Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

An Spás

An méid a dhéanann an tAontas Eorpach

Príomhfhigiúirí

Os cionn 30 Sin líon na satailítí atá faoi úinéireacht an Aontais le haghaidh Fhaire na Cruinne (Copernicus) agus Suí, Loingseoireacht agus Uainiú (Galileo agus Breis-seirbhís na hEorpa um Loingseoireacht Gheochobhsaí (EGNOS))
10% Sin an sciar de OTI an Aontais a dtacaíonn loingseoireacht satailíte leis. Le Loingseoireacht Satailíte agus Faire na Cruinne bhíothas in ann ioncam domhanda os cionn €225 bhilliún a bhaint amach in 2023
Na cumais is fearr atá ar fáil Is é Galileo an córas loingseoireachta satailíte is cruinne ar domhan, a bhfuil cruinneas 20cm aige. Is é Copernicus an soláthraí sonraí spáis is mó ar domhan

Réimsí gníomhaíochta

Córas um loingseoireacht satailíte dhomhanda (GNSS) le haghaidh seirbhísí suite, loingseoireachta agus uainiúcháin

Breis-seirbhís na hEorpa um Loingseoireacht Gheochobhsaí chun gur féidir comharthaí GNSS a úsáid le haghaidh feidhmeanna sábháilteachta anama san eitlíocht

Faire Eorpach na Cruinne (EO) agus monatóireacht bunaithe ar shonraí satailíte agus sonraí nach mbaineann leis an spás

Córas cumarsáide satailíte slán

Cumarsáid satailíte d’údaráis phoiblí

Tacú le fiontraithe, gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna Eorpacha i dtionscal an spáis

Na príomhéachtaí

  • In 2023 ghin tionscal spáis na hEorpa €8.5 billiún as díolacháin bhliantúla, sin dhá oiread an fhigiúir ó 20 bliain ó shin. In 2023 shroich an fhostaíocht san earnáil an leibhéal is airde riamh, is é sin níos mó ná 62,500 post, rud arbh iad na gnólachtaí nuathionscanta spáis a spreag go láidir é. Le 20 bliain anuas, tá an Eoraip tar éis a lucht saothair in earnáil an spáis a dhúbailt.
  • Le Tionscnamh Fiontraíochta Spáis Cassini, cuireadh dlús leis na scórtha gnólachtaí nuathionscanta spáis agus FBManna Eorpacha agus tugadh tacaíocht dóibh. Lena chiste fáis €1 bhilliún, cuireadh caipiteal ar fáil a raibh géarghá leis do chuideachtaí nuálacha, chomh maith le deiseanna oiliúna scileanna, líonraithe agus comhpháirtíochta.
  • Táirgeann Copernicus roinnt teiribheart de shonraí Fhaire na Cruinne (EO) gach lá, rud a fhágann gurb é an soláthraí sonraí EO is mó ar domhan é. Cinntíonn beartas sonraí oscailte Copernicus gur féidir an t-eolas luachmhar sin a rochtain, a úsáid agus a chomhroinnt saor in aisce.
  • Freastalaíonn Copernicus ar na céadta míle úsáideoir ar fud an domhain. Mar shampla, tá níos mó ná 250,000 úsáideoir cláraithe sa Stóras Sonraí Aeráide – agus níl ann ach píosa beag d’éiceachóras ollmhór Copernicus.
  • Cuireann EGNOS comharthaí feabhsaithe, níos sláine agus níos athléimní ar fáil, rud atá oiriúnach d’fheidhmeanna criticiúla amhail an eitlíocht shibhialta. Úsáideann beagnach 450 aerfort agus héileapad i 35 thír EGNOS chun tuirlingtí aerárthaí a threorú go sábháilte.
  • Sábhálann Galileo beatha daoine! Déantar é a ghníomhachtú go huathoibríoch i bhformhór na dtíortha den Aontas agus glao á chur ar 112 ó ghuthán póca. A bhuí leis an Treoir maidir le eCall, cuidíonn Galileo chun íospartaigh timpistí carranna a aimsiú. Is féidir lena shatailítí comharthaí a bhailiú ó rabhcháin éigeandála agus an foláireamh agus an suíomh beacht a chur ar ais chuig ionaid tarrthála. In 2023 chuidigh Galileo le thart ar 1,400 duine ar fud an Aontais i gcásanna éigeandála.
  • Cumhachtaíonn Galileo loingseoireacht le haghaidh breis agus 2.5 billiún guthán cliste, agus cuidíonn sé le húsáideoirí a mbealach a aimsiú, bia a ordú, nó bealach siúlóireachta a phleanáil trí na sléibhte. Tá clúdach domhanda aige ar an talamh, ar an bhfarraige agus san aer.
  • Chun an tslándáil a neartú, sheol an Coimisiún Eorpach agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis Lárionad an Aontais Eorpaigh um Chomhroinnt agus Anailísiú Faisnéise Spáis. Leis an tionscnamh, tagann cuideachtaí spáis an Aontais agus na hIorua le chéile chun an athléimneacht a fheabhsú agus cur i gcoinne bagairtí atá ag teacht chun cinn.
  • Cuidíonn córas faireachais agus rianaithe spáis an Aontais (EU SST) chun níos mó ná 550 satailít ar fud an domhain a chosaint ar imbhuailtí le smionagar spáis nó le satailítí eile. Cuireann Comhpháirtíocht EU SST agus Deasc Thosaigh SST ag EUSPA na seirbhísí sin ar fáil saor in aisce 24/7 d’eintitis an Aontais agus d’eintitis nach den Aontas iad.

Sa spotsolas

Imeachtaí

Níl aon imeacht beartaithe ann faoi láthair.

Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 12 Samhain 2025