An méid a dhéanann an tAontas Eorpach
Oibríonn an tAontas chun cumas digiteach na hEorpa san am i láthair agus amach anseo a mhúnlú. Tacaíonn sé le teicneolaíochtaí nua, maoiníonn sé agus rialaíonn sé iad chun ár ndaonlathas a neartú agus chun an Eoraip a dhéanamh níos sábháilte, níos iomaíche agus níos neamhspleáiche ó thaobh na teicneolaíochta de. Leagann an tAontas síos rialacha freisin maidir leis an gcaoi a n-úsáidtear ardáin ar líne agus an intleacht shaorga (IS).
Chun todhchaí dhigiteach na hEorpa a dhaingniú, tá sé d’aidhm ag an Aontas a bheith ina mhór-roinn ar thús cadhnaíochta maidir le nuálaíocht agus teicneolaíochtaí straitéiseacha na hintleachta saorga (IS), agus ag an am céanna a bheith in ann brath ar a chórais agus ar a uirlisí digiteacha féin.
Chun an daonlathas a neartú, cinntíonn an tAontas go gcuireann dlíthe digiteacha spás sábháilte agus margaí cothroma ar líne ar fáil, go dtacaíonn siad leis na meáin shaora agus go gcuireann siad i gcoinne na bréagaisnéise.
Chun an Eoraip a dhéanamh níos sábháilte, infheistíonn an tAontas sa chibearshlándáil chun cosaint a thabhairt i gcoinne cibearbhagairtí agus bagairtí slándála hibrideacha.
Is iad seo a leanas príomhchuspóirí beartais dhigitigh an Aontais:
- uirlisí agus seirbhísí IS a dhéanamh sábháilte agus iontaofa
- neamhspleáchas na hEorpa a mhéadú i dteicneolaíochtaí digiteacha straitéiseacha (cuir i gcás an intleacht shaorga, leathsheoltóirí, an néalríomhaireacht agus an ríomhaireacht chandamach)
- é a chur ar a gcumas do ghnólachtaí agus d’údaráis riaracháin sonraí a chomhroinnt go rianúil
- bonneagar digiteach criticiúil na hEorpa a chothú agus a chosaint
- nascacht shlán thapa a éascú
- ardáin ar líne a dhéanamh níos sábháilte agus níos iontaofa
- saoirse na meán agus an daonlathas a chosaint ar líne
- spriocanna Dheacáid Dhigiteach na hEorpa a bhaint amach faoi 2030.

Príomhfhigiúirí
Réimsí gníomhaíochta
Plean duinelárnach chun spriocanna uaillmhianacha digiteacha na hEorpa a bhaint amach faoi 2030
Lárionad saineolais an Aontais a thacaíonn le forbairt IS atá sábháilte iontaofa
Bearta an Aontais chun an Eoraip a chosaint ar chibearbhagairtí agus chun sinn a choinneáil sábháilte ar líne
Leas a bhaint as acmhainneacht sonraí chun borradh a chur faoin ngeilleagar agus luachanna na hEorpa á n-urramú
An Eoraip a dhéanamh ar an mór-roinn is nasctha faoi 2030 le rochtain idirlín ardluais do chách
Tacaíocht d’aistriú digiteach an Aontais, don earnáil chlosamhairc agus do na meáin shaora
Rialacha an Aontais maidir le spás digiteach sábháilte lena gcosnaítear úsáideoirí agus lena rialaítear ardáin agus idirghabhálaithe ar líne
Rialacha an Aontais maidir le hardáin gheatóra ar líne chun ár margadh digiteach a choinneáil cothrom iomaíoch
Leanaí agus daoine óga a chosaint ar líne agus iad a chumhachtú chun fanacht sábháilte
Na príomhéachtaí
- Bhí an tAontas ceannródaíoch maidir le creat dlíthiúil chun ardáin ar líne agus an intleacht shaorga a rialú san Aontas, agus leag sé síos caighdeáin dhomhanda maidir le rialáil dhigiteach.
- Chruthaigh sé creat chun an Eoraip a dhéanamh níos iomaíche, chun nuálaíocht a éascú agus chun úsáid níos fearr sonraí a spreagadh – trí ghníomhaíochtaí amhail cistiú spriocdhírithe (mar shampla le haghaidh leathsheoltóirí), agus tionscnaimh amhail tionscadail ilnáisiúnta, nó Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha.
- Tá infheistíocht déanta ag an Aontas i dteicneolaíochtaí ceannródaíocha, ríomhaireacht ardfheidhmíochta agus teicneolaíochtaí candamacha san áireamh, agus tá monarchana IS curtha ar bun aige.
- Chun tacú leis an daonlathas agus chun saoránaigh a chumhachtú, tá uirlisí tugtha isteach ag an Aontas amhail tiachóg na céannachta digití Eorpaí (eID), chuir sé scileanna digiteacha chun cinn, thug sé cosaint do chearta iriseoirí agus thacaigh sé leis an gcomhrac i gcoinne na bréagaisnéise.
- Tá an tAontas tar éis bonneagair dhigiteacha a leathnú, agus nascacht a fheabhsú, agus ag an am céanna acmhainneacht a fhorbairt in go leor réimsí, ón gcibearshlándáil go dtí an chumarsáid leictreonach agus cáblaí fomhuirí.
Sa spotsolas
De réir mar a chaitheann páistí níos mó ama ar líne ná riamh roimhe, údar mór imní is ea a sábháilteacht. Chun nach nochtfar ábhar díobhálach agus neamhdhleathach dóib tá an Coimisiún ag moladh réiteach Eorpach nuálach.
Leis an aip Eorpach um fhíorú aoise, beidh úsáideoirí in ann a n-aois a chruthú gan sonraí pearsanta nach bhfuil gá leo a chomhroinnt agus an t-idirlíon a bhrabhsáil agus príobháideachas iomlán ann, agus ag an am céanna, déanfar a chinntiú nach féidir le páistí teacht ar ábhar míchuí.
Tá an aip réidh le húsáid anois. Tá an Coimisiún ag tathant ar thíortha an Aontais dlús a chur le leathadh amach na haipe, agus is é is aidhm dó í a chur ar fáil do shaoránaigh faoi dheireadh 2026.

Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 22 Bealtaine 2026