An méid a dhéanann an tAontas Eorpach
Cosnaíonn an tAontas Eorpach cearta tomhaltóirí agus ráthaíonn sé cuid de na caighdeáin chosanta is airde ar domhan. Le rialacha an Aontais, cosnaítear sláinte, sábháilteacht agus leasanna eacnamaíocha, rud a chinntíonn go gcaitear go cothrom le tomhaltóirí i siopaí, ar líne agus thar theorainneacha agus go bhfuil rochtain acu ar tháirgí sábháilte.
Ó na 1970idí i leith, tá creat láidir de chearta forbartha ag an Aontas, agus cuirtear in oiriúint é do theicneolaíochtaí nua agus d’athruithe sochaíocha. Cosnaítear tomhaltóirí le cúig chroícheart
- an ceart chun cosaint sláinte agus chun sábháilteachta, go háirithe an ceart gan ach táirgí sábháilte a bheith ar fáil ar an margadh (ar líne nó i siopaí traidisiúnta)
- an ceart chun leasanna eacnamaíocha a chosaint
- an ceart chun sásaimh
- an ceart chun faisnéise agus oideachais
- an ceart chun ionadaíochta

I mí na Samhna 2025, d’fhógair an Coimisiún clár oibre 2030 do thomhaltóirí. Leagtar amach ann treoir straitéiseach maidir le beartas tomhaltóirí go dtí deireadh 2030. Díríonn sé ar an margadh aonair do thomhaltóirí a chur i gcrích, forfheidhmiú agus cosaint ar líne a neartú, tomhaltas inbhuanaithe a chur chun cinn, tacú le tomhaltóirí leochaileacha, rialachas agus comhar a fheabhsú, agus ualaí riaracháin a laghdú.
Tacaíonn an tAontas freisin le heagraíochtaí náisiúnta tomhaltóirí agus le BEUC, an eagraíocht tomhaltóirí ar an leibhéal Eorpach, agus maoiníonn sé tionscadail maidir le hoideachas, comhairle fiachais, agus cosaint do thomhaltóirí leochaileacha.
Príomhfhigiúirí
Réimsí gníomhaíochta
Beartais, straitéisí agus staidrimh maidir le cosaint an tomhaltóra
An chaoi a gcuirtear dlí na dtomhaltóirí i bhfeidhm ar fud an Aontais agus an chaoi ar féidir leat díospóidí tomhaltóirí a réiteach
Foghlaim faoin gcaoi a gcinntíonn dlí an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí ardchaighdeáin, cleachtais chothroma agus cearta cothroma do gach tomhaltóir
Rialacha maidir le sábháilteacht táirgí neamhbhia a chinntiú san Aontas agus an Córas Mear-Rabhaidh Safety Gate le haghaidh táirgí contúirteacha neamhbhia
Freagairt an Aontais ar chásanna díobhála do shlua mór daoine
Eolas faoi chearta fuinnimh tomhaltóirí, ceanglais maidir le billí fuinnimh, agus billí samplacha
Geilleagar níos iomaíche agus níos tíosaí ar acmhainní a dhéanamh den Eoraip
Comhchaighdeáin Eorpacha inrochtaineachta
Na príomhnithe a baineadh amach
- Déanann margadh aonair an Aontais tuilleadh rogha, tuilleadh solúbthachta, caighdeán níos fearr agus luach níos fearr ar airgead a chur ar fáil do thomhaltóirí. Cinntíonn beartas tomhaltóirí an Aontais go seasfar leis na cearta atá ag daoine má bhíonn aon fhadhb acu agus iad ag ceannach earraí nó seirbhísí ó Bhallstáit eile, ceannach ar líne san áireamh, rud a chothaíonn muinín agus a thugann spreagadh don trádáil.
- Baineann daoine san Aontas tairbhe as caighdeáin chomhshaoil atá i measc na gcaighdeán is airde ar domhan. Ina measc sin tá billí leictreachais trédhearcacha, praghsáil shoiléir i siopaí, muirir fánaíochta chothroma, agus cearta láidre do cheannacháin ar líne, a bhfuil dlí tomhaltóirí an Aontais mar bhonn taca leo go léir.
- Cinntítear le Rialachán an Aontais maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí nach bhfuil ach táirgí sábháilte, cibé acu a dhéantar laistigh nó lasmuigh den Aontas iad, ar fáil lena ndíol le tomhaltóirí (ar líne nó i siopa traidisiúnta), rud a chruthaíonn cothrom iomaíochta do ghnólachtaí.
- Cuireann suíomh gréasáin Safety Gate eolas nuashonraithe laethúil ar fáil maidir le táirgí contúirteacha a aimsíonn na húdaráis náisiúnta ar an margadh.
- Cuireann an tAontas tacar de chearta praiticiúla ar fáil do thomhaltóirí, cearta is féidir a úsáid nuair a bhíonn fadhb ann. Bíonn tréimhse 14 lá ag custaiméirí ar líne inar féidir leo athmhachnamh a dhéanamh ar a gceannachán agus tarraingt siar as. Féadfaidh siad an táirge a sheoladh ar ais laistigh de choicís agus a gcuid airgid a fháil ar ais.
- Má bhíonn earra a ceannaíodh san Aontas (ar líne nó i siopa) difriúil leis an earra a fógraíodh, nó mura bhfeidhmíonn sé i gceart, tá sé de cheart ag an tomhaltóir deisiú saor in aisce a fháil nó earra eile a fháil ina ionad ar a laghad.
- Rialacha an Aontais maidir le hiasachtaí morgáiste, cinntíonn siad go mbíonn eolas soiléir i bhfógraí agus go dtugtar eolas do thomhaltóirí go tráthúil sula síníonn siad conradh.
- Tá íoschaighdeáin maidir le cearta paisinéirí ann a bhaineann le gach modh iompair, cearta lena n-áirítear eolas, cúnamh agus cúiteamh i gcás cealú nó moill fhada.
- Cuireann an tAontas eolas ar fáil freisin faoi na huirlisí atá ar fáil chun cabhrú le tomhaltóirí agus le trádálaithe a ndíospóidí a réiteach, tríd an suíomh gréasáin maidir le sásamh tomhaltóirí. Cuireann sé sin ar chumas tomhaltóirí agus trádálaithe díospóidí faoi cheannacháin ar líne a réiteach.
- Tugann Líonra na Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí cúnamh agus comhairle saor in aisce do thomhaltóirí maidir le ceannacháin trasteorann. In 2024 aisíocadh os cionn €9 milliún le tomhaltóirí a bhuí le ECC-Net.
- Réitítear os cionn 300,000 díospóid tomhaltóirí gach bliain trí na heintitis um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt san Aontas. Leis an athbhreithniú ar an Treoir maidir le Réiteach Malartach Díospóidí, réiteofaí níos mó díospóidí tomhaltóirí ar an mbealach sin.
- Tá rialacha diana i bhfeidhm a chinntíonn go ndéantar táirgí nach bhfuil sábháilte a tharraingt siar ón margadh, agus tugtar fógra faoi na céadta táirgí gach bliain trí chóras mear-rabhaidh an Aontais maidir le táirgí contúirteacha neamhbhia.
- A bhuí leis an Ionstraim Eorpach um Inrochtaineacht, tá ceanglais inrochtaineachta uile-Aontais ann le haghaidh táirgí agus seirbhísí áirithe, rud a chuireann cuimsiú digiteach do dhaoine faoi mhíchumas chun cinn.
Sa spotsolas
Fuair an Coimisiún agus na húdaráis cosanta tomhaltóirí amach go raibh roinnt lascainí ar líne le linn dhíolachán na hAoine Duibhe agus an Chibear-Luain míthreorach, a bhuí leis an scuab-imscrúdú is déanaí.
Is éard is scuab-imscrúduithe ann scagthástálacha a dhéanann an Coimisiún a chomhordú agus is iad na húdaráis forfheidhmithe náisiúnta a thugann i gcrích iad go comhuaineach.
Ba é ba chuspóir don scuab-imscrúdú sin measúnú a dhéanamh ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann lascainí agus cleachtais phraghsála le linn mórtheagmhais díolacháin dlí tomhaltóirí an Aontais.

Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 22 Bealtaine 2026