Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Trédhearcacht

Tá an Coimisiún tiomanta don trédhearcacht ar fud a ghníomhaíochtaí agus a phróisis chinnteoireachta. Cuidíonn an chuntasacht sin chun muinín a chothú i measc saoránach agus páirtithe leasmhara ar féidir leo rochtain a fháil ar fhaisnéis chuimsitheach atá cruinn agus cothrom le dáta.

Saoráil faisnéise

I gcomhréir le prionsabal na saorála faisnéise, ceanglaítear ar an gCoimisiún faisnéis a nochtadh. Go praiticiúil, ciallaíonn sé sin rochtain a thabhairt ar fhaisnéis atá i seilbh an Choimisiúin, cuir i gcás téacsanna reachtacha, doiciméid oifigiúla, cláir oibre agus miontuairiscí cruinnithe.  

Eolas a fháil

Faoi Airteagal 15 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá ceart rochtana ar dhoiciméid Pharlaimint na hEorpa, ar dhoiciméid na Comhairle agus ar dhoiciméid an Choimisiúin ag saoránaigh an Aontais agus ag daoine a bhfuil cónaí orthu i mBallstáit an Aontais. Is é is ciall leis sin gur féidir le saoránaigh teacht ar dhoiciméid atá ag an gCoimisiún Eorpach agus ag institiúidí eile, lena gcuimsítear faisnéis faoin reachtaíocht, doiciméid oifigiúla, cartlanna stairiúla, miontuairiscí cruinnithe agus cláir oibre san áireamh. 

Conas rochtain a fháil ar dhoiciméid an Choimisiúin 

Doiciméad de chuid an Choimisiúin a iarraidh 

Freagraí ar achainíocha a seoladh chuig Coimisinéirí 

Faisnéis agus Bainistiú doiciméad

Forbairt dlí nua de chuid an Aontais atá beartaithe a rianú

Is féidir le saoránaigh fanacht ar an eolas faoi fhorbairt dhlíthe beartaithe an Aontais, ar feadh an phróisis ar fad – ón nóiméad a chomhaontaíonn an Coimisiún leis, go dtí go nglactar an dlí. Is féidir leo páirt a ghlacadh freisin i gceapadh beartas oscailte agus i gcinnteoireacht oscailte.

Tá an Coimisiún trédhearcach i gcónaí agus a chinntí á n-ullmhú aige, go háirithe i dtaca le cé a imríonn tionchar orthu, tríd an gClár Trédhearcachta. Éascaíonn an Clár grinnscrúdú poiblí ar reachtóireacht agus ar chur chun feidhme bheartais an Aontais.

Coinníonn an Coimisiún clár de na coistí freisin, ar a dtugtar coistí coisteolaíochta, a bhfuil sé de chúram orthu maoirseacht a dhéanamh ar obair an Choimisiúin agus gníomhartha cur chun feidhme á nglacadh aige. Tá liosta de na coistí seo sa chlár mar aon le heolas cúlra agus doiciméid a bhaineann lena gcuid oibre.

An reachtóireacht a rianú 

Comhairliúcháin

An clár trédhearcachta 

Clár na Coisteolaíochta

Faighteoirí maoiniúcháin

Faigh eolas faoi thairbhithe cistí atá bronnta ag an gCoimisiún Eorpach. Is féidir amharc ar an gCóras Trédhearcachta Airgeadais de réir bliana, agus anailís a dhéanamh, mar shampla, ar mhéid an mhaoinithe, ar chuspóir an mhaoinithe agus ar shonraí na dtairbhithe. 

Is féidir teacht ar shonraí an mhaoinithe a thug an Coimisiún Eorpach uaidh go díreach (ó bhí 2007 ann), agus ar shonraí na ndaoine/na ndreamanna a fuair maoiniú tríd an gCiste Forbraíochta Eorpach (ó bhí 2010 ann). Chun é sin a dhéanamh, cuardaigh sa bhunachar d'fhaighteoirí maoiniúcháin 

Saineolaithe seachtracha agus comhairleoirí speisialta

Tá clár curtha ar bun ag an gCoimisiún de ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin agus d'eintitis eile den saghas céanna a chuireann comhairle air i dtaca le reachtaíocht an Aontais.

Is féidir leis an gCoimisiún comhairleoirí speisialta a roghnú freisin bunaithe ar a saineolas agus ar a gcáilíochtaí.

An clár de ghrúpaí saineolaithe

Comhairleoirí speisialta 

Clár an Oifigigh Cosanta Sonraí

Ní mór don Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) clár a choinneáil de na hoibríochtaí próiseála go léir a dhéanann an Coimisiún ar shonraí pearsanta. Is féidir le duine leasmhar ar bith rochtain a fháil ar an gclár agus caithfear cuspóir agus dálaí gach oibríochta próiseála a mhíniú.

Clár an Oifigigh Cosanta Sonraí