An méid a dhéanann an tAontas Eorpach Tá timpeallacht chasta slándála os comhair an Aontais Eorpaigh. I ngeall ar shochaithe oscailte agus dul chun cinn teicneolaíoch, is éasca atá sé do sceimhlitheoirí, d’antoiscigh fhoréigneacha agus do ghníomhaithe bagartha oibriú thar theorainneacha, leas a bhaint as éagothromaíochtaí sóisialta agus eacnamaíocha, agus a mbealach a dhéanamh idir an saol fisiciúil agus an saol digiteach. Go leor cineálacha coireachta, gáinneáil ar dhaoine, mí-úsáid ghnéasach leanaí agus gáinneáil ar dhrugaí ina measc, is ar líne a tharlaíonn siad anois nó éascaítear iad trí mhodhanna digiteacha. Mar thoradh air sin, baineann gné dhigiteach le formhór na n-imscrúduithe coiriúla. Chun freagairt ar na dúshláin sin agus chun sochaithe slána a chothú, tá béim leagtha ag an Aontas ar an gceann is fearr a fháil ar an gcibearchoireacht, ar an sceimhlitheoireacht agus ar an radacú, ar an gcoireacht eagraithe agus ar an gcoireacht airgeadais. I mí Aibreáin 2025, chuir an Coimisiún i láthair ProtectEU – an Straitéis Eorpach um an tSlándáil Inmheánach, ina leagtar amach na cuspóirí agus na gníomhaíochtaí do na blianta atá le teacht chun Eoraip níos sábháilte agus níos sláine a chinntiú. Cuimsítear an méid seo a leanas ar réimsí tosaíochta agus ar ghníomhaíochtaí Straitéis ProtectEU:Feasacht mhéadaithe ar bhagairtí chun rioscaí slándála a réamh-mheas ar bhealach níos fearrBorradh a chur faoi chumais forfheidhmithe dlíAthléimneacht a chothú i gcoinne bagairtí hibrideachaAn choireacht thromchúiseach agus an choireach eagraithe a chomhracSceimhlitheoireacht a chomhracRannpháirtíocht i ndáil leis an tslándáil dhomhandaOibríonn an Coimisiún i gcomhar leis na Ballstáit agus le gníomhaireachtaí an Aontais chun déileáil le cineál casta agus trasteorann na coireachta eagraithe. Cinntítear leis an gcur chuige sin go leanfaidh an tAontas de bheith ar an airdeall, de bheith athléimneach agus de bheith in ann a shaoránaigh a chosaint i ndomhan atá ag athrú go tapa. Fíricí faoin tslándáil inmheánach Creideann saoránach amháin den Aontas as gach ceathrargur tosaíocht é an choireacht a chomhracBaineann gné dhigiteachle beagnach gach cineál coireachta: cibearchoireacht, gáinneáil ar dhrugaí, gáinneáil ar dhaoine, smuigleáil imirceach Réimsí gníomhaíochtaGáinneáil ar dhaoineFaigh amach faoin gcaoi a bhfuil an tAontas ag gníomhú chun gáinneáil a chomhrac agus chun beatha daoine a chosaintGáinneáil ar airm thineGáinneáil ar airm thine agus na bagairtí nua a bhaineann léi a chomhracGáinneáil ar dhrugaíFoghlaim faoin gcaoi a bhfuil an comhrac i gcoinne na gáinneála ar dhrugaí á chomhordú ag an AontasImscrúduithe airgeadaisFoghlaim faoin gcaoi a bhfreagraíonn an tAontas ar bhagairtí coiriúla, maoiniú na sceimhlitheoireachta san áireamhLeanaí a chosaint ar mhí-úsáid ghnéasachFaigh amach faoi chreat dlíthiúil an Aontais chun leanaí a chosaint agus mí-úsáid ghnéasach leanaí a choscMol eolais an Aontais Eorpaigh maidir le radacú a choscTionscnamh arb é is aidhm dó iarrachtaí an Aontais i gcoinne an radacaithe a neartúComhar i bhforfheidhmiú an dlíFoghlaim faoin gcaoi a bhfuil comhar i bhforfheidhmiú an dlí á dhéanamh níos tapúla, níos sábháilte agus níos éifeachtaí ag an AontasAn chibearchoireacht a chomhracFaigh amach faoin gcaoi a bhfuil an tAontas ag dul i ngleic leis an gcibearchoireacht trí dhlíthe, comhar trasteorann agus maoiniúNuálaíocht agus taighde slándálaAn chaoi a gcuidíonn taighde slándála an Aontais leis an eolas agus na huirlisí is gá a fhorbairt chun dul i ngleic le bagairtí atá ag teacht chun cinn Na príomhéachtaí In 2023, ba é an toradh a bhí ag comhar trasteorann i bhforfeidhmiú an dlí a thacaigh an tAontas leisgur thángthas ar 7,536 íospartach gáinneála, gur gabhadh 457 ngáinneálaí amhrasta, gur seoladh 1,175 imscrúdú, agus gur urghabhadh €4.1 milliúni mbrabús na coireachta.Seoladh Comhpháirtíocht Phríobháideach Phoiblí Chomhghuaillíocht na gCalafort Eorpach in 2024, agus tá dlús curtha acu leis an gcomharc i gcoinne na gáinneála ar dhrugaí, atá ar cheann de na bagairtí slándála is tromchúisí atá roimh an Eoraip sa lá atá inniu ann.Ó mhí an Mheithimh 2022 ar aghaidh, leis an Rialachán maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne, ceanglaítear ar gach ardán ar líne a thairgeann a gcuid seirbhísí san Aontas ábhar sceimhlitheoireachta a bhaint anuas laistigh d’uair an chloig tar éis dóibh fógra a fháil ina leith. Cuidíonn an fhreagairt ghasta sin le saoránaigh a choinneáil sábháilte ó ábhar neamhdhleathach agus le radacú ar líne a chosc, agus cinntíonn coimircí láidre go dtugtar cosaint iomlán don tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus do rochtain ar fhaisnéis. Sa spotsolas Is é ProtectEU an Straitéis Eorpach nua um an tSlándáil Inmheánach. Leagtar amach inti fís le haghaidh Aontas níos láidre, is é sin chun bagairtí slándála a réamh-mheas, a chosc agus freagairt orthu go comhpháirteach, chun síocháin agus cobhsaíocht a chinntiú do na saoránaigh, chun daonlathais na hEorpa a chosaint agus chun an rathúnas a chosaint. Leis an straitéis sin, tugtar aghaidh ar thimpeallacht na bagartha atá ag teacht chun cinn, le trí chuspóir uileghabhálacha, is iad sin: dlús a chur le cumais chun daoine a chosaint, breithnithe slándála a phríomhshruthú i mbeartas agus i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais, agus cur chuige uile-shochaí a threisiú chun slándáil agus sábháilteacht an Aontais a chinntiú. An nuacht is déanaí 12 Nollaig 2025Commissioner Brunner hosts second Implementation Dialogue on Talent Attraction and Retention12 Nollaig 2025New study on trafficking for labour exploitation Féach na Imeachtaí 15-16Dec2025Oiliúint agus ceardlannaTraining on general P/CVE awareness for MENA countriesAr líne amháinImeacht seachtrach15-16Dec2025Oiliúint agus ceardlannaThematic Panel 3 – Online DimensionImeacht seachtrachFéach na Eolas gaolmharAn Ard-Stiúrthóireacht um Imirce agus Gnóthaí BaileDlíComhairliúcháin
Tá timpeallacht chasta slándála os comhair an Aontais Eorpaigh. I ngeall ar shochaithe oscailte agus dul chun cinn teicneolaíoch, is éasca atá sé do sceimhlitheoirí, d’antoiscigh fhoréigneacha agus do ghníomhaithe bagartha oibriú thar theorainneacha, leas a bhaint as éagothromaíochtaí sóisialta agus eacnamaíocha, agus a mbealach a dhéanamh idir an saol fisiciúil agus an saol digiteach. Go leor cineálacha coireachta, gáinneáil ar dhaoine, mí-úsáid ghnéasach leanaí agus gáinneáil ar dhrugaí ina measc, is ar líne a tharlaíonn siad anois nó éascaítear iad trí mhodhanna digiteacha. Mar thoradh air sin, baineann gné dhigiteach le formhór na n-imscrúduithe coiriúla. Chun freagairt ar na dúshláin sin agus chun sochaithe slána a chothú, tá béim leagtha ag an Aontas ar an gceann is fearr a fháil ar an gcibearchoireacht, ar an sceimhlitheoireacht agus ar an radacú, ar an gcoireacht eagraithe agus ar an gcoireacht airgeadais. I mí Aibreáin 2025, chuir an Coimisiún i láthair ProtectEU – an Straitéis Eorpach um an tSlándáil Inmheánach, ina leagtar amach na cuspóirí agus na gníomhaíochtaí do na blianta atá le teacht chun Eoraip níos sábháilte agus níos sláine a chinntiú. Cuimsítear an méid seo a leanas ar réimsí tosaíochta agus ar ghníomhaíochtaí Straitéis ProtectEU:Feasacht mhéadaithe ar bhagairtí chun rioscaí slándála a réamh-mheas ar bhealach níos fearrBorradh a chur faoi chumais forfheidhmithe dlíAthléimneacht a chothú i gcoinne bagairtí hibrideachaAn choireacht thromchúiseach agus an choireach eagraithe a chomhracSceimhlitheoireacht a chomhracRannpháirtíocht i ndáil leis an tslándáil dhomhandaOibríonn an Coimisiún i gcomhar leis na Ballstáit agus le gníomhaireachtaí an Aontais chun déileáil le cineál casta agus trasteorann na coireachta eagraithe. Cinntítear leis an gcur chuige sin go leanfaidh an tAontas de bheith ar an airdeall, de bheith athléimneach agus de bheith in ann a shaoránaigh a chosaint i ndomhan atá ag athrú go tapa.
Gáinneáil ar dhaoineFaigh amach faoin gcaoi a bhfuil an tAontas ag gníomhú chun gáinneáil a chomhrac agus chun beatha daoine a chosaint
Gáinneáil ar dhrugaíFoghlaim faoin gcaoi a bhfuil an comhrac i gcoinne na gáinneála ar dhrugaí á chomhordú ag an Aontas
Imscrúduithe airgeadaisFoghlaim faoin gcaoi a bhfreagraíonn an tAontas ar bhagairtí coiriúla, maoiniú na sceimhlitheoireachta san áireamh
Leanaí a chosaint ar mhí-úsáid ghnéasachFaigh amach faoi chreat dlíthiúil an Aontais chun leanaí a chosaint agus mí-úsáid ghnéasach leanaí a chosc
Mol eolais an Aontais Eorpaigh maidir le radacú a choscTionscnamh arb é is aidhm dó iarrachtaí an Aontais i gcoinne an radacaithe a neartú
Comhar i bhforfheidhmiú an dlíFoghlaim faoin gcaoi a bhfuil comhar i bhforfheidhmiú an dlí á dhéanamh níos tapúla, níos sábháilte agus níos éifeachtaí ag an Aontas
An chibearchoireacht a chomhracFaigh amach faoin gcaoi a bhfuil an tAontas ag dul i ngleic leis an gcibearchoireacht trí dhlíthe, comhar trasteorann agus maoiniú
Nuálaíocht agus taighde slándálaAn chaoi a gcuidíonn taighde slándála an Aontais leis an eolas agus na huirlisí is gá a fhorbairt chun dul i ngleic le bagairtí atá ag teacht chun cinn
Is é ProtectEU an Straitéis Eorpach nua um an tSlándáil Inmheánach. Leagtar amach inti fís le haghaidh Aontas níos láidre, is é sin chun bagairtí slándála a réamh-mheas, a chosc agus freagairt orthu go comhpháirteach, chun síocháin agus cobhsaíocht a chinntiú do na saoránaigh, chun daonlathais na hEorpa a chosaint agus chun an rathúnas a chosaint. Leis an straitéis sin, tugtar aghaidh ar thimpeallacht na bagartha atá ag teacht chun cinn, le trí chuspóir uileghabhálacha, is iad sin: dlús a chur le cumais chun daoine a chosaint, breithnithe slándála a phríomhshruthú i mbeartas agus i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais, agus cur chuige uile-shochaí a threisiú chun slándáil agus sábháilteacht an Aontais a chinntiú.
12 Nollaig 2025Commissioner Brunner hosts second Implementation Dialogue on Talent Attraction and Retention
15-16Dec2025Oiliúint agus ceardlannaTraining on general P/CVE awareness for MENA countriesAr líne amháinImeacht seachtrach