An méid a dhéanann an tAontas Eorpach Is é is aidhm do bheartais chomhshaoil an Aontais Eorpaigh an comhshaol a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú don ghlúin seo agus don ghlúin atá le teacht, agus an fhorbairt inbhuanaithe a chur chun cinn.Le haistriú glas, beidh saoránaigh an Aontais in ann maireachtáil go maith laistigh de theorainneacha éiceolaíocha an phláinéid. Is é an misean atá againn geilleagar ciorclach nuálach a fhorbairt a bheidh bunaithe ar éiceachórais fhónta. Ní mór bithéagsúlacht ríthábhachtach a chosaint agus a athbhunú, agus deireadh a chur le rioscaí truaillithe agus sláinte.Cuirtear an cur chuige sin i bhfeidhm ar an leibhéal idirnáisiúnta freisin, rud a chuidíonn leis an Aontas a bheith ina chrann taca don aistriú glas ar an leibhéal domhanda.Is iad seo a leanas príomhchuspóirí an Aontais maidir leis an gcomhshaol:sprioc 2030 a bhaint amach maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050feabhas a chur ar an acmhainneacht oiriúnaitheach, an athléimneacht a neartú agus leochaileacht i leith an athraithe aeráide a laghdúoibriú i dtreo samhail fáis athghiniúnaigh, an fás eacnamaíoch a scaradh go hiomlán ó úsáid acmhainní agus ó dhíghrádú an chomhshaoil, agus dlús a chur leis an aistriú chuig geilleagar ciorclachuaillmhian maidir le truailliú nialasach a shaothrú, ina measc sin don aer, don uisce agus don ithir, agus sláinte agus folláine mhuintir na hEorpa a chosaintan bhithéagsúlacht a chosaint, a chaomhnú agus a athbhunú, agus caipiteal nádúrtha a fheabhsúlaghdú a dhéanamh ar an mbrú comhshaoil agus aeráide a bhaineann le táirgeadh agus tomhaltas Fíricí faoin gcomhshaol A leath de na héin, na mamaigh, na reiptílí, na hamfaibiaigh agus na speicis éisc uile, cailleadh iad le 50 bliain anuasBreis agus 200,000 bás in aghaidh na bliana de bharr truailliú aeir san EoraipLe gach €1 a infheistítear in athchóiriú an dúlra, gintear €4 de thairbhí Réimsí gníomhaíochtaGeilleagar ciorclachFéach leat na beartais lena gcuirtear táirgí inbhuanaithe, bainistiú dramhaíola agus an athchúrsáil chun cinn, lena gcuirtear srian ar astaíochtaí tionsclaíocha agus lena dtugtar faoi dhramhaíl phlaisteach agus dramhaíl ó phacáistíocht.An dúlra agus an bhithéagsúlachtFoghlaim faoin gcaoi a gcosnaíonn an tAontas speicis, pailneoirí, gnáthóga agus foraoisí, agus faoin gcaoi a n-athbhunaíonn sé an dúlra agus an timpeallacht uirbeach.TruailliúGníomhaíochtaí i dtreo truailliú nialasach aeir, uisce agus ithreach chun timpeallacht atá saor ó thocsainí a chruthú. Na príomhéachtaí Líonra Natura 2000, ina bhfuil 27,000 láithreán faoi chosaint, clúdaíonn sé beagnach 1/5 den talamh san Aontas anois, cosnaíonn sé na céadta speiceas agus gnáthóg agus cuireann sé seirbhísí ríthábhachtacha agus ioncam ar fáil do na milliúin Eorpach.A bhuí le méadú thart ar 35% ar tháirgiúlacht acmhainní ó bhí 2000 ann, tháinig laghdú thart ar 25% ar astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais ó 2008-2021, rud a léiríonn go bhfuil ról tábhachtach ag an aistriú chuig geilleagar ciorclach sa chonair i dtreo na haeráidneodrachta.Tháinig laghdú beagnach 3% ar ghiniúint dramhaíola iomlán an Aontais ó gach gníomhaíocht eacnamaíoch agus gach teaghlach le 10 mbliana anuas chun 4.8 tona per capita a bhaint amach in 2020.Tá Éicilipéad an Aontais le feiceáil anois ar bheagnach 100,000 táirge, rud a ráthaíonn tionchar laghdaithe ar an gcomhshaol agus rud a chuireann cosc ar an nglas-snasú.Tá laghdú 45% ar thionchair an truaillithe aeir ar an tsláinte bainte amach ó 2005 i leith, a bhuí le feabhsuithe rialála agus laghduithe astaíochtaí agus tá laghdú suntasach tagtha ar líon na mbásanna anabaí.Tá laghdú thart ar 1/3 tagtha ar bhruscar plaisteach ar muir ó 2015 i leith.Is ceannaire domhanda é an tAontas Eorpach agus é ag iarraidh cuspóirí aeráide agus comhshaoil a bhaint amach trí ghealltanais idirnáisiúnta: Creat Domhanda Bithéagsúlachta Kunming-Montréal, Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, agus Conradh Domhanda na Náisiún Aontaithe maidir le Plaistigh.I measc roinnt dlíthe nua tábhachtacha a mbeidh tionchar fadtéarmach acu tá an Dlí um Athbhunú Dúlra, an Rialachán maidir le Dífhoraoisiú, agus an Rialachán maidir le hÉicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe. Sa spotsolas Féachaint leis gur táirgí inbhuanaithe an gnás san AontasTá an Rialachán maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe, rud a tháinig i bhfeidhm in 2024, ina phríomhchuid de straitéis an Aontais chun táirgí ciorclacha atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a chur chun cinn.Tá tionchar mór ag an gcaoi a ndeartar agus a n-úsáidtear táirgí ar an gcomhshaol, agus is féidir leis an tomhaltas a bheith ina spreagadh suntasach don athrú aeráide agus don truailliú.Is é is aidhm do na rialacha nua sin feabhas suntasach a chur ar inbhuanaitheacht na dtáirgí a chuirtear ar mhargadh an Aontais trí chiorclaíocht, fheidhmíocht fuinnimh, in-athchúrsáilteacht agus mharthanacht na dtáirgí a fheabhsú. An nuacht is déanaí News article12 Bealtaine 2026Commission seeks public opinion on how EU Nature Directives are working Am léitheoireachta: 1 nóiméadNews article11 Bealtaine 2026Seeing is believing simply looking at green walls improves mood and creates a sense of coolingAm léitheoireachta: 5 nóiméadFéach na Imeachtaí 16-17Nov2017Comhdhálacha agus cruinnithe mullaighFirst EU Clean Air Forum (2017)28Sep2020Comhdhálacha agus cruinnithe mullaighOur Baltic ConferenceFéach na Eolas gaolmharArd-Stiúrthóireacht an ChomhshaoilDlíCláir mhaoiniúcháinSpriocanna aeráide, fuinnimh agus comhshaoil an Aontais Athbhreithníodh an leathanach seo den uair dheireanach an 2 Márta 2026
Is é is aidhm do bheartais chomhshaoil an Aontais Eorpaigh an comhshaol a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú don ghlúin seo agus don ghlúin atá le teacht, agus an fhorbairt inbhuanaithe a chur chun cinn.Le haistriú glas, beidh saoránaigh an Aontais in ann maireachtáil go maith laistigh de theorainneacha éiceolaíocha an phláinéid. Is é an misean atá againn geilleagar ciorclach nuálach a fhorbairt a bheidh bunaithe ar éiceachórais fhónta. Ní mór bithéagsúlacht ríthábhachtach a chosaint agus a athbhunú, agus deireadh a chur le rioscaí truaillithe agus sláinte.Cuirtear an cur chuige sin i bhfeidhm ar an leibhéal idirnáisiúnta freisin, rud a chuidíonn leis an Aontas a bheith ina chrann taca don aistriú glas ar an leibhéal domhanda.Is iad seo a leanas príomhchuspóirí an Aontais maidir leis an gcomhshaol:sprioc 2030 a bhaint amach maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050feabhas a chur ar an acmhainneacht oiriúnaitheach, an athléimneacht a neartú agus leochaileacht i leith an athraithe aeráide a laghdúoibriú i dtreo samhail fáis athghiniúnaigh, an fás eacnamaíoch a scaradh go hiomlán ó úsáid acmhainní agus ó dhíghrádú an chomhshaoil, agus dlús a chur leis an aistriú chuig geilleagar ciorclachuaillmhian maidir le truailliú nialasach a shaothrú, ina measc sin don aer, don uisce agus don ithir, agus sláinte agus folláine mhuintir na hEorpa a chosaintan bhithéagsúlacht a chosaint, a chaomhnú agus a athbhunú, agus caipiteal nádúrtha a fheabhsúlaghdú a dhéanamh ar an mbrú comhshaoil agus aeráide a bhaineann le táirgeadh agus tomhaltas
Geilleagar ciorclachFéach leat na beartais lena gcuirtear táirgí inbhuanaithe, bainistiú dramhaíola agus an athchúrsáil chun cinn, lena gcuirtear srian ar astaíochtaí tionsclaíocha agus lena dtugtar faoi dhramhaíl phlaisteach agus dramhaíl ó phacáistíocht.
An dúlra agus an bhithéagsúlachtFoghlaim faoin gcaoi a gcosnaíonn an tAontas speicis, pailneoirí, gnáthóga agus foraoisí, agus faoin gcaoi a n-athbhunaíonn sé an dúlra agus an timpeallacht uirbeach.
TruailliúGníomhaíochtaí i dtreo truailliú nialasach aeir, uisce agus ithreach chun timpeallacht atá saor ó thocsainí a chruthú.
Féachaint leis gur táirgí inbhuanaithe an gnás san AontasTá an Rialachán maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe, rud a tháinig i bhfeidhm in 2024, ina phríomhchuid de straitéis an Aontais chun táirgí ciorclacha atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a chur chun cinn.Tá tionchar mór ag an gcaoi a ndeartar agus a n-úsáidtear táirgí ar an gcomhshaol, agus is féidir leis an tomhaltas a bheith ina spreagadh suntasach don athrú aeráide agus don truailliú.Is é is aidhm do na rialacha nua sin feabhas suntasach a chur ar inbhuanaitheacht na dtáirgí a chuirtear ar mhargadh an Aontais trí chiorclaíocht, fheidhmíocht fuinnimh, in-athchúrsáilteacht agus mharthanacht na dtáirgí a fheabhsú.
News article12 Bealtaine 2026Commission seeks public opinion on how EU Nature Directives are working Am léitheoireachta: 1 nóiméad
News article11 Bealtaine 2026Seeing is believing simply looking at green walls improves mood and creates a sense of coolingAm léitheoireachta: 5 nóiméad