An méid a dhéanann an tAontas Eorpach
Tá an tsláinte ina príomhthosaíocht ag an Aontas Eorpach. Comhlánaítear beartais sláinte náisiúnta le beartas sláinte an Aontais agus cinntítear leis go gcosnaítear na daoine go léir atá ina gcónaí san Aontas ar bhagairtí tromchúiseacha sláinte trasteorann agus go bhfuil fáil acu ar chúram sláinte den scoth.
Tá Aontas Sláinte Eorpach láidir á fhorbairt ag an gCoimisiún Eorpach chun ullmhú agus freagairt le chéile ar ghéarchéimeanna sláinte. Tá an méid seo a leanas á chinntiú againn:
- go bhfuil soláthairtí leighis ar fáil agus go bhfuil siad inacmhainne
- go bhfuil córais sláinte na hEorpa níos athléimní
- go n-oibríonn tíortha le chéile chun cosc agus cóireáil a fheabhsú do gach cineál galar.
Cuimsítear le hobair an Aontais freisin gníomhaíocht maidir le vacsaíniú, frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a chomhrac, agus paindéimí agus galair thógálacha eile a chosc agus a theorannú.
Cuirimid cur chuige ‘Aon Sláinte Amháin’ chun cinn chun an ailse agus galair eile a shárú, lena n-aithnítear an nasc idir daoine, ainmhithe, plandaí agus a dtimpeallacht chomhroinnte.

Príomhfhigiúirí faoin tsláinte phoiblí
Réimsí gníomhaíochta
Daoine a shábháil ón mbás tríd an ailse a chosc ar bhealach inbhuanaithe
Gníomhaíochtaí agus tionscadail a chuidíonn chun meabhairshláinte daoine a fheabhsú
Aghaidh a thabhairt ar ghanntanais cógas agus feistí leighis
Earnáil chógaisíochta atá láidir, iomaíoch agus nuálach a chur chun cinn
Infhaighteacht agus iomaíochas feistí leighis a chinntiú
Dlús a chur leis an rochtain atá ag othair ar theicneolaíochtaí nuálacha sláinte
Taifid sláinte dhigiteacha a rochtain agus a chomhroinnt ar fud an Aontais
Na príomhnithe a baineadh amach
- Tá ráta báis naíonán an Aontais, atá faoi bhun 4 bhás in aghaidh 1,000 beobhreith de ghnáth, ar cheann de na rátaí is ísle ar domhan.
- Cuidíonn an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte le taistealaithe cóireáil a fháil má éiríonn siad tinn agus iad ar cuairt i mBallstát eile den Aontas, agus leagtar amach i ndlí an Aontais maidir le cúram sláinte trasteorann cearta na saoránach agus iad ag trasnú teorainneacha le haghaidh cúram pleanáilte.
- Trí líonraí tagartha Eorpacha, baineann othair a bhfuil galair neamhchoitianta nó aimpléiseacha orthu tairbhe as an saineolas is fearr ó gach cearn den Eoraip gan a dtír dhúchais a fhágáil fiú.
- Is mórchúis bháis san Aontas í an ailse agus cosnaíonn an galar neart airgid ar na córais sláinte. Tá an tAontas ag tacú le cosc, brath, diagnóisiú luath agus cóireáil chomh maith le cáilíocht saoil d’othair ailse agus do mharthanóirí ailse trí Phlean Sáraithe Ailse na hEorpa, a bhfuil maoiniú €4 bhilliún mar thaca leis.
- Thacaigh an tAontas go mór le taighde agus leathadh amach vacsaíní COVID-19: forbraíodh vacsaíní sábháilte éifeachtacha níos tapúla ná riamh, agus fuair an Coimisiún dóthain dáileog chun muintir na hEorpa a chosaint agus chun cabhrú le tríú tíortha.
- Chuireamar HERA ar bun, is é sin an tÚdarás um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandálaí Sláinte. Cinntíonn HERA go bhfuil an tAontas agus na Ballstáit níos ullmhaithe chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí sláinte trasteorann amach anseo, agus go bhfuil dóthain soláthairtí leighis acu. Seo chugat sampla amháin: nuair a tháinig ráig den bholgach chun cinn in 2022, d’éirigh leis an Aontas vacsaíní éifeachtacha a sheachadadh laistigh de sheachtainí a bhuí le freagairt thapa HERA.
Sa spotsolas
Is cur chuige comhtháite comhoibríoch é Aon Sláinte Amháin a bhfuil sé d’aidhm aige cothromaíocht inbhuanaithe a aimsiú idir sláinte an duine, sláinte na n-ainmhithe, agus sláinte na n-éiceachóras agus iad a bharrfheabhsú.
Aithnítear ann go bhfuil dlúthnasc idir sláinte an duine, sláinte ainmhithe clóis agus sláinte ainmhithe fiáine, sláinte plandaí agus sláinte an chomhshaoil i gcoitinne, éiceachórais san áireamh, agus go bhfuil siad spleách ar a chéile.
I saol idirnasctha an lae inniu, tá an cur chuige sin ríthábhachtach chun bagairtí domhanda, cuir i gcás paindéim COVID-19 a bhí ann le déanaí a chosc, ullmhú dóibh agus freagairt orthu.
Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 5 Samhain 2025