An méid a dhéanann an tAontas Eorpach
Cuireann an cultúr go dearfach le sochaí, geilleagar agus caidreamh idirnáisiúnta na hEorpa. Cé go bhfuil a beartais chultúrtha féin ag gach tír den Aontas, tá ról tábhachtach tacaíochta ag an gCoimisiún Eorpach chun cabhrú leis na tíortha den Aontas aghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna agus chun tacú le hearnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta. Faoi láthair, tá cur chuige níos straitéisí á fhorbairt ag an gCoimisiún maidir le beartas cultúrtha, lena ndéanta a chinntiú go mbeidh an cultúr fite fuaite i gceapadh beartas ar bhonn uilechoiteann agus go mbeidh rochtain ag níos mó Eorpach ar an gcultúr.
Chun é sin a bhaint amach, agus chun gnéithe iomadúla an chultúir a threorú agus a chur chun tairbhe, tá creat straitéiseach uileghabhálach curtha chun cinn ag an gCoimisiún in 2025, is é sin an Compás Cultúir don Aontas Eorpach. Tháinig sé in ionad Chlár Oibre Eorpach Nua 2018 le haghaidh an Chultúir.

Fíricí faoin mbeartas cultúir
Réimsí gníomhaíochta
Tionscail atá dírithe ar an gcruthaitheacht agus a mhúnlaíonn an cultúr, an fhéiniúlacht, an nuálaíocht agus an fás eacnamaíoch
Clár suaitheanta maoiniúcháin lena dtacaítear leis na hearnálacha cultúir agus closamhairc
Beartais agus cláir lena bhfeabhsaítear oidhreacht chultúrtha na hEorpa
An cultúr a chur i gcroílár chathracha na hEorpa
Tacaíocht ón Aontas d’aistriú digiteach earnáil an chlosamhairc agus na meán
Na príomhrudaí atá bainte amach
- Ó 1985 i leith, tá níos mó ná 70 cathair ainmnithe mar Phríomhchathracha Cultúir na hEorpa, rud a chothaíonn malartú cultúrtha agus comhthuiscint i measc shaoránaigh na hEorpa. Mar thoradh ar an tionscnamh, rinneadh athghiniúint uirbeach, tháinig méadú ar an turasóireacht, agus tá féiniúlacht Eorpach threisithe ann.
- Thacaigh an tAontas Eorpach go mór le tionscal na scannánaíochta tríd an tsraith MEÁN dá chlár Eoraip na Cruthaitheachta, lena maoinítear forbairt, dáileadh agus cur chun cinn scannán Eorpach. Mar thoradh air sin, fuair go leor scannán a fhaigheann tacaíocht ón Aontas moladh mór ó na léirmheastóirí ag na Oscars, ag Festival de Cannes agus ag féilte scannán mór le rá nach iad.
- Thacaigh an tsraith MEÁN le breis agus 1100 pictiúrlann i 34 thír, agus chuathas i dteagmháil le 65 mhilliún de lucht féachana in aghaidh na bliana, rud a chuir le hinrochtaineacht scannán Eorpach do lucht féachana éagsúil.
- A bhuí le teicneolaíochtaí digiteacha, bhíothas in ann deiseanna nua a chur ar fáil chun ábhar cultúrtha a chaomhnú agus a athúsáid, rud a fhágann go mbíonn sé inrochtana ag gach lucht féachana. Leis an ardán digiteach Europeana, is féidir le daoine iniúchadh a dhéanamh ar shaibhreas na hoidhreachta cultúrtha ó bhreis agus 4,000 músaem, gailearaí, leabharlann agus cartlann ar fud na hEorpa.
- Is é An Cultúr – An Eoraip á bogadh chun cinn an tionscnamh soghluaisteachta cultúrtha is fairsinge atá ag an Aontas. Tá buiséad €25 mhilliún aige ó 2025 go 2028, agus go dtí seo tacaíonn sé le tuairim agus 7,000 ealaíontóir, gairmí cultúrtha agus eagraíocht óstach ar fud na 40 tír atá sa chlár Eoraip na Cruthaitheachta, agus dhá chineál deontais á gcur ar fáil aige: soghluaisteacht aonair agus cónaitheachtaí ealaíontóirí.
Sa spotsolas
An 19 Meitheamh d’athdhearbhaigh na hinstitiúidí Eorpacha a dtiomantas an cultúr a bheith ina chuid lárnach de bheartais an Aontais trí dhearbhú comhpháirteach dar teideal ‘An Eoraip ar son Chultúir, Cultúr ar son na hEorpa’ a shíniú. Leagtar amach sa dearbhú 12 threoirphrionsabal arb é is aidhm dóibh an cultúr a neartú ar fud an Aontais. Cuimsítear leo sin tacaíocht a thabhairt d’ealaíontóirí, an cultúr a dhéanamh níos inrochtana, éagsúlacht chultúrtha agus teanga na hEorpa a cheiliúradh, agus a héagsúlacht chultúrtha a chosaint.
Athbhreithníodh an leathanach seo den uair dheireanach an 2 Iúil 2026