Forléargas
Ba mhór-roinn tionsclaíochta, fiontraíochta agus nuálaíochta í an Eoraip riamh anall — mór-roinn a rinne í féin a athrú ó bhonn go leanúnach mar gheall ar réabhlóidí tionsclaíocha agus teicneolaíochta, iomaíocht dhomhanda, agus sochaithe a bhí de shíor ag athrú.
Tháinig muid slán ó shuaitheadh na ndianghlasálacha agus muid níos láidre fós, sháraíomar géarchéim fuinnimh nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe, agus bhaineamar é sin amach in éineacht le chéile a bhuí le hathléimneacht agus diongbháilteacht. Mar sin féin, ní mór borradh mór a chur faoinár n-iomaíochas anois. Tá an geilleagar domhanda ag athrú go tapa.
Ní mór dúinn gníomhaíocht chinntitheach a dhéanamh chun iomaíochas na hEorpa a chosaint agus a threisiú, agus i leith gníomhaithe domhanda eile, an rathúnais agus na cothroime freisin. Cuirtear tús leis sin tríd an ngnó a dhéanamh níos éasca agus níos tapúla, agus ár margadh aonair a dhoimhniú ar fud na n-earnálacha uile. Leis an gcompás iomaíochais, arb é an chéad mhórthionscnamh de chuid an Choimisiúin nua é, leagfar amach an obair a bheidh á déanamh againn amach anseo agus muid ag cur le tuarascáil Draghi.
Príomhfhigiúirí
Cuspóirí
Cúrsaí gnó a éascúchun fás eacnamaíoch a chothú
Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlanchun tacú le tionscail iomaíocha an Aontais agus poist ardcháilíochta a chruthú
Geilleagar níos ciorclaí agus níos athléimníchun aistriú go cleachtais táirgthe agus tomhaltais níos inbhuanaithe
Borradh a chur faoin táirgiúlacht trí scaipeadh na teicneolaíochta digitíchun iomaíochas an Aontais a neartú agus a bheith ar thús cadhnaíochta i nuálaíocht na hintleachta saorga
Taighde agus nuálaíocht a churi gcroílár ár ngeilleagair
Borradh as cuimse a chur faoin infheistíochtchun dlús a chur leis an aistriú glas, digiteach agus sóisialta
Dul i ngleic leis na bearnaí scileanna agus saothairchun gairmeacha agus iomaíochas eacnamaíoch daoine a fheabhsú
An chaoi a mbainfimid ár gcuspóirí amach
Sna blianta beaga amach romhainn, chun iomaíochas agus rathúnas na hEorpa a chinntiú, déanfaimid an méid seo a leanas:
Cúrsaí gnó a dhéanamh níos éasca agus níos tapúla
Chun ár n-iomaíochas a fheabhsú, déanfaimid:
- compás iomaíochais a thabhairt isteach chun an bhearna nuálaíochta a dhúnadh, chun dícharbónú a dhéanamh agus chun an tslándáil a mhéadú
- an margadh aonair a thabhairt chun críche i bpríomhearnálacha chun go mbeidh cuideachtaí in ann uas-scálú a dhéanamh
- cur chuige nua i dtaca le beartas iomaíochta a chur i bhfeidhm
- an t-ualach riaracháin a laghdú agus oibleagáidí tuairiscithe a laghdú 25% ar a laghad agus 35% ar a laghad i gcás FBManna
- tástáil struis a dhéanamh ar acquis an Aontais agus tograí a dhéanamh chun reachtaíocht a shimpliú agus a chódú le forluí agus contrárthachtaí a dhíothú, agus ardchaighdeáin á gcoinneáil ag an am céanna
- stádas dlíthiúil uile-Aontais nua a mholadh chun cabhrú le cuideachtaí nuálacha fás
- seiceáil nua FBM agus iomaíochais a thabhairt isteach le cabhrú chun ualach riaracháin nach bhfuil gá leis a sheachaint
- a mholadh go ndéanfaí athnuachan ar an gcomhaontú idirinstitiúideach maidir le simpliú agus reachtóireacht níos fearr

Chun leanúint de shaothrú na spriocanna atá leagtha amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip, chun ár ngeilleagar a dhícharbónú agus chun praghsanna fuinnimh a laghdú, déanfaimid an méid seo a leanas:
- Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan a chur i láthair chun ár dtionscal a dhéanamh iomaíoch agus poist ardcháilíochta a chruthú
- a mholadh go leagfaí amach sprioc maidir le laghdú 90% ar astaíochtaí do 2040 sa Dlí Aeráide Eorpach
- tacú le tionscail agus le cuideachtaí an t-aistriú a dhéanamh trí ghníomh um dhlús a chur leis an dícharbónú tionsclaíoch a sheoladh, rud a chuideoidh chun dlús a chur le pleanáil, tairiscint agus ceadú gaolmhar
- costais fuinnimh a laghdú do theaghlaigh agus do ghnólachtaí tríd an aontas fuinnimh a thabhairt chun críche
- infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar agus i dteicneolaíochtaí fuinnimh ghlain
- ár sásra um éileamh comhiomlán a ghníomhachtú agus a leathnú chun níos mó ná an gás amháin a chumhdach, agus hidrigin agus amhábhair chriticiúla a chuimsiú
- soláthairtí amhábhar, fuinnimh ghlain agus teicneolaíochta glaine a dhaingniú trí chomhpháirtíochtaí trádála agus infheistíochta glaine a fhorbairt
- leanúint de bheith ar thús cadhnaíochta san idirbheartaíocht idirnáisiúnta maidir leis an aeráid
- taisteal d’iarnród a spreagadh agus rialachán maidir le córas éigin le haghaidh áirithintí digiteacha agus ticéid dhigiteacha a mholadh, chun a chinntiú gur féidir le muintir na hEorpa ticéad aonair amháin a cheannach ar aon ardán amháin agus cearta paisinéirí a fháil dá dturas iomlán

Chun aistriú go patrún níos inbhuanaithe táirgthe agus tomhaltais, agus luach na n-acmhainní inár ngeilleagar a choinneáil ar feadh tréimhse níos faide, déanfaimid an méid seo a leanas:
- cuidiú chun éileamh an mhargaidh a chruthú ar ábhair thánaisteacha agus margadh aonair do dhramhaíl a chruthú trí ghníomh nua um an ngeilleagar ciorclach
- pacáiste nua maidir le tionscal na gceimiceán a chur ar aghaidh, lena dtabharfar soiléireacht maidir le ‘buancheimiceáin’, nó PFASanna
- oibriú chun aontas sláinte na hEorpa a chur i gcrích, slabhraí soláthair a éagsúlú, rochtain ar na cóireálacha is forbartha a chothú, agus earnáil na sláinte agus na cógaisíochta a dhéanamh níos athléimní
- obair a dhéanamh chun spleáchais ar chógais leighis chriticiúla agus ar chomhábhair chriticiúla a laghdú trí ghníomh um tháirgí íocshláinte criticiúla a chur chun cinn
- dlús a chur lenár gcuid oibre ar shláinte choisctheach, go háirithe maidir leis an meabhairshláinte, le galair chardashoithíocha agus le hailse, chomh maith le cóireálacha le haghaidh tinnis mheathlúcháin agus taighde ar uathachas
- slándáil ár gcóras cúraim sláinte a chosaint trí phlean gníomhaíochta Eorpach um chibearshlándáil ospidéal agus soláthraithe cúraim sláinte a mholadh

Chun táirgiúlacht a mhéadú trí theicneolaíochtaí digiteacha a scaipeadh, déanfaimid an méid seo a leanas:
- infheistíochtaí i mbonneagair dhigiteacha a spreagadh chun feabhas a chur ar an rochtain ar nascacht shlán thapa iontaofa
- leanúint de dhlús a chur lenár bhforfheidhmiú ar dhlíthe digiteacha an Aontais
- dul i ngleic le dúshláin a bhaineann le hardáin ríomhthráchtála
- dlús a chur leis an infheistíocht sa tsár-ríomhaireacht, i leathsheoltóirí, in Idirlíon na Rudaí Nithiúla, sa ghéanómaíocht, sa ríomhaireacht chandamach agus sa teicneolaíocht spáis
- rochtain ar acmhainneacht sár-ríomhaireachta a chinntiú do ghnólachtaí nuathionscanta agus do thionscal na hintleachta saorga trí phlean gníomhaíochta um mór-roinn na hintleachta saorga
- borradh a chur faoi úsáidí tionsclaíocha nua na hintleachta saorga agus seirbhísí poiblí a fheabhsú le straitéis um chur i bhfeidhm na hintleachta saorga
- ár n-acmhainní go léir a chur i dtoll a chéile tríd an Acmhainn um thaighde IS san Aontas Eorpach (ATISAE)
- comhroinnt sonraí éasca ar scála a chinntiú le straitéis um aontas sonraí Eorpach

Chun iomaíochas na hEorpa a fheabhsú agus chun í a chur i dtreo ré nua nuálaíochta agus seiftiúlachta, cuirfimid an taighde, an nuálaíocht, an eolaíocht agus an teicneolaíocht i gcroílár ár ngeilleagair. Déanfaimid an méid seo a leanas:
- caiteachas taighde a mhéadú chun díriú níos mó ar thosaíochtaí straitéiseacha
- an Chomhairle Eorpach um Thaighde agus an Chomhairle Nuálaíochta Eorpach a leathnú
- é a dhéanamh níos éasca agus níos tapúla an bhith-theicneolaíocht a thabhairt ón tsaotharlann chuig an margadh le gníomh Eorpach um an mbith-theicneolaíocht
- tacú leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach agus teicneolaíochtaí ardluacha a fhorbairt trí straitéis um eolaíochtaí beatha na hEorpa
- comhar idir ranna taighde, an t-ardoideachas agus gnó a fheabhsú trí chomhaontais ollscoile a neartú

Déanfaimid infheistíocht ollmhór inár n-iomaíochas inbhuanaithe trí infheistíocht phoiblí a úsáid chun caipiteal príobháideach a ghiaráil agus a dhí-rioscú. Déanfaimid an méid seo a leanas:
- bearta ionsúcháin riosca a chur chun cinn chun é a dhéanamh níos éasca do bhainc thráchtála, d’infheisteoirí agus do chaipiteal fiontair cuideachtaí atá ag fás go tapa a mhaoiniú
- athbhreithniú a dhéanamh ar ár rialacha chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní a chuireann srian ar an méid caipitil Eorpaigh atá ar fáil chun an nuálaíocht a mhaoiniú
- coigilteas príobháideach a ghiaráil lena n-infheistiú sa nuálaíocht agus san aistriú glan agus san aistriú digiteach trí aontas coigiltis agus infheistíochta Eorpach a bhunú
- rialacha soláthair phoiblí a athbhreithniú chun gur féidir tús áite a thabhairt do tháirgí Eorpacha le haghaidh earnálacha straitéiseacha áirithe
- teicneolaíochtaí straitéiseacha a fhorbairt agus iad a mhonarú san Eoraip trí chiste Eorpach um iomaíochas a bhunú, rud a thacóidh freisin le Tionscadail Thábhachtacha Leasa Choitinn

Chun gairmeacha daoine agus ár n-iomaíochas eacnamaíoch a fheabhsú, déanfaimid an méid seo a leanas:
- aontas na scileanna a bhunú a dhíreoidh ar infheistíocht, ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus ar choinneáil scileanna
- oibriú chun bunscileanna a fheabhsú
- plean straitéiseach um oideachas ETIM a mholadh chun aghaidh a thabhairt ar mheath feidhmíochta, ar an easpa múinteoirí cáilithe i réimsí a bhaineann leis an eolaíocht, leis an teicneolaíocht, leis an innealtóireacht agus leis an matamaitic (ETIM) agus níos mó cailíní a thabhairt isteach in oideachas agus i ngairmeacha ETIM
- gairmoideachas agus gairmoiliúint a chur chun cinn le straitéis Eorpach le haghaidh gairmoideachais agus gairmoiliúna
- borradh a chur faoi mhaoiniú scileanna i mbuiséad an Aontais agus é a athdhíriú
- aitheantas scileanna trastíre a chinntiú trí thionscnamh um inaistritheacht scileanna a chur chun cinn agus leanúint de bheith ag obair i dtreo céim Eorpach

An dul chun cinn go dtí seo
Déan monatóireacht ar dhul chun cinn tionscnamh nua, dlíthe atá beartaithe agus athruithe reachtacha faoin tosaíocht seo, lean iad, agus coinneáil cothrom le dáta leo
- Meitheamh 2026
Cuireadh i láthair pacáiste um cheannasacht theicneolaíoch na hEorpa, sraith beart chun neamhspleáchas agus athléimneacht dhigiteach na hEorpa a neartú
- Bealtaine 2026
Cuireadh i láthair rialacha nua chun áirithintí traenach agus taisteal traenach uile-Aontais a shimpliú
- Márta 2026
Cuireadh i láthair sraith aonair rialacha corparáideacha chun go mbeidh sé níos éasca do ghnólachtaí tosú, oibriú agus fás ar fud an Aontais
Cuireadh i láthair an gníomh um dhlús a chur leis an tionsclaíocht chun earnáil na tionsclaíochta a neartú agus poist a chruthú
- Eanáir 2026
Cuireadh i láthair an gníomh um líonraí digiteacha chun rialacha an Aontais maidir le nascacht dhigiteach a nuashonrú agus a shimpliú
I lár an aonaigh
Le EU Inc., sraith aonair nua rialacha corparáideacha, beidh sé níos éasca do ghnólachtaí tosú, oibriú agus fás ar fud an Aontais. Chuirfeadh a nósanna imeachta roghnacha lándigiteacha ar chumas cuideachtaí nuálacha méadú, dhreasódh siad iad chun fanacht san Eoraip agus spreagfadh siad iad siúd a bhreathnaigh ar áiteanna eile chun filleadh.
Is cuid den 28ú córas nua níos leithne é lena dtugtar an deis do ghnólachtaí leas a bhaint as tairbhí an mhargaidh aonair. Le EU Inc. beifear in ann clárú níos tapúla agus nósanna imeachta níos simplí a chur i bhfeidhm, rud a fhágfaidh go bhféadfar cuideachta a bhunú laistigh de 48 n-uair an chloig, ar níos lú ná €100, agus nach gceanglófar uirthi eolas faoin gcuideachta a chur ar fáil ach aon uair amháin, trí chomhéadan ar leibhéal an Aontais.
Tá an Coimisiún ag iarraidh ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle teacht ar chomhaontú i dtaca leis an togra EU Inc. faoi dheireadh 2026.

Cé atá i gceannas

Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Aistriú Glan, Cóir agus Iomaíoch

An Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Cheannasacht Teicneolaíochta, Slándáil agus Daonlathas

An Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Rathúnas agus Straitéis Thionsclaíoch

An Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Chearta Sóisialta agus Scileanna, um Poist Ardcháilíochta agus um Ullmhacht

An Coimisinéir um an Trádáil agus Slándáil Eacnamaíoch

An Coimisinéir um an nGeilleagar agus Táirgiúlacht; Cur Chun Feidhme agus Simpliú

Coimisinéir um an Aeráid, Glan-nialasacht agus Fás Glan

An Coimisinéir um Sheirbhísí Airgeadais agus um an Aontas Coigiltis agus Infheistíochta

An Coimisinéir um Ghnólachtaí Nuathionscanta agus um Thaighde agus Nuálaíocht

An Coimisinéir um Fhuinneamh agus Tithíocht

An Coimisinéir um Iompar Inbhuanaithe agus um an Turasóireacht
