Ullmhú chun freagairt ar ghéarchéimeanna Tá bagairtí gan fasach os comhair an Aontais Eorpaigh, ó theannas agus coinbhleachtaí geopholaitiúla, rioscaí cibearshlándála agus ionramhála faisnéise, go dtí an t-athrú aeráide agus rioscaí méadaitheacha guaiseacha nádúrtha. Chun borradh a chur faoi chumas an Aontais na bagairtí sin a thuar, a chosc agus freagairt orthu, chuir an Coimisiún an straitéis um aontas na hullmhachta i láthair.Is é is aidhm don straitéis feabhas a chur ar ullmhacht shibhialta agus mhíleata an Aontais agus ar a ullmhacht i leith géarchéimeanna a bheidh ann amach anseo, ionas go mbeidh na gníomhaithe uile réidh agus in ann freagairt go gasta agus go héifeachtach más gá. Cuideoidh an straitéis le hiarrachtaí ullmhachta náisiúnta trí chomhordú agus éifeachtúlacht a fheabhsú laistigh de na straitéisí atá ann cheana agus trí chultúr athléimneachta a chothú trí rannpháirtíocht gach leibhéil den tsochaí. Radharc den Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha (ERCC) Is ar an méid seo a leanas atá an straitéis bunaithe:cur chuige comhtháite uile-ghuaise: lena ndírítear ar ullmhú do gach cineál guaise agus ar fhreagairt orthu, seachas aghaidh a thabhairt orthu astu féincur chuige uile-shochaí ba cheart rannpháirt a bheith ag gach earnáil, gach eagraíocht agus gach duinecur chuige uile-rialtais: gníomhaireachtaí agus ranna rialtais comhordú agus comhoibriú a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar ghuaiseacha ar bhealach níos éifeachtaí San áireamh sa straitéis tá gníomhaíochtaí mionsonraithe chun cuspóirí aontas na hullmhachta a chur chun cinn. Príomhghníomhaíochtaí na straitéise um aontas na hullmhachta Fadbhreathnaitheacht agus réamhaíochtmeasúnú cuimsitheach de chuid an Aontais a fhorbairt ar rioscaí agus ar bhagairtídeais ghéarchéime a bhunú do lucht déanta cinntían Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha a neartúcatalóg AE a fhorbairt um oiliúint agus ardán um cheachtanna foghlamtha a fhorbairtSeirbhís Rialtais um Fhaire na Cruinne (SRFC) de chuid an Aontais a bhunúAthléimneacht feidhmeanna sochaíocha ríthábhachtachapleanáil ullmhachta agus freagartha maidir le géarchéimeanna sláinteullmhacht trí dhearadh a leabú i mbeartais agus gníomhaíochtaí an Aontaisíoscheanglais ullmhachta a ghlacadhathbhreithniú a dhéanamh ar Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialtastraitéis stoc-charntha an Aontais a mholadhplean um oiriúnú don athrú aeráide a mholadhsoláthar uisce agus acmhainní nádúrtha criticiúla eile a chinntiú Ullmhacht an daonracórais luathrabhaidh a fheabhsúfeasacht a mhéadú maidir le rioscaí agus bagairtícláir múscailte feasachta a chur chun cinn, amhail painéil saoránach, feachtais ar líne, agus sraitheanna uirlisí le haghaidh cumarsáid straitéiseach agus chun cur i gcoinne na hionramhála faisnéisetreoirlínte a fhorbairt chun neamhthuilleamaíocht uilephobail 72 uair an chloig ar a laghad a bhaint amachullmhacht a bheith san áireamh i gcuraclaim oideachais scoileanna agus oiliúint a chur ar bhaill foirne oideachaisullmhacht a chur chun cinn i gcláir óigetallann a mhealladh chun ullmhacht an Aontais a threisiúComhar poiblí príobháideachtascfhórsa poiblí-príobháideach um ullmhacht a bhunúprótacail éigeandála phoiblí-phríobháideacha a fhorbairtathbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat soláthair phoiblílárionad Eorpach saineolais maidir le slándáil taighde a bhunúComhar sibhialta míleatasocruithe cuimsitheacha a bhunú maidir le hullmhacht shibhialta-mhíleatacaighdeáin a fhorbairt le haghaidh pleanáil agus infheistíocht dé-úsáide shibhialta mhíleata cleachtaí tráthrialta an Aontais a eagrú chun ullmhacht chuimsitheach a chur chun cinnComhordú freagartha ar ghéarchéimeannamol comhordúcháin géarchéime de chuid an Aontais a chur ar bunborradh a chur faoi rescEU – cúltaca acmhainneachtaí freagartha ar leibhéal an AontaisAthléimneacht trí chomhpháirtíochtaí seachtrachaathléimneacht fhrithpháirteach le tíortha is iarrthóirí a chur chun cinnullmhacht agus athléimneacht a chomhtháthú i gcomhpháirtíochtaí déthaobhacha agus in institiúidí iltaobhachaullmhacht agus athléimneacht a chomhtháthú sa chomhar le ECATathléimneacht fhrithpháirteach a fhorbairt trí bheartais sheachtracha eacnamaíocha agus forbartha Cúlra Ina treoirlínte polaitiúla, leag Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, béim ar a thábhachtaí atá sé cumais na hEorpa a fhorbairt chomh maith leis an ngá atá le huaillmhian nua maidir le hullmhacht i leith géarchéimeanna agus slándála.I dtuarascáil Niinistö maidir le hullmhacht agus réidhe an Aontais, leagadh béim ar a phráinní atá sé ullmhacht shibhialta agus mhíleata na hEorpa a neartú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin slándála. Aithníodh inti gur freagracht náisiúnta agus freagracht chomhroinnte Eorpach í an ullmhacht araon lena gceanglaítear ar an Aontas ról níos láidre a bheith aige chun tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit. Doiciméid 26 MÁRTA 2025Factsheet - Preparedness union strategy 26 MÁRTA 2025EU preparedness union strategy to prevent and react to emerging threats and crises 26 MÁRTA 2025Questions and answers on the EU preparedness union strategy 24 MÁRTA 2025EU preparedness union strategy - Communication 25 MÁRTA 2025EU preparedness union strategy - Annex Naisc ghaolmhara Ré nua maidir le cosaint agus slándáil na hEorpaTuarascáil ón gComhairleoir Speisialta NiinistöCivil protectionEuropean Civil Protection PoolSeirbhís Bainistithe Práinne CopernicusGuaiseacha nádúrtha agus guaiseacha de dhéantús an duineAn Lárionad Eolais um Bainistiú Riosca TubaistíFadbhreathnaitheachtAthléimneacht na hEorpa a threisiú i ndomhan atá ag athrúLíonra eolais Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 23 Bealtaine 2025
Tá bagairtí gan fasach os comhair an Aontais Eorpaigh, ó theannas agus coinbhleachtaí geopholaitiúla, rioscaí cibearshlándála agus ionramhála faisnéise, go dtí an t-athrú aeráide agus rioscaí méadaitheacha guaiseacha nádúrtha. Chun borradh a chur faoi chumas an Aontais na bagairtí sin a thuar, a chosc agus freagairt orthu, chuir an Coimisiún an straitéis um aontas na hullmhachta i láthair.Is é is aidhm don straitéis feabhas a chur ar ullmhacht shibhialta agus mhíleata an Aontais agus ar a ullmhacht i leith géarchéimeanna a bheidh ann amach anseo, ionas go mbeidh na gníomhaithe uile réidh agus in ann freagairt go gasta agus go héifeachtach más gá. Cuideoidh an straitéis le hiarrachtaí ullmhachta náisiúnta trí chomhordú agus éifeachtúlacht a fheabhsú laistigh de na straitéisí atá ann cheana agus trí chultúr athléimneachta a chothú trí rannpháirtíocht gach leibhéil den tsochaí. Radharc den Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha (ERCC)