An méid a dhéanann an tAontas Eorpach
Is é is aidhm do bheartais fostaíochta agus gnóthaí sóisialta an Aontais poist ardcháilíochta a chruthú ar fud an Aontais, tacú le hoibrithe fostaíocht a fháil laistigh dá dtír dhúchais agus i mBallstáit eile araon, agus forbairt scileanna agus fiontraíocht a chur chun cinn. Dírítear sna beartais sin freisin ar chórais slándála sóisialta a nuachóiriú agus a chomhordú, ar dhálaí oibre a fheabhsú trí chaighdeáin íosta choiteanna, ar chuimsiú sóisialta a chothú, agus ar aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht agus ar an easpa dídine. Ina theannta sin, oibríonn siad chun cearta daoine faoi mhíchumas a chosaint, rud a chinntíonn comhionannas deiseanna do chách.
Déanann an tAontas Eorpach maoiniú a chur ar fáil agus a chomhordú chun cabhrú leis na Ballstáit infheistíocht a dhéanamh i réimsí amhail cúram leanaí, cúram sláinte, an oiliúint, bonneagar inrochtana agus cabhair maidir le post a fháil.

Príomhfhigiúirí faoi Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta
I gColún Eorpach na gCeart Sóisialta leagtar amach 20 bunphrionsabal agus ceart d’fhonn tacú le cothroime agus dea-fheidhmiú na margaí saothair agus na gcóras leasa shóisialta. Leagtar síos i bPlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta spriocanna sóisialta atá le baint amach ag an Aontas faoi 2030.
Réimsí gníomhaíochta
Tionscnaimh maidir le tithíocht, iompar, fuinneamh agus bia inacmhainne
Rialacha a chuidíonn chun a chinntiú go dtuilleann oibrithe pá íosta leordhóthanach
Prionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann idir fir agus mná a neartú trí thrédhearcacht
Plean chun oideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil ar ardchaighdeán a fheabhsú
Feabhas a chur ar dhálaí oibre na ndaoine a oibríonn trí ardáin dhigiteacha
Cuidiú le daoine óga aistriú go réidh ón oideachas go dtí an obair agus dífhostaíocht fhadtéarmach a chosc i measc an aosa óig
A chinntiú go mbeidh rochtain ag gach leanbh atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta ar chearta bunúsacha, amhail cúram sláinte agus oideachas.
Rochtain ar chúram sláinte poiblí is gá agus tú ag fanacht go sealadach san Aontas, sa LEE, san Eilvéis, nó sa Ríocht Aontaithe, faoi na coinníollacha céanna le cónaitheoirí áitiúla
Cuidíonn EURES le cuardaitheoirí poist poist a aimsiú agus le fostóirí daoine a earcú ó áit ar bith san Eoraip
Na príomhéachtaí
- Tá rialacha curtha i bhfeidhm ag an Aontas chun feabhas a chur ar leordhóthanacht an phá íosta agus chun cómhargáil a chur chun cinn. Cinntíonn pá leordhóthanach caighdeán leordhóthanach maireachtála do chách agus feabhsaíonn sé cothroime shóisialta.
- Leagamar amach rialacha chun dálaí oibre oibrithe ardáin a fheabhsú. As 28 milliún duine a oibríonn trí ardáin dhigiteacha, d’fhéadfadh suas le 4.1 milliún duine acu a aicmítear go mícheart mar dhaoine féinfhostaithe a bheith ina bhfostaithe. Bainfidh na hoibrithe sin tairbhe as cearta saothair agus sóisialta, ina measc sin árachas sláinte, saoire le pá, tacaíocht dífhostaíochta agus rochtain ar chosaint shóisialta.
- San Aontas Eorpach, tuilleann na mná 13% níos lú ná na fir as an obair chéanna. Tá rialacha leagtha amach againn maidir le trédhearcacht pá, chun an bunphrionsabal a bhaint amach go bhfuil pá comhionann as obair chomhionann tuillte ag cách. Beidh ar chuideachtaí a bhfuil níos mó ná 100 fostaí acu eolas a fhoilsiú maidir leis an mbearna phá idir oibrithe ar mná iad agus oibrithe ar fir iad.
- Cinntítear leis an Ráthaíocht don Aos Óg go dtairgtear post, oideachas leanúnach, tréimhse oiliúna, nó printíseacht do dhaoine óga laistigh de 4 mhí tar éis dóibh a bpost a chailleadh nó an t-oideachas a fhágáil. Ó bhí 2013 ann, chuidigh an Ráthaíocht Eorpach don Aos Óg le níos mó ná 50 milliún duine óg.
- Ó bhí 2022 ann, tá níos mó ná 4 mhilliún Úcránach tar éis tairbhe a bhaint as cosaint shealadach, rud a chuir ar a gcumas a saol a atógáil agus a bheith ag obair san Aontas.
- Ó bhí 2020 ann, spreagtar leis an gComhshocrú um Scileanna eagraíochtaí poiblí agus príobháideacha dul i gcomhar le chéile chun oibrithe a uas-sciliú agus a athsciliú. Go dtí 2024, bhí níos mó ná 2,500 comhalta aige a bhfuil oiliúint curtha ar níos mó ná 3.5 milliún duine acu i dteannta a chéile.
- Ó 2007 go 2024 rinne an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha idirghabháil i 182 chás, agus leithdháileadh €700 milliún leis chun cuidiú a thabhairt do níos mó ná 170,000 duine i 20 Ballstát.
Sa spotsolas
Déanann an bhochtaineacht difear do dhuine amháin as gach cúigear Eorpach, ina measc sin leanbh amháin as gach ceathrar, agus tá thart ar 1 mhilliún duine gan dídean ar fud an Aontais.
Tá pacáiste beart molta ag an gCoimisiún chun cur leis an iarracht ar dheireadh a chur leis an mbochtaineacht agus leis an ngéarchéim tithíochta, ina measc sin an chéad straitéis frithbhochtaineachta riamh de chuid an Aontais, Ráthaíocht neartaithe do Leanaí agus gníomhaíocht chun aghaidh a thabhairt ar eisiamh tithíochta.

Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 6 Bealtaine 2026