An méid a dhéanann an tAontas Eorpach
Tá ról ríthábhachtach ag an Aontas maidir le freagairtí ar tubaistí a chomhordú ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin, agus aghaidh á tabhairt aige ar eipidéimí, tuilte, stoirmeacha, dóiteáin foraoise, creathanna talún agus tubaistí arb é an duine is cúis leo.
Is éard atá i gceist le cúnamh cosanta sibhialta cúnamh a thugtar roimh thubaiste, nó díreach ina dhiaidh sin. D’fhéadfadh soláthairtí, cuir i gcás cógais, earraí dídine, nó aonaid íonaithe uisce a bheith mar chuid den chabhair sin. Is minic a chuirtear foirne speisialaithe ar fáil, cuir i gcás comhraiceoirí dóiteáin nó foirne cuardaigh agus tarrthála, mar aon le saineolaithe a dhéanann measúnú agus comhordú ar iarrachtaí fóirithinte ar an láthair. Ina theannta sin, is cuid thábhachtach den chúnamh a chuirtear ar fáil é saoránaigh den Aontas a aisdúichiú.
Príomhchuspóirí:
- beatha a shábháil agus a chaomhnú
- fulaingt an duine a chosc agus a mhaolú
- sláine agus dínit na bpobal a ndéanann guaiseacha nádúrtha agus géarchéimeanna de dhéantús an duine difear dóibh a chosaint

Fíricí agus figiúirí
Réimsí gníomhaíochta
Creat um chomhar idir tíortha an Aontais agus 10 stát rannpháirteacha chun freagairt ar ghuaiseacha nádúrtha agus ar thubaistí arb é an duine is cúis leo
Mol comhordúcháin a dhéanann monatóireacht ar imeachtaí ar fud an domhain 24/7 agus a chinntíonn imscaradh tapa tacaíochta éigeandála
Córais freagartha níos athléimní a thógáil trí luathrabhadh agus eolas
Tacaíocht a thabhairt do thíortha an Aontais nuair a shroicheann géarchéim scála agus tionchar nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe
Cúnamh leighis tapa agus saineolas sláinte poiblí d’éigeandálaí sláinte laistigh agus lasmuigh den Aontas
Cúltaca straitéiseach d’acmhainneachtaí freagartha ar thubaistí na hEorpa, ó eitleáin agus héileacaptair comhraic dóiteáin go hearraí leighis agus ospidéil mhachaire
Freagairt an Aontais ar fhalscaithe san Eoraip agus níos faide i gcéin
Cúnamh le haghaidh tacaíocht chonsalach do shaoránaigh i gcásanna éigeandála, mar shampla, i gcomhthéacs oibríochtaí aslonnaithe
Tacaíocht ón Aontas do ghníomhaíochtaí coisctheacha, ullmhachta, freagartha agus téarnaimh
Na príomhrudaí a baineadh amach
- Is féidir Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta a úsáid laistigh agus lasmuigh den Aontas, rud a chuireann ar chumas aon tíre cúnamh a iarraidh. In 2024 gníomhachtaíodh an Sásra 58 n-uaire chun freagairt, i measc nithe eile, (i) ar an gcogadh san Úcráin agus ar an gcoinbhleacht sa Mheánoirthear, (ii) ar thuilte sa Fhrainc, sa tSeicia, sa Pholainn, sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin, agus sa Spáinn; (iii) ar fhalscaithe san Eoraip agus i Meiriceá Laidineach; (iv) ar chioclón trópaiceach Chido in Mayotte.
- Tá an oibríocht éigeandála is mó riamh á reáchtáil ag an Aontas faoi Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta, mar fhreagairt ar an gcogadh san Úcráin. Tá cúnamh comhchineáil curtha ar fáil ag gach ceann de 27 mBallstát an Aontais agus ag na 6 stát rannpháirteacha, na milliúin earraí ina measc, cuir i gcás fearais gharchabhrach, trealamh dídine, trealamh comhraicthe dóiteáin, caidéil uisce, gineadóirí cumhachta, agus breosla. Tá aslonnuithe leighis á gcomhordú ag an Aontas freisin d’othair ón Úcráin a bhfuil cóireáil de dhíth orthu go práinneach, é á n-aistriú chuig ospidéil ar fud na hEorpa.
- Is cúltaca straitéiseach é rescEU de chumais agus de stoc-chairn na hEorpa chun freagairt ar thubaistí, agus tá sé maoinithe go hiomlán ag an Aontas. Is éard atá ann flít eitleán agus héileacaptar comhraic dóiteáin, eitleán aslonnaithe leighis, agus roinnt stoc-chairn riachtanacha. Cuimsítear orthu sin ospidéil mhachaire, sócmhainní iompair, earraí fuinnimh agus dídine, soláthairtí leighis criticiúla, agus trealamh chun freagairt ar éigeandálaí ceimiceacha, bitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha (CBRN).
- Trí acmhainneachtaí cosanta sibhialta a chomhthiomsú le chéile, is féidir freagairt chomhchoiteann níos láidre agus níos comhleanúnaí a bheith ann. Maidir le séasúr falscaithe 2024, chuir an Chipir, an tSeicia, an Ghearmáin, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Chróit, an Iodáil, an Phortaingéil agus an tSualainn 24 eitleán comhraic dóiteáin agus 4 héileacaptar le chéile ar fáil do Bhallstáit eile i gcásanna éigeandála.
- A bhuí le clár an Chóir Liachta Eorpaigh, is féidir cúnamh leighis tapa agus saineolas sláinte poiblí a chur ar fáil mar fhreagairt ar éigeandálaí sláinte laistigh agus lasmuigh den Aontas. Rinneadh imscaradh le déanaí mar fhreagairt ar COVID-19, pléascanna, creathanna talún agus cioclóin thrópaiceacha.
Sa spotsolas
I ngeall ar an athrú aeráide, is minice a tharlaíonn falscaithe agus is mó an scrios a dhéanann siad. In 2025 amháin, dódh 1 mhilliún heicteár talún ar fud an Aontais de bharr falscaithe, agus ba é sin an méid is mó talún riamh. Mar fhreagairt air sin, tá an líon is mó riamh de chomhraiceoirí dóiteáin, d’aerárthaí agus de shaineolaithe éigeandála á gcur ar fáil ag an Aontas an samhradh seo le cabhrú chun beatha daoine, tithe agus an dúlra a chosaint.

Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 2 Meitheamh 2026