Page contents Page contents Céard is tionscnamh ó na saoránaigh ann?Tugann tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh deis duitse agus d’Eorpaigh eile páirt ghníomhach a ghlacadh i gceapadh beartais an Aontais Eorpaigh.Más mian leat go ndéanfadh an tAontas beart i leith saincheist áirithe, is féidir leat tionscnamh ó na saoránaigh a sheoladh chun iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach reachtaíocht nua de chuid an Aontais a mholadh maidir leis an tsaincheist sin.Chun go mbeidh an Coimisiún in ann tionscnamh a mheas, is gá duit 1 mhilliún saoránach ó gach cearn den Aontas a mhealladh lena dtacaíocht a chur in iúl tríd an tionscnamh a shíniú.Tuilleadh eolais faoin Tionscnamh Eorpach ó na SaoránaighConas tionscnamh a eagrúSula seola tú do thionscnamh, ní foláir grúpa d’eagraithe a chur ar bun.Ba chóir go mbeadh 7 saoránach den Aontas ar a laghad sa ghrúpa, agus iad ina gcónaí i 7 mBallstát éagsúla. Ní gá do na daoine sin a bheith ina náisiúnach de na tíortha sin, ach ní mór dóibh a bheith aosta go leor le vótáil i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa.Ní mór duit ansin iarraidh ar chlárú a sheoladh chuig an gCoimisiún. Sula ndéana tú do thionscnamh beartaithe a chlárú, fíoróidh an Coimisiún roinnt critéir dlí, go háirithe go mbaineann do thionscnamh le réimse ina bhfuil sé de chumhacht aige gníomhú. Nuair atá do thionscnamh cláraithe, féadfaidh tú an dáta tosaigh a shocrú chun ráitis tacaíochta a bhailiú ó shaoránaigh ar fud an Aontais.Tús a chur le tionscnamh ó na saoránaighFoghlaim faoin tionscnamh ó na saoránaigh, pléigh é, faigh comhairle faoi agus déan ceangal le daoine eileConas freagra a fháil agus tionchar a imirtCaithfidh an tionscnamh coinníollacha áirithe a chomhlíonadh, na coinníollacha seo san áireamh:1 mhilliún síniú a bheith bailithesínitheoirí ó líon nach lú ná 7 mBallstát (agus íoslíon sínitheoirí ó gach ceann acu)Má chomhlíonann an tionscnamh na coinníollacha uile, déanfaidh an Coimisiún é a mheas.Laistigh de 1 mhíbuailfidh oifigigh de chuid an Aontais leatLaistigh de 3 mhíbeidh éisteacht phoiblí agat i bParlaimint na hEorpa le deis a thabhairt duit do thionscnamh a mhíniúLaistigh de 6 mhíeiseoidh an Coimisiún freagra foirmiúil – agus míneoidh sé cén fáth a ndéanfaidh sé nó nach ndéanfaidh sé dlí nua a mholadh bunaithe ar do thionscnamhTuilleadh eolais faoi thionscnaimh a freagraíodh