An méid a dhéanann an tAontas Eorpach
Tá páirt ghníomhach uathúil ag an Aontas Eorpach sna nithe seo a leanas ar an leibhéal domhanda: cur chun cinn na síochána, na cobhsaíochta agus an chomhair lastall de theorainneacha an Aontais, tacaíocht do chearta an duine agus do luachanna daonlathacha, freagairt ar ghéarchéimeanna, agus forbairt comhpháirtíochtaí idir mór-ranna éagsúla.
Agus an tAontas i mbun a chuid gnóthaí seachtracha, baineann sé úsáid as raon leathan ionstraimí. Tá siad seo a leanas ar na huirlisí is tábhachtaí:
- Taidhleoireacht agus comhpháirtíochtaí: Trí líonra Thoscaireachtaí an Aontais, trí chomhpháirtíochtaí straitéiseacha le tíortha agus le réigiúin éagsúla, agus trí rannpháirtíocht iltaobhach (leis na Náisiúin Aontaithe, mar shampla).
- An Comhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES), agus an Comhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC): Is féidir leis an Aontas misin shibhialtacha agus misin mhíleata a chur ar bun, bearta sriantacha (smachtbhannaí) a fhorchur, agus fórsaí armtha náisiúnta de chuid na mBallstát a chomhordú.
- Cabhair dhaonnúil: Úsáideann an tAontas cabhair dhaonnúil i dtíortha atá ar leac an dorais aige agus ar fud an domhain mhóir. Is minic a bhíonn baint ag an gcabhair sin le cuspóirí geopholaitiúla agus cuspóirí slándála.
- Comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta: Oibríonn an tAontas i gcomhar le tíortha éagsúla i ngach cearn den domhan mór chun forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn, chun deiseanna a chruthú agus chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna dhomhanda.
- Trádáil: Cé gur rud é an beartas trádála a bhfuil baint aige le hábhair eile chomh maith, is ionstraim ríthábhachtach atá ann ó thaobh na gníomhaíochta seachtraí de, agus is cuid de rannpháirtíocht dhomhanda an Aontais é.
- Freagairt ar ghéarchéimeanna agus cosc coinbhleachtaí: Is féidir leis an Aontas agus le Ballstáit an Aontais páirt a ghlacadh i síochánaíocht, in idirghabháil, i misin teorann, agus in iarrachtaí ar son na cobhsaíochta.
Na príomhréimsí
Freagraítear ar ghéarchéimeanna trí mhisin shibhialtacha agus misin mhíleata
Cosnaítear cearta an duine sna ceithre hairde
Tugtar tacaíocht ríthábhachtach dóibh siúd is mó atá i ngátar
Tá raon gníomhaíochtaí ar siúl ag an Aontas sa Mheánoirthear — orthu sin tá tacaíocht dhaonnúil, rannpháirtíocht taidhleoireachta, agus nithe nach iad
Oibríonn an tAontas i gcomhar le mórgheilleagair an domhain — i dteannta a chéile, múnlaíonn siad freagairtí comhordaithe ar dhúshláin dhomhanda
Caidrimh trádála agus caibidlíocht an Aontais le tíortha, le réigiúin agus leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála
An tAontas Eorpach ag Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide
Na príomhrudaí a baineadh amach
- In 2012 bronnadh Duais Nobel na Síochána ar an Aontas Eorpach, mar le seasca bliain roimhe sin, bhí sé ag cur na síochána, an athmhuintearais, an daonlathais agus chearta an duine chun cinn san Eoraip agus níos faide i gcéin.
- Tá breis agus 35 mhisean, idir mhisin shibhialta agus mhisin mhíleata, seolta ag an Aontas faoin gComhbheartas Slándála agus Cosanta i ngach cearn den Afraic, den Eoraip agus den Mheánoirthear chun réigiúin a thabhairt chun seasmhachta agus chun oiliúint a chur ar fhórsaí áitiúla.
- Tá an tAontas fós ar cheann de na deontóirí is mó ar domhan ó thaobh na cabhrach daonnúla de. Idir 2018 agus 2024, bhí maoiniú daonnúil an Aontais ag dul i méid i gcaitheamh an ama. In 2022, tháinig méadú 20% ar bhuiséad daonnúil deiridh an Aontais. An buiséad €2.62 billiún a bhí i gceist dá bharr, bhí sé €440 milliún níos mó ná buiséad na bliana roimhe sin, agus chuaigh sé chun sochair do na milliúin daoine a bhí thíos le cogaí, le tubaistí nádúrtha agus leis an easáitiú.
- Tá tacaíocht tugtha ag an Aontas do thionscadail ar fud an domhain a chuireann feabhas ar an oideachas, ar an gcúram sláinte agus ar bhonneagar i dtíortha comhpháirtíochta, rud a thugann na milliúin slán ón mbochtaineacht.
- Is ceannairí domhanda muid ó thaobh an chomhraic i gcoinne an athraithe aeráide chomh maith. Tá an tAontas ar thús cadhnaíochta ar leibhéal an domhain mhóir — an cuspóir atá aige a bheith aeráidneodrach faoi 2050, is cuspóir é atá glactha chucu féin ag tíortha eile ó shin.
- I mí na Nollag 2020, rinne an tAontas Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine a bhunú. Ar an gcaoi sin, tá sé curtha in iúl aige go bhfuil sé tiomanta cur ar son chearta an duine ar fud an domhain mhóir agus cur ina gcoinne siúd atá freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar na cearta céanna.
Sa spotsolas
13 Iúil 2026 - D’óstáil an Coimisiún Eorpach an dara cruinniú den Ghrúpa Deontóirí don Phalaistín sa Bhruiséil, cruinniú ar tháinig 65 thoscaireacht idirnáisiúnta le chéile ann chun tacaíocht do théarnamh Gaza agus do chlár oibre athchóiriúcháin Údarás na Palaistíne a phlé. Seo an dá phríomhthoradh a baineadh amach ag an gcruinniú:
- Tugadh gealltanais airgeadais mhéadaithe tríd an sásra PEGASE chun tacú le hÚdarás na Palaistíne
- Seoladh Tionscnamh Fhoireann Gaza, tionscnamh trínar gealladh €883.6 milliún le haghaidh iarrachtaí luath-théarnaimh in earnálacha éagsúla in Gaza ar mhaithe leis na sibhialtaigh.
Le linn an phlé, díríodh ar thacaíocht idirnáisiúnta a chomhordú i gcomhréir le Plean Síochána Gaza agus le Rún 2803 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Páirteach sa tacaíocht sin tá Ballstáit an Aontais, tíortha comhpháirtíochta, eagraíochtaí idirnáisiúnta, institiúidí airgeadais, ionadaithe Palaistíneacha ríthábhachtacha, agus ionadaithe idirnáisiúnta ríthábhachtacha.
Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 16 Iúil 2026