An méid a dhéanann an tAontas Eorpach
Le tacaíocht agus le dlúthchomhar ó Bhallstáit den Aontas, tá leas ainmhithe á chur chun cinn ag an gCoimisiún Eorpach le breis agus 40 bliain anuas.
In 2024 cuireadh Coimisinéir Eorpach, den chéad uair riamh, i gceannas go foirmiúil ar bheartas um leas ainmhithe, rud a léiríonn leibhéal nua tiomantais pholaitiúil chun ainmhithe a chosaint.
Inniu, tá an Coimisiún ag obair chun nuachóiriú a dhéanamh ar rialacha an Aontais maidir le leas agus inrianaitheacht madraí agus cat, leas ainmhithe agus iad á n-iompar agus iompórtáil ainmhithe andúchasacha.
Cuirtear san áireamh san obair sin breithnithe eiticiúla, eolaíocha, inbhuanaitheachta agus eacnamaíocha, chomh maith le tuairimí agus ionchais mhuintir na hEorpa maidir leis an gcaoi a gcaitear le hainmhithe.

Fíricí faoi leas ainmhithe
Réimsí gníomhaíochta
Úinéireacht fhreagrach, pórú agus inrianaitheacht a chur chun cinn
Fulaingt a laghdú le linn taisteal cianaistir
Comhar le páirtithe leasmhara a éascú agus eolas a chomhroinnt
Cóireáil dhaonnachtúil a chinntiú tráth an bháis
Ábhair imní eiticiúla a mheas agus toirmisc a mheas
Dálaí maireachtála a fheabhsú agus deireadh a chur de réir a chéile le cásanna
Galar a chosc trí dhianseiceálacha iompórtála
Gníomhaíochtaí an Aontais chun ainmhithe a úsáidtear chun críoch eolaíoch a chosaint
Na príomhnithe a baineadh amach
- Tá dhá thionscnamh Eorpacha ó na saoránaigh cláraithe ag an gCoimisiún agus thug sé freagra orthu. Is iad sin ‘An Eoraip Saor ó Fhionnadh’ (2023) agus ‘Ná coinnímis ainmhithe i gcásanna feasta’ (2021).
- Cosc ar chásanna a úsáid in imthosca áirithe (cearca, cránacha, laonna laofheola). A bhuí le reachtaíocht an Aontais, baineann 360 milliún béaróg agus 12 mhilliún cráin tairbhe as cáilíocht saoil níos fearr.
- Ó 2009 i leith, ní dhearnadh aon tástáil ar ainmhithe chun críocha cosmaidí san Aontas.
- Faoi Chonradh Liospóin, d’aithin an tAontas go foirmiúil gur neacha mothaitheacha iad ainmhithe. Ciallaíonn sé sin nach mór d’institiúidí an Aontais ‘aird iomlán a thabhairt ar riachtanais leasa ainmhithe’ agus beartais á múnlú acu.
- Ó 2006 i leith, tá oiliúint maidir le leas ainmhithe curtha ar bhreis agus 2,000 tréidlia trí chláir atá maoinithe ag an gCoimisiún.
Sa spotsolas
Tá thart ar 7 milliún duine ar fud an Aontais fostaithe in earnáil na feirmeoireachta beostoic agus gineann sí láimhdeachas bliantúil €400 billiún. Ach is earnáil í atá faoi bhrú mar gheall ar bhrabúsacht íseal, ar chostais a bheith ag dul i méid, ar dhálaí margaidh a bheith ag athrú, agus ar ráigeanna de ghalair ainmhithe. Is é is aidhm don straitéis nua d’earnáil an bheostoic a tugadh isteach a chinntiú go bhfuil sé ar chumas feirmeoirí aghaidh a thabhairt ar dhúshláin den sórt sin ar bhealach inbhuanaithe san fhadtéarma.
Tá cúig réimse tosaíochta gníomhaíochta sa straitéis, is iad sin: ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna, iomaíochas, inbhuanaitheacht, oiriúnach do gach feirm agus réigiún, barr feabhais i dtáirgeadh beostoic. Ba cheart go gcuideodh na gníomhaíochtaí sna réimsí sin le feirmeoirí brath níos lú ar iompórtálacha ach níos mó ar acmhainní intíre, astaíochtaí a laghdú, sábháilteacht bia a chaomhnú, leas ainmhithe a fheabhsú agus earnáil an bheostoic a dhéanamh níos athléimní ar an iomlán.

Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 7 Iúil 2026