An méid a dhéanann an tAontas Eorpach
Is cuid den saol laethúil é an spórt ag na milliúin Eorpach. Cuidíonn sé le daoine a bheith sláintiúil, foghlaim, nascadh le daoine eile, agus cuireann sé borradh faoin nuálaíocht agus faoin ngeilleagar fiú.
Sa lá atá inniu ann, meastar gur leas poiblí é an spórt agus gur sócmhainn luachmhar Eorpach é – go sóisialta, go heacnamaíoch, go polaitiúil agus go cultúrtha.
Cuireann an Coimisiún Eorpach spórt san Aontas chun cinn tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
- samhail spóirt Eorpach a fhorbairt lena gcomhtháthaítear luach eacnamaíoch, sóisialta agus oideachasúil an spóirt
- tacú le tíortha an Aontais a mbeartais náisiúnta spóirt a chomhordú, i gcomhréir le Plean Oibre an Aontais Eorpaigh don Spórt (2024-2027)
- deiseanna maoiniúcháin a chur ar fáil do thionscadail agus do thionscnaimh spóirt trí chláir amhail Erasmus+
- buntáistí an spóirt agus na gníomhaíochta coirp a chur chun cinn trí fheachtais uile-Aontais amhail Seachtain Eorpach an Spóirt nó Gradaim Spóirt #BeActive an Aontais
- spásanna a chruthú le haghaidh idirphlé agus dea-chleachtais a chomhroinnt i measc páirtithe leasmhara spóirt, trí thionscnaimh amhail Fóram Spóirt an Aontais nó tionscnamh SHARE 2.0

Fíricí faoin mbeartas spóirt
Réimsí gníomhaíochta
Tosaíochtaí, cuspóirí agus gníomhaíochtaí bheartas spóirt an Aontais
An tionscnamh spóirt is mó de chuid an Aontais, lena gcuirtear stíl mhaireachtála ghníomhach chun cinn ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin
Tionscnaimh spóirt a cheiliúradh agus daoine aonair a spreagadh
Comhoibriú agus malartú eolais i réimse an spóirt
Imeacht bliantúil faoi chlár spóirt Erasmus+
Imeacht suaitheanta bliantúil spóirt an Choimisiúin
Tionscnaimh agus staitisticí maidir le gníomhaíocht choirp agus sláinte san Aontas
Cultúr spóirt na hEorpa: córas spóirt atá bunaithe ar an dlúthpháirtíocht, atá oscailte agus atá faoi stiúir na cónaidhme
Na príomhnithe a baineadh amach
- Gach bliain, cuireann snáithe spóirt chlár Erasmus+ níos mó ná €80 milliún ar fáil chun tacú le tionscadail agus tionscnaimh spóirt, rud a chuireann borradh faoin gcuimsiú, faoin rannpháirtíocht agus faoin bhfothú acmhainneachta ar fud na hearnála.
- Ó 2023 i leith, le gníomhaíocht nua Erasmus+ cuireadh ar chumas níos mó ná 3,300 cóitseálaí agus gairmí spóirt ar fud na hEorpa páirt a ghlacadh in eispéiris soghluaisteachta thar lear dá bhforbairt ghairmiúil.
- In 2025 thug Seachtain Eorpach an Spóirt os cionn 15 mhilliún duine le chéile le breis agus 80,000 gníomhaíocht i mbeagnach 40 tír.
- Tá méadú ag teacht ar an gcaoi a bhfuil Treoirlínte an Aontais maidir le Gníomhaíocht Coirp á gcur i bhfeidhm ag tíortha an Aontais. Idir 2015 agus 2024, tháinig méadú ar sciar na spriocanna a baineadh amach ó thart ar 65% go beagnach 82%.
Sa spotsolas
An 9 Bealtaine 2026 rinneadh Lá na hEorpa a cheiliúradh ar fud an Aontais tríd an spórt freisin. D’imir lúthchleasaithe sacar, cispheil, eitpheil, agus go leor eile, iad ag caitheamh dathanna Eorpacha le linn a gcluichí.
Gabhaimid buíochas leis na lúthchleasaithe, na clubanna agus an lucht leanúna a dhéanann ceiliúradh ar an Eoraip tríd an spórt, ní hamháin ar Lá na hEorpa, ach gach lá.
Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 31 Márta 2026