An méid a dhéanann an tAontas Eorpach Tá an beartas imirce agus tearmainn ríthábhachtach do shlándáil inmheánach an Aontais, do bhainistiú teorainneacha, d’fhás eacnamaíoch, agus d’urraim don dlí idirnáisiúnta agus do chearta an duine.Le cur chuige an Aontais maidir leis an imirce a bhainistiú agus comhchóras tearmainn a bhunú ar leibhéal an Aontais, dírítear ar cheithre phríomhréimse, is iad sin:Feabhas a chur ar an tslándáil ag na teorainneacha seachtracha, trí scagadh níos láidre a dhéanamh, trí bhunachar sonraí cuimsitheach uile-Aontais chun gach duine a thagann isteach san Aontas a shainaithint, agus trí nós imeachta teorann éigeantach.Nósanna imeachta tapa éifeachtúla, le comhchaighdeáin de chuid an Aontais maidir le cosaint idirnáisiúnta tearmainn agus mí-úsáid an chórais a chosc.Córas éifeachtach dlúthpháirtíochta agus freagrachta, córas nach bhfágtar aon Bhallstát den Aontas leis féin agus faoi bhrú, agus rialacha soiléire ann ionas nach mbeidh imircigh ag bogadh go neamhrialta ó thír amháin go tír eile.Comhpháirtíochtaí saincheaptha frithsmuigleála a fhorbairt le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad agus an imirce dhleathach agus earcaíocht a éascú trí ardán uile-Aontais.Míniúchán: Cad é an Comhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann? Fíricí faoin imirce agus faoin tearmann san Aontas 30.6 milliún Sin é líon na ndaoine nach saoránaigh den Aontas iad a bhí ina gcónaí san Aontas ar an 1 Eanáir 2025 (6.8% de dhaonra iomlán an Aontais)Beagnach 178,000 Sin é líon na dtrasnuithe teorann neamhrialta a cláraíodh in 2025, laghdú 26% i gcomparáid le 202412.9 milliún Sin é líon na ndaoine nach saoránaigh den Aontas iad a bhí ag obair i lucht saothair an Aontais in 2023 Foinsí: Eurostat, Frontex agus Forbairtí sa mhargadh saothair agus forbairtí pá san Eoraip 2024 Réimsí gníomhaíochtaAn Comhshocrú maidir le hImirce agus TearmannRialacha chun an imirce agus an tearmann a bhainistiú san AontasAn Tearmann san Aontas EorpachComhchóras an Aontais maidir leis an tearmannAn imirce dhleathachAthlonnú, earcaíocht, staidéar agus taighde a éascú, chomh maith le hathaontú teaghlaighLánpháirtiú na n-imirceachRannpháirtíocht iomlán daoine nach saoránaigh den Aontas iad a chur chun cinn i sochaí agus i ngeilleagar an AontaisAn imirce neamhrialta agus filleadhGníomhaíochtaí chun stop a chur leis an smuigleáil agus chun an imirce neamhrialta a laghdúBainistiú imirceGníomhaíochtaí an Aontais chun tacú leis na Ballstáit agus le comhpháirtithe maidir leis an imirce Na príomhéachtaí Leis an gComhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann, tá rialú ar a theorainneacha seachtracha á dhaingniú ar bhealach níos fearr ag an Aontas. Táimid ag déanamh nósanna imeachta tearmainn, teorann agus fillte níos tapúla agus níos éifeachtaí agus ag cur i bhfeidhm teorainneacha ama níos déine agus rialacha níos déine chun iarratais mhíchuí nó iarratais a thagann astu sin a theorannú, ach na ráthaíochtaí is gá do dhaoine aonair á gcoinneáil ar bun againn.Tacóidh na Ballstáit le chéile trí úsáid a bhaint as sásra dlúthpháirtíochta atá solúbtha ach buan. Beidh an rogha ag gach ceann acu an cineál dlúthpháirtíochta is mian leo a roghnú. Is fearr anois atá an tAontas in ann an imirce a bhainistiú.Tá roinnt cosaintí sa Chomhshocrú chun a chinntiú go n-urramófar cearta bunúsacha na n-imirceach. Ina measc sin tá nósanna imeachta coiteanna tearmainn agus scagtha, seiceálacha ar dhaoine leochaileacha, agus faireachán neamhspleách. Tugtar aird ar leith orthu siúd is mó atá i mbaol, go háirithe teaghlaigh a bhfuil leanaí acu.Tá go leor comhpháirtíochtaí domhanda tugtha i gcrích lena gcumhdaítear saincheisteanna amhail comhar eacnamaíoch, malartuithe cultúrtha, bainistiú níos fearr ar imirce, agus slándáil.Is é Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh an chéad ardán chun earcaíocht idirnáisiúnta a éascú, agus cuireann sé deiseanna ar fáil do chuardaitheoirí poist nach den Aontas iad ar gach leibhéal scileanna i ngairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe ar fud an Aontais. Ag an am céanna, tacaíonn sé le fostóirí an Aontais agus cothaítear forbairt caipitil dhaonna i dtíortha comhpháirtíochta leis freisin. Sa spotsolas Straitéis 5 bliana um imirce curtha i láthair ag an gCoimisiúnI mí Eanáir 2026, chuir an Coimisiún i láthair straitéis 5 bliana maidir leis an imirce agus an tearmann. Leis an straitéis, tabharfar treoir d’obair an Aontais amach anseo sa réimse sin, rud a chuideoidh le líon na ndaoine atá ag teacht isteach go neamhdhleathach a laghdú, agus ag an am céanna, spreagfar bealaí dlíthiúla isteach an Aontas. Chun é sin a bhaint amach, sainaithnítear sa straitéis cúig thosaíocht, mar atá: comhar níos láidre maidir leis an imirce teorainneacha láidre an Aontais chun rialú agus slándáil a fheabhsú córas tearmainn agus imirce atá daingean, cothrom agus inoiriúnaithe filleadh agus athligean isteach níos éifeachtaí daoine tréitheacha agus scileanna a mhealladh Chuir an Coimisiún i láthair an chéad straitéis riamh de chuid an Aontais um beartas víosaí freisin. Dírítear sa straitéis sin ar an tslándáil a neartú, borradh a chur faoin rathúnas agus faoin iomaíochas agus uirlisí víosaí a dhéanamh níos nua-aimseartha. Tuilleadh eolais An nuacht is déanaí 30 Márta 2026Borderless innovations: EU security event in Narva30 Márta 2026EU funded project Digital Explorers connects young professionals with European tech companies Féach na Imeachtaí 13Apr2026Oiliúint agus ceardlannaCERIS webinar on Community PolicingAr líne amháinBeosruthú ar fáil23-24Apr2026Laethanta eolaisSecurity Mission Information & Innovation Group Event 2026 FranceImeacht seachtrachFéach na Eolas bainteachAn Ard-Stiúrthóireacht um Imirce agus Gnóthaí BaileCistí um Thearmann, Imirce agus LánpháirtíochtTairseach inimirce an AontaisStaitisticí faoin imirce chun na hEorpaAn Mol um lánpháirtiú na n-imirceach Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 12 Márta 2026
Tá an beartas imirce agus tearmainn ríthábhachtach do shlándáil inmheánach an Aontais, do bhainistiú teorainneacha, d’fhás eacnamaíoch, agus d’urraim don dlí idirnáisiúnta agus do chearta an duine.Le cur chuige an Aontais maidir leis an imirce a bhainistiú agus comhchóras tearmainn a bhunú ar leibhéal an Aontais, dírítear ar cheithre phríomhréimse, is iad sin:Feabhas a chur ar an tslándáil ag na teorainneacha seachtracha, trí scagadh níos láidre a dhéanamh, trí bhunachar sonraí cuimsitheach uile-Aontais chun gach duine a thagann isteach san Aontas a shainaithint, agus trí nós imeachta teorann éigeantach.Nósanna imeachta tapa éifeachtúla, le comhchaighdeáin de chuid an Aontais maidir le cosaint idirnáisiúnta tearmainn agus mí-úsáid an chórais a chosc.Córas éifeachtach dlúthpháirtíochta agus freagrachta, córas nach bhfágtar aon Bhallstát den Aontas leis féin agus faoi bhrú, agus rialacha soiléire ann ionas nach mbeidh imircigh ag bogadh go neamhrialta ó thír amháin go tír eile.Comhpháirtíochtaí saincheaptha frithsmuigleála a fhorbairt le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad agus an imirce dhleathach agus earcaíocht a éascú trí ardán uile-Aontais.Míniúchán: Cad é an Comhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann?
An Comhshocrú maidir le hImirce agus TearmannRialacha chun an imirce agus an tearmann a bhainistiú san Aontas
An imirce dhleathachAthlonnú, earcaíocht, staidéar agus taighde a éascú, chomh maith le hathaontú teaghlaigh
Lánpháirtiú na n-imirceachRannpháirtíocht iomlán daoine nach saoránaigh den Aontas iad a chur chun cinn i sochaí agus i ngeilleagar an Aontais
An imirce neamhrialta agus filleadhGníomhaíochtaí chun stop a chur leis an smuigleáil agus chun an imirce neamhrialta a laghdú
Bainistiú imirceGníomhaíochtaí an Aontais chun tacú leis na Ballstáit agus le comhpháirtithe maidir leis an imirce
Straitéis 5 bliana um imirce curtha i láthair ag an gCoimisiúnI mí Eanáir 2026, chuir an Coimisiún i láthair straitéis 5 bliana maidir leis an imirce agus an tearmann. Leis an straitéis, tabharfar treoir d’obair an Aontais amach anseo sa réimse sin, rud a chuideoidh le líon na ndaoine atá ag teacht isteach go neamhdhleathach a laghdú, agus ag an am céanna, spreagfar bealaí dlíthiúla isteach an Aontas. Chun é sin a bhaint amach, sainaithnítear sa straitéis cúig thosaíocht, mar atá: comhar níos láidre maidir leis an imirce teorainneacha láidre an Aontais chun rialú agus slándáil a fheabhsú córas tearmainn agus imirce atá daingean, cothrom agus inoiriúnaithe filleadh agus athligean isteach níos éifeachtaí daoine tréitheacha agus scileanna a mhealladh Chuir an Coimisiún i láthair an chéad straitéis riamh de chuid an Aontais um beartas víosaí freisin. Dírítear sa straitéis sin ar an tslándáil a neartú, borradh a chur faoin rathúnas agus faoin iomaíochas agus uirlisí víosaí a dhéanamh níos nua-aimseartha. Tuilleadh eolais
30 Márta 2026EU funded project Digital Explorers connects young professionals with European tech companies
23-24Apr2026Laethanta eolaisSecurity Mission Information & Innovation Group Event 2026 FranceImeacht seachtrach