Tá roinnt prionsabal ann a thugann treoir don Coimisiún Eorpach ina chuid oibre: trédhearcacht, iompar eiticiúil, dea-riarachán, ilteangachas, chomh maith le claochlú digiteach agus tionchar ar an gcomhshaol.
Trédhearcacht
Ós rud é gur príomhphrionsabal de chuid an Aontais í an trédhearcacht, cinntíonn an Coimisiún Eorpach gur féidir le saoránaigh, páirtithe leasmhara agus gach páirtí lena mbaineann rochtain a fháil ar shonraí agus ar fhaisnéis atá ábhartha agus cothrom le dáta.
Foilsíonn an Coimisiún eolas faoi rudaí amhail, comhairliúcháin, cláir spéise, obair coistí agus grúpaí saineolaithe, chomh maith le sonraí faoi thairbhithe maoiniúcháin ón Aontas.
Cuidíonn an trédhearcacht le muinín shaoránaigh na hEorpa a choinneáil i ndlisteanacht phróisis pholaitiúla, reachtacha agus riaracháin an Aontais.
Eitic agus dea-riarachán
Tá dualgas ar na Coimisinéirí agus ar bhaill foirne an Choimisiúin araon freastal ar leas an phobail. Feidhmíonn siad ar fad de réir creat prionsabal agus rialacha lena rialaítear a n-iompar ó thaobh eitice agus ionracais.
Tá an Coimisiún Eorpach tiomanta dea-riarachán a chinntiú agus é ag plé leis an bpobal. Déanann sé a sheacht ndícheall ceart na saoránach um dhea-riarachán a chur i bhfeidhm agus aon chás drochriaracháin a sheachaint.
Tá Coimisinéirí Eorpacha faoi réir dianchaighdeáin eiticiúla agus rialacha ionracais
Ní mór do státseirbhísigh an Choimisiúin Eorpaigh cloí le rialacha áirithe agus iad i mbun seirbhíse agus tar éis dóibh éirí as
Tá an Coimisiún Eorpach tiomanta dea-riarachán a chinntiú agus é ag plé leis an bpobal.
Is féidir leat gearán a chur faoi bhráid an Choimisiúin má mheasann tú gur sháraigh sé a Chód um Dhea-Iompraíocht Riaracháin
Ionad oibre nua-aimseartha
Cuirtear i láthair i straitéis acmhainní daonna an Choimisiúin Eorpaigh fís d’eagraíocht nua-aimseartha sholúbtha, a bheidh ag feidhmiú ar an leibhéal is airde ar mhaithe le muintir na hEorpa ar fad.
Lena Straitéis Dhigiteach, tá creat curtha ar bun ag an gCoimisiún le haghaidh claochlú digiteach leanúnach. Cuireann sé fís de Choimisiún digiteach chun cinn atá spreagúil agus a nascann daoine, sonraí, próisis agus teicneolaíocht le chéile.
Tá an Coimisiún meáite ar bheith ar thús cadhnaíochta san aistriú i dtreo sochaí aeráidneodrach, trí phlean uaillmhianach agus réadúil a leagan amach chun an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2030. Thug sé gealltanas faoin gComhshocrú Aeráide Eorpach agus gheall sé a astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 60% ar a laghad de réir a chéile i gcomparáid le 2005.
Tá athbhreithniú mórscála á dhéanamh ag an gCoimisiún chun bheith níos sofhreagrúla, níos éifeachtúla agus níos tarraingtí. Feidhmíonn grúpa ardleibhéil faoi chathaoirleacht Catherine Day mar bhord sondála don athbhreithniú.
Ár bhfís d’eagraíocht nua-aimseartha sholúbtha atá bunaithe ar luachanna
Ionad oibre éagsúil cuimsitheach a chruthú, atá saor ó idirdhealú agus a léiríonn an tsochaí ar a bhfreastalaímid
Eagraíocht a fhorbairt atá níos digití, níos nasctha agus níos dírithe ar an úsáideoir
Féachaint le haeráidneodracht a bhaint amach inár gcuid oibríochtaí faoi 2030 agus ár lorg comhshaoil a laghdú
An Coimisiún Eorpach a athmhúnlú ionas gur fearr is féidir linn freastal ar shaoránaigh i ndomhan atá ag athrú go tapa