An méid a dhéanann an tAontas Eorpach
Is í an tionsclaíocht cnámh droma gheilleagar na hEorpa – rud a spreagann fás, poist agus nuálaíocht ar fud na mór-roinne. Gineann sé níos mó ná 20% de bhreisluach iomlán an Aontais agus tacaíonn sé le 35 mhilliún post. Chun leanúint de bheith iomaíoch agus neamhspleách i ndomhan atá ag athrú go tapa, tá dlús á chur ag an Aontas lena iarrachtaí cabhrú lena thionscail iad féin a chur in oiriúint agus a bheith rathúil.
Tá an tAontas dírithe ar chabhrú le gnólachtaí a bheith digiteach agus glas – agus an nuálaíocht, an dícharbónú agus an tslándáil eacnamaíoch i gcroílár na hiarrachta sin. Le margadh aonair láidir, is fusa gnó a dhéanamh, agus tá sé d’aidhm ag bearta nua an rómhaorlathas a laghdú, infheistíocht a mhealladh, agus rochtain ar lucht saothair oilte a chinntiú.
Trína bheartas tionsclaíoch, tacaíonn an tAontas le gnólachtaí de gach méid i dtreo teicneolaíochtaí glana a mhéadú, rochtain ar ábhair chriticiúla a chinntiú, agus na scileanna cearta a fhorbairt. Leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan, cuirtear treochlár ar fáil chun borradh a chur faoin iomaíochas agus faoin dícharbónú. Díríonn sé ar fhuinneamh inacmhainne, ar éileamh ar tháirgí glana, ar chiorclaíocht, ar mhaoiniú, agus ar phoist ardcháilíochta, agus an tslándáil á méadú agus spleáchais á laghdú ag an am céanna.

Príomhfhigiúirí
Réimsí gníomhaíochta
Féach leat fís na hEorpa le haghaidh tionscal glas digiteach iomaíoch
Foghlaim faoin gcaoi a spreagann taighde agus nuálaíocht claochlú tionsclaíoch
Faigh amach faoi gach cineál tacaíochta d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna)
Faigh eolas maidir le conas gnólacht a thosú san Aontas agus bí ar an eolas faoi na rialacha atá le leanúint, ó mhaoin intleachtúil go cáin agus trádáil
Féach an chaoi a dtacaíonn an tAontas le húsáid teicneolaíochtaí agus cleachtas nuálach chun feabhas a chur ar tháirgeadh earraí
Pleananna lena dtreoraítear tionscail na hEorpa i dtreo claochlú glas digiteach inbhuanaithe
Tionsclaíocht na hEorpa a neartú trí chomhoibriú
Féach an chaoi a dtacaíonn an tAontas le braislí gnó chun borradh a chur faoin nuálaíocht, faoin athléimneacht agus faoin inbhuanaitheacht
Soláthar iontaofa inbhuanaithe amhábhar criticiúil a chinntiú do thionscal na hEorpa
Borradh a chur faoi mhonarú teicneolaíochta glaine ar mhaithe le todhchaí aeráidneodrach
Fás inbhuanaithe agus nuálaíocht a chumasú ar mhaite le geilleagar aeráidneodrach
Tionsclaíocht na hEorpa a chlaochlú tríd an nuálaíocht dhigiteach
Na príomhnithe a baineadh amach
- Trí infheistíochtaí spriocdhírithe, cláir nuálaíochta agus caighdeáin láidre, cuidíonn an Coimisiún Eorpach le gnólachtaí a bheith rathúil agus a bheith ar thús cadhnaíochta san aistriú glas agus san aistriú digiteach.
- Tá €52.7 billiún slógtha ag an Aontas in infheistíochtaí um aistriú tionsclaíoch, rud a thacaíonn le gnólachtaí i dteicneolaíochtaí glana, i gciorclaíocht agus i ndícharbónú.
- Gach bliain, tacaíonn an Líonra Fiontar Eorpach le beagnach 20,000 FBM trí sheirbhísí saincheaptha comhairle agus comhpháirtíochta, rud a chuidíonn le go leor acu a láimhdeachas a mhéadú níos mó ná 20%.
- Ó 2023 go 2025, chuir tionscadal Euroclusters cistiú díreach spriocdhírithe ar fáil do 2,000 FBM chun dlús a chur lena n-aistriú glas agus digiteach.
- Tá catagóir nua ar a dtugtar ‘fiontair mheánchaipitlithe bheaga’ tugtha isteach ag an gCoimisiún chun tacaíocht níos fearr a thabhairt d’fhiontair atá ag fás go tapa agus chun an bhearna idir FBManna agus corparáidí móra a dhúnadh.
- Leanann an tAontas den nuálaíocht thionsclaíoch agus den athléimneacht thionsclaíoch a neartú, agus béim láidir á leagan ar an aistriú glas agus ar an aistriú digiteach ina straitéis tionsclaíochta nuashonraithe.
- Léirítear sa phlean gníomhaíochta do thionscal na gceimiceán iarrachtaí nuachóirithe earnáilsonracha an Aontais, lena dtugtar aghaidh ar chostais fuinnimh, ar iomaíocht dhomhanda, agus lena spreagtar nuálaíocht inbhuanaithe.
Sa spotsolas
Tá an tAontas ag obair chun deireadh a chur le bacainní ar thrádáil trí mhargadh de chuid an Aontais a chur chun cinn atá fabhrach do ghnólachtaí bunaithe ar rialacha agus caighdeáin shimplí thrédhearcacha chomhsheasmhacha. Cuireann an tairseach An Eoraip Agatsa eolas úsáideach ar fáil faoi gach rud, idir ghnó agus chánachas, acmhainní daonna agus riachtanais táirgí.
Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 2 Márta 2026