an Aontas ina iomláine. Laistigh den chreat sin, go háirithe tríd an Seimeastar Eorpach, tugann an tAontas treoir agus déanann sé comhordú ar bheartais mhaicreacnamaíocha chun fás inbhuanaithe a chur chun cinn san Aontas, sa limistéar euro agus sna Ballstáit. Cinntítear leis sin freisin cobhsaíocht fhioscach agus airgeadais san Aontas.Chun bonn eolais a chur faoi cheapadh beartas eacnamaíoch, cuireann an Coimisiún Eorpach réamhaisnéisí eacnamaíocha ar fáil agus déanann sé suirbhéanna ar ghnólachtaí agus ar thomhaltóirí. Sna réamhaisnéis eacnamaíocha, a fhoilsítear san earrach agus san fhómhar gach bliain, cumhdaítear raon leathan athróga maicreacnamaíocha agus fioscacha do na Ballstáit uile, do thíortha is iarrthóirí, do thíortha CSTE agus do mhórgheilleagair mhargaidh eile atá forbartha agus atá ag teacht chun cinn.
Réamhaisnéisí eacnamaíochaNa réamhaisnéisí cuimsitheacha is déanaí lena gcumhdaítear príomhtháscairí maicreacnamaíocha agus fioscacha
An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (STA)Ionstraim shealadach chun go mbeidh an tAontas níos láidre agus níos athléimní tar éis COVID-19
An Bhulgáir tagtha isteach sa limistéar euroAn 1 Eanáir 2026 ghlac an Bhulgáir an euro mar airgeadra oifigiúil na tíre. Fágann sé sin gurb é an 21ú Ballstát den Aontas a tháinig isteach sa limistéar euro agus a ghlac an euro. Is céim shuntasach é sin i lánpháirtiú na Bulgáire san Aontas, rud a thugann cobhsaíocht agus lánpháirtiú eacnamaíoch níos fearr don tír leis an gcuid eile den Eoraip. Is siombail é an euro d’aontacht agus de dhlúthpháirtíocht an Aontais a rachaidh chun tairbhe do shochaí agus do gheilleagar na Bulgáire. Faigh tuilleadh eolais