An méid a dhéanann an tAontas Eorpach
Tá an tAontas bunaithe ar luachanna dhínit an duine, na saoirse, an daonlathais, na cothromaíochta, an smachta reachta agus na hurraime do chearta an duine. Cuimsítear leo sin sin an ceart atá ag leanaí agus cosaint daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad.
Ráthaítear le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh na cearta sin do gach duine san Aontas, lena gcuirtear ceangal ar institiúidí agus comhlachtaí an Aontais, agus ar údaráis náisiúnta agus dlí an Aontais á chur chun feidhme acu.
Chun a chinntiú nach bhfágfar aon duine ar lár, tá an tAontas tar éis dul isteach i bpríomhchoinbhinsiúin idirnáisiúnta freisin, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas agus Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (Coinbhinsiún Iostanbúl) san áireamh.
Tá cearta an duine ina ngné lárnach den chaidreamh atá ag an Aontas Eorpach le tíortha agus le réigiúin eile. Déanann an tAontas cearta an duine agus an daonlathas a chur chun cinn agus a chosaint go gníomhach ar fud an domhain, agus na prionsabail sin á gcomhtháthú sa trádáil, sa chomhar agus san idirphlé.
Is iad seo a leanas príomhchuspóirí an bheartais sin:
- cearta na mban, leanaí, daoine faoi mhíchumas, na Romach, mionlach eile agus daoine easáitithe a chur chun cinn
- cur in aghaidh phionós an bháis, cur in aghaidh na céastóireachta, na gáinneála ar dhaoine agus an idirdhealaithe
- cosaint a thabhairt do chearta sibhialta, polaitiúla, eacnamaíocha agus cultúrtha
- clásail maidir le cearta an duine a áireamh i ngach comhaontú trádála agus comhair
- tacú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le cosantóirí chearta an duine.

Réimsí gníomhaíochta
Cearta bunúsacha an uile dhuine a ráthú san Aontas
Aontas comhionannais a fhorbairt inar féidir le daoine maireachtáil saor ó idirdhealú
Cearta leanaí a chosaint agus a chur chun cinn
An daonlathas agus cearta an duine a chur chun cinn ar fud an domhain
Na príomhnithe a baineadh amach
- I gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a glacadh in 2000 agus a ionchorpraíodh i ndlí an Aontais in 2009, tugtar le chéile cearta sibhialta, polaitiúla, eacnamaíocha agus sóisialta in aon doiciméad amháin. Tá feidhm aige maidir le hinstitiúidí uile an Aontais agus leis na Ballstáit agus dlí an Aontais á chur i bhfeidhm acu.
- Tá dlíthe láidre ag an Aontas chun deireadh a chur le hidirdhealú bunaithe ar inscne, cine, reiligiún, aois, míchumas nó gnéaschlaonadh, rud a chuidíonn chun an Eoraip a dhéanamh níos cothroime agus níos cuimsithí.
- Tacaíonn an tAontas le cearta na mban agus leis an gcomhionannas inscne. Chruthaigh sé beartais agus cláir chun na luachanna sin a chur chun cinn, Coinbhinsiún Iostanbúl a ghlacadh chun foréigean in aghaidh na mban a chosc agus a chomhrac san áireamh.
- Tá an tAontas tiomanta do shaol daoine faoi mhíchumas a fheabhsú tríd an straitéis maidir le cearta daoine faoi mhíchumas 2021-2030, i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas.
- Tá creat láidir ag an Aontas chun cearta leanaí a chur chun cinn agus a chosaint, bearta chun iad a chosaint ar fhoréigean san áireamh.
Sa spotsolas
Tá 90 milliún Eorpach faoi mhíchumas, agus tá sé riachtanach dá bharr sin cuimsiú iomlán a bhaint amach, ní hamháin chun a chinntiú go n-urramófar a gcearta, ach chun borradh a chur faoi gheilleagar agus faoi dhaonlathas na hEorpa freisin. Chuige sin, tá dlús á chur ag an gCoimisiún lena iarrachtaí trí phlean sóisialta uaillmhianach. San áireamh sa phlean tá an méid a leanas: an Cárta Míchumais Eorpach agus an Cárta Páirceála Eorpach a chur i bhfeidhm ar fud an Aontais, Comhghuaillíocht um Maireachtáil Neamhspleách a sheoladh chun tacaíocht phobalbhunaithe a chur in ionad institiúidí, feabhas a chur ar inrochtaineacht iompair agus infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí cúnta ar nós uirlisí intleachta saorga.

Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 26 Meitheamh 2026