Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

An margadh aonair

An méid a dhéanann an tAontas Eorpach

Fíricí faoin margadh aonair

450 milliún líon na ndaoine (agus na dtomhaltóirí) i margadh ‘baile’ na hEorpa
34 mhilliún líon na ngnólachtaí i margadh aonair na hEorpa
€18 dtrilliún OTI mhargadh aonair na hEorpa, an dara geilleagar is mó ar domhan

Réimsí gníomhaíochta

Féach leat an chaoi a n-éascaíonn an tAontas gluaiseacht earraí faoi shaoirse, agus an ardsábháilteacht á coinneáil agus an comhshaol á chosaint aige ag an am céanna

Aontas na margaí caipitil a thógáil chun cabhrú le gnólachtaí beaga agus chun an Eoraip a dhéanamh níos tarraingtí d’infheisteoirí

An margadh aonair a dhéanamh digiteach, le rialacha comhchoiteanna maidir le teileachumarsáid, cóipcheart, cosaint sonraí, agus tuilleadh

Na príomhrudaí atá bainte amach

  • Le breis agus 30 bliain anuas, chuidigh an margadh aonair chun an saol laethúil a dhéanamh níos éasca do shaoránaigh agus do ghnólachtaí, rud a fhágann gur féidir le hearraí, seirbhísí, daoine agus airgead gluaiseacht gan bhac ar fud an Aontais.
  • A bhuí leis an margadh aonair, is féidir leis na saoránaigh den Aontas maireachtáil in aon Bhallstát den Aontas, chomh maith le staidéar, obair agus siopadóireacht a dhéanamh ann agus dul ar scor ann, agus leas a bhaint as táirgí ó gach cearn den Eoraip.
  • Is féidir le cuideachtaí cur lena gcuid oibríochtaí agus tagann ísliú ar phraghsanna agus bíonn rogha níos fearr ag tomhaltóirí de thoradh na hiomaíochta.
  • Chuir an margadh aonair ar chumas daoine san Aontas leas a bhaint as praghsanna níos ísle, as níos mó nuálaíochta agus as forbairt theicneolaíoch thapa, agus as caighdeáin níos airde sábháilteachta agus cosanta comhshaoil.
  • Cuireann an margadh aonair borradh faoi OTI, tacaíonn sé leis na milliúin post, agus cuidíonn sé leis an Aontas dul san iomaíocht ar fud an domhain trí infheistíocht a mhealladh agus slabhraí soláthair a neartú.
  • Ó bunaíodh an margadh aonair in 1993, tá méadú 3-4% tagtha ar OTI an Aontais dá bharr agus chruthaigh sé 3.6 milliún post.

Sa spotsolas

An nuacht is déanaí

Imeachtaí

Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 24 Aibreán 2026