Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Fuinneamh

An méid a dhéanann an tAontas Eorpach

Na torthaí a bhfuiltear ag súil leo

42.5% is é sin sprioc 2030 maidir le sciar na bhfoinsí in-athnuaite sa mheascán fuinnimh
11.7% is é sin an laghdú ar thomhaltas fuinnimh faoi 2030, i gcomparáid le réamh-mheastacháin 2020
15% is é sin an sprioc idirnaisc do 2030 ar mhaithe le tíortha an Aontais a spreagadh chun a gcórais leictreachais a nascadh le chéile

Réimsí gníomhaíochta

Faigh tuilleadh eolais faoi ghníomhaíochtaí an Aontais chun sciar an fhuinnimh in-athnuaite san Eoraip a mhéadú

Is acmhainn luachmhar é an fuinneamh. Faigh eolas faoin gcaoi a gcinntíonn an tAontas gur féidir linn an úsáid is éifeachtúla a bhaint as

Féach leat na rialacha lena múnlaítear margaí fuinnimh an Aontais agus lena gcosnaítear agus lena gcumhachtaítear tomhaltóirí

Conas a chinntíonn an tAontas soláthairtí fuinnimh iontaofa do shaoránaigh agus do ghnólachtaí an Aontais?

Is iad na heangacha cnámh droma chórais fuinnimh an Aontais. Faigh eolas faoin gcaoi a bhfuil ár n-eangacha á neartú agus á leathnú ag an Aontas

Tá sé ríthábhachtach taighde agus nuálaíocht a chur chun cinn chun an t-aistriú fuinnimh a bhaint amach agus chun iomaíochas a fheabhsú. Faigh eolas faoin méid a dhéanann an tAontas

Ó shábháilteacht núicléach a chinntiú go tacú le húsáid teicneolaíochtaí radaíochta agus núicléacha sa leigheas, féach leat beartas fuinnimh núicléach an Aontais

Faigh amach faoi bheartais agus tionscnaimh áitiúla an Aontais chun aistriú fuinnimh cóir a chinntiú nach bhfágfaidh aon duine ar lár

Na príomhnithe a baineadh amach

  • Trí fhoinsí fuinnimh gaoithe, gréine agus eile in-athnuaite a chur chun cinn, b’ionann fuinneamh in-athnuaite agus 24.6 % d’ídiú fuinnimh an Aontais in 2023. Is sciar suntasach é sin, agus toradh i bhfad níos airde ná mar a bhí 10 mbliana roimhe sin. Mar sin féin, tá obair fós le déanamh chun an sprioc 42.5% a bhaint amach faoi 2030.
  • Tá cuideachtaí in earnáil an fhuinnimh in-athnuaite rathúil, agus tacaíonn siad le poist ghlasa a chruthú. Faoi 2022, bhí os cionn 1.6 milliún duine fostaithe in earnáil an fhuinnimh san Eoraip.
  • Chuidigh infheistíochtaí i mbonneagar fuinnimh trasteorann chun slándáil fuinnimh an Aontais a neartú, trí roinnt réigiún den Aontas a bhí go hiomlán scoite amach a nascadh freisin.
  • Idir 2008 agus 2021, laghdaigh an tAontas astaíochtaí gás ceaptha teasa níos mó ná 20%. Ag an am céanna, tháinig méadú beagnach 10% ar OTI an Aontais. Ós rud é gurb í earnáil an fhuinnimh is cúis le breis agus 75% d’astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais, chuir beartais fuinnimh an Aontais go mór leis an méid sin a bhaint amach.
  • Chun sprioc éifeachtúlachta fuinnimh 2030 a bhaint amach, tá bearta tugtha isteach ag an Aontas i réimsí beartais leis an acmhainneacht is mó le haghaidh coigilteas fuinnimh agus réimsí ina bhfuil gá le cur chuige comhchuibhithe ar fud na mBallstát. Ní hamháin go laghdaíonn bearta den sórt sin billí fuinnimh, ach cuidíonn siad freisin le gnólachtaí costais oibríochtúla a shábháil, agus an lorg carbóin á laghdú ag an am céanna.

Sa spotsolas

Imeachtaí