Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Buiséad

An méid a dhéantar le buiséad an Aontais:

Déanann buiséad an Aontais comhlánú ar na buiséid náisiúnta. Dírítear é ar réimsí ina mbíonn tionchar níos mó ag gníomhaíocht chomhchoiteann ná mar a d’fhéadfadh tíortha a bhaint amach ina n-aonar. Gach bliain, glactar buiséad bliantúil laistigh den chreat fadtéarmach, lena dtacaítear le tosaíochtaí ar nós an mhéid seo a leanas:

  • Iomaíochas, poist ar ardchaighdeán a chruthú, lena rannchuidítear leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach
  • Tionscadail a bhfuil gné Eorpach ag baint leo, cuir i gcás bonneagar trasteorann, malartuithe mac léinn nó tionscadail ilnáisiúnta
  • Slándáil bia, tacaíocht a thabhairt d’fheirmeoirí, talmhaíocht inbhuanaithe agus ardcháilíocht saoil a chur chun cinn ar fud na réigiún uile
  • Cosaint agus slándáil
  • Freagairt chomhroinnte ar ghéarchéimeanna agus éigeandálaí, cuir i gcás paindéim COVID-19 nó tionchair chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine
  • Gníomhaíochtaí domhanda an Aontais trí chomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta, comhar um fhorbairt agus cabhair dhaonnúil.

Tá an chéad bhuiséad fadtéarmach eile de chuid an Aontais le teacht, ó tharla go bhfuil buiséad ilbhliantúil nua de dhíth ar an Aontas, ó 2028 ar aghaidh.

Príomhfhigiúirí

6.8 milliún
Líon na ndaoine a fuair post trí thionscnaimh Chiste Sóisialta na hEorpa ó 2021 i leith
2.5 milliún
Líon na ngnólachtaí ar tugadh tacaíocht dóibh tríd an mbeartas comhtháthaithe idir 2014 agus 2022
98 milliún tona
An méid CO₂ a gcuirtear cosc ar a scaoileadh gach bliain

Réimsí gníomhaíochta

Eolas faoi thairbhithe buiséid, torthaí tionscadal beartais réigiúnaigh, agus sonraí a bhaineann le Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa 2014-2020

Na príomhnithe a baineadh amach

  • Is é an tAontas an príomhdheontóir cabhrach daonnúla ar domhan. In 2024, leithdháileadh os cionn €2.49 billiún i gcabhair dhaonnúil ó bhuiséad an Aontais, rud a chuidigh le níos mó ná 300 milliún duine.  
  • In 2024, leithdháileadh beagnach €61 bhilliún chun tacú le cuspóirí aeráide, agus díríodh os cionn €14 bhilliún ar chuspóirí bithéagsúlachta. Is ionann na méideanna sin agus 32% agus 6.7% de bhuiséad iomlán an Aontais faoi seach. 
  • In 2024, thacaigh beagnach €38 mbilliún de bhuiséad an Aontais le comhionannas inscne: sin 19% den bhuiséad iomlán.
  • Tá Galileo, córas loingseoireachta satailíte an Aontais, in úsáid ag níos mó ná 4 bhilliún úsáideoir fón cliste ar fud an domhain.
  • Trí bhuiséad an Aontais, bhain 16 mhilliún duine tairbhe as an gClár Erasmus ó bhí 1987 ann, rud a chuir ar a gcumas staidéar, oiliúint nó obair a dhéanamh thar lear.
  • Le hinfheistíochtaí a rinneadh trí bhuiséad an Aontais, maoiníodh suiteáil 3,613 km de cháblaí leictreachais trasteorann idir 2014 agus 2020.
  • Ó thús fhogha na Rúise faoin Úcráin, tá tacaíocht chuimsitheach nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo curtha ar fáil ag an Aontas don Úcráin agus dá muintir. Shlóg sé níos mó ná €158 mbilliún i dtacaíocht airgeadais, eacnamaíoch, dhaonnúil, mhíleata agus taidhleoireachta, i réimsí ríthábhachtacha ina measc, cuir i gcás dímhianú, fuinneamh agus coireanna na Rúise a ionchúiseamh. 
  • Bronnadh níos mó ná 30 duais Nobel ar thaighdeoirí a fuair tacaíodh dá gcuid oibre ó bhuiséad an Aontais, rud a tharraing aird ar fheabhas na heolaíochta san Aontas.
  • In 2024, maoiníodh 5 scannán a ainmníodh do ghradam Oscar le buiséad an Aontais, rud a léiríonn tionchar na tacaíochta do thionscail chruthaitheacha.

Sa spotsolas

An nuacht is déanaí