Bheith ag scrolláil tríd an nuacht, ag sruthú na gclár is ansa leat, nó ag dul i mbun díospóireachta le cairde sa teach tábhairne – sin roinnt de na saoirsí laethúla againn a bhuí leis an daonlathas san Aontas.
Is deacair an saol a shamhlú gan iad. Mar sin féin, níorbh ann i gcónaí do na cearta agus na saoirsí atá againn inniu; gnóthaíodh agus cosnaíodh iad i gcaitheamh na mblianta fada.
Sa lá atá inniu ann, is ag méadú atá an brú i gcoinne phrionsabail an daonlathais, fiú san Eoraip féin. Ach i dteannta a chéile, is féidir linn an fód a sheasamh ar a son.
Is féidir leatsa cuidiú chun an daonlathas san Eoraip a mhúnlú. Ach do vóta a úsáid i dtoghcháin áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus Eorpacha, bíonn tú ag seasamh an fhóid ar son do chuid smaointe agus luachanna. Is féidir leat freisin Tionscnamh ó na Saoránaigh a sheoladh chun dlíthe nua a éileamh, do thuairimí a chur in iúl i leith polasaithe, achainí a chur faoi bhráid an Aontais i ndáil le ceisteanna atá tábhachtach duitse, nó obair dheonach a dhéanamh i do phobal. Is agatsa atá an chumhacht.
Is saothar comhchoiteann práinneach é an daonlathas a chosaint agus athléimneacht dhaonlathach na saoránach, na sochaithe agus na n-institiúidí a fhorbairt, sa chaoi go gcosnófar na nithe atá tábhachtach do mhuintir na hEorpa. Chun ár luachanna daonlathacha, ár saoirsí agus ár ndóigh bheatha a chosaint.
Tá an Eoraip ag cur dlús lena hiarrachtaí
Tá an daonlathas fite fuaite leis an Aontas Eorpach. D’eascair an tAontas as mór-roinn a bhí thíos leis an gcogaíocht agus leis an údarásaíochas, agus tá sé ag obair ó shin i leith chun luachanna daonlathacha a chosaint.
Cuir i gcás, is bunluach de chuid an Aontais é an smacht reachta, lena gcinntítear go gcuirtear a dhlíthe i bhfeidhm go cothrom ar fud a Bhallstát uile. Sa chaoi sin deimhnítear cearta na saoránach, cuirtear an ceartas ar fáil, agus seastar leis na cearta bunúsacha agus na caighdeáin dhaonlathacha ar bunchloch an Aontais iad.
Ós rud é go bhfuil brúnna nua ag cur féachaint ar na luachanna sin arís, táimid ag cur dlús lenár n-iarrachtaí.
Trí thionscnaimh ar nós na Scéithe Eorpaí don Daonlathas, tá an tAontas ag obair chun toghcháin shaora chóra a chosaint, tacú leis na meáin neamhspleácha, cur i gcoinne an chur isteach eachtraigh agus neartú a dhéanamh ar na hinstitiúidí daonlathacha a chosnaíonn sinn go léir.
Labhair amach
Is ar shaoránaigh ghníomhacha a bhraitheann an daonlathas. Ar fud an Aontais tá deiseanna ag daoine teagmháil dhíreach a dhéanamh le cinnteoirí, agus polasaithe a mhúnlú a mbíonn tionchar acu ar a saol. Glac páirt sa saol daonlathach trí vóta a chaitheamh, díospóireacht a dhéanamh, nó páirt a ghlacadh i dtionscnaimh shibhialta.
San Aontas, ach vóta a chaitheamh i dtoghcháin Eorpacha, roghnaíonn tú Feisirí de Pharlaimint na hEorpa, rud a chinntíonn go gcuidíonn do ghuth chun dlíthe agus polasaithe an Aontais a mhúnlú agus cinnteoirí á dtabhairt chun cuntais ag an am céanna.
Is é an daonlathas ár ndóigh bheatha san Eoraip. Caomhnaigh é. Múnlaigh é. Cosain é.



