Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Ár gcáilíocht saoil a choinneáil ar bun: slándáil bia, uisce agus an dúlra

Forléargas

Tá cáilíocht saoil na hEorpa ag brath ar sholáthar slán inacmhainne bia áitiúil ar ardchaighdeán. Tá an bia is sláintiúla agus den chaighdeán is airde ar domhan againn, a bhuíochas dár bhfeirmeacha agus don earnáil agraibhia i gcoitinne. Oibreoidh an Coimisiún Eorpach chun a chinntiú go mbeidh an fheirmeoireacht fós ina cuid lárnach de dhóigh bheatha na hEorpa agus beidh sé mar aidhm aige borradh a chur faoi inbhuanaitheacht agus iomaíochas ár ngeilleagair ghoirm.

Beidh sé sin fite fuaite le cosaint ár ndomhan nádúrtha, áit a bhfuil cónaí ar go leor Eorpach agus ar taitneamhacht thábhachtach é, agus é ríthábhachtach chun ár n-aeráid a rialáil agus chun slándáil bia agus uisce a chinntiú. Is acmhainn chothrománach é an t-uisce atá riachtanach don táirgeadh bia, don tsláinte, don bhonneagar, do chosaint na n-éiceachóras agus don gheilleagar ina iomláine. De réir mar a fhoghlaimímid maireachtáil le tionchair ár n-aeráide atá ag athrú, déanfaimid cinnte go leanfaimid orainn ag oiriúnú do na dúshláin a thagann chun cinn agus a bheith níos ullmhaithe dóibh.

Léargas ar na figiúirí

9 milliún líon na bhfeirmeacha san Aontas Eorpach
Níos mó ná 17 milliún líon na ndaoine atá ag obair in earnáil na talmhaíochta san Aontas
€650 billiún costas na nguaiseacha nádúrtha san Aontas ó 1980 go 2022 (ar tháinig thart ar 16% acu chun cinn in 2021-22)

Cuspóirí

Le linn shainordú an Choimisiúin idir 2024 agus 2029 agus chun ár gcáilíocht saoil a chothú, déanfaimid an méid seo a leanas:

  • Icon_green
    Córas talmhaíochta agus bia atá iomaíoch athléimneach a thógáil agus an bhithéagsúlacht a chosaint

    chun tacú lenár bhfeirmeoirí agus chun ár mbia sláintiúil a chosaint

  • Icon_green
    Oiriúnú agus ullmhú d’aeráid atá ag athrú

    chun a bheith ullamh agus cabhrú leo siúd atá thíos leis

An chaoi a mbainfimid ár gcuspóirí amach

Chun cáilíocht saoil shaoránaigh an Aontais a chothú, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

Córas talmhaíochta agus bia atá iomaíoch athléimneach a thógáil agus an bhithéagsúlacht a chosaint

Borradh a chur faoin oiriúnú don athrú aeráide, ullmhacht agus dlúthpháirtíocht

An dul chun cinn go dtí seo

Déan monatóireacht ar dhul chun cinn tionscnamh nua, dlíthe atá beartaithe agus athruithe reachtacha faoin tosaíocht seo, lean iad, agus coinneáil cothrom le dáta leo

  1. Iúil 2026

    Straitéis nua d’earnáil an bheostoic chun a chinntiú go leanfaidh sí de bheith láidir agus athléimneach san fhadtéarma

  2. Bealtaine 2026

    Tionscnamh um Fhaire na nAigéan chun an tAontas a chur ar an bpríomhsholáthraí faisnéise aigéan ar domhan

    Plean gníomhaíochta chun soláthar leasacháin agus slándáil bia na hEorpa a chinntiú

  3. Nollaig 2025

    Pacáiste simpliúcháin an chomhbheartais talmhaíochta chun tacú le feirmeoirí agus chun iomaíochas a fheabhsú

    Rialacha simplithe maidir le sábháilteacht bia agus beatha chun borradh a chur faoi iomaíochas táirgeoirí, agus ardchaighdeáin sláinte á gcomhlíonadh ag an am céanna

  4. Deireadh Fómhair 2025

    Straitéis chun tacú le hathnuachan ó ghlúin go glúin sa talmhaíocht

  5. Márta 2025

    Gheall an tAontas €3.4 billiún chun droch-chothú domhanda a chomhrac

  6. Feabhra 2025

    Chuir an Coimisiún i láthair a fhís le haghaidh na talmhaíochta agus an bhia

     

I lár an aonaigh

Cé atá i gceannas

Portrait of Wopke Hoekstra

Coimisinéir um an Aeráid, Glan-nialasacht agus Fás Glan

Portrait of Hadja Lahbib

An Coimisinéir um Chomhionannas; Ullmhacht agus Bainistíocht Ghéarchéime

Portrait of Jessica Roswall

Coimisinéir um an gComhshaol, um Athléimneacht i réimse an Uisce agus um Gheilleagar Ciorclach Iomaíoch

Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 12 Márta 2026