Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Taisteal le linn phaindéim an choróinvíris

Ábhar a cuireadh sa chartlann

Níl na leathanaigh ghréasáin sa rannán seo á nuashonrú a thuilleadh. D’fhéadfadh an t-ábhar a bheith as dáta agus níor cheart é a úsáid ach amháin chun tagairt don ábhar mar a bhí sé tráth a fhoilsithe.

Taisteal sábháilte idir tíortha na hEorpa

I bhfianaise phaindéim COVID-19, agus na srianta taistil a chuir na Ballstáit i bhfeidhm ina dhiaidh sin chun an tsláinte phoiblí a chosaint, thug an tAontas bearta isteach chun taisteal sábháilte a éascú agus, san am céanna, chun leathadh an víris a theorannú agus chun sláinte agus folláine mhuintir uile na hEorpa a chosaint:

Taisteal laistigh den Aontas a éascú le linn phaindéim COVID-19

Le linn phaindéim COVID-19, rinne Ballstáit an Aontais bearta éagsúla chun srian a chur leis an taisteal d’fhonn leathadh an choróinvíris a theorannú. Chun comhordú agus cumarsáid shoiléir a chinntiú ar fud an Aontais, d’oibrigh an Coimisiún ar mhaithe le comhar agus malartú faisnéise a chothú maidir leis na srianta sin.

An 13 Deireadh Fómhair 2020, ar bhonn togra ón gCoimisiún, ghlac an Chomhairle Rialachán maidir le cur chuige comhordaithe i leith shrianadh na saorghluaiseachta mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19. Bhí sé d’aidhm ag an moladh ilroinnt agus cur isteach a sheachaint, agus níos mó trédhearcachta agus intuarthachta a chur ar fáil do shaoránaigh agus do ghnólachtaí. Go sonrach, bunaíodh cur chuige comhchoiteann maidir leis na príomhphointí seo a leanas:

  • Critéir agus tairseacha comhchoiteanna a chur i bhfeidhm nuair atá cinneadh á dhéanamh faoi cé acu a thabharfar isteach srianta taistil nó nach dtabharfar

  • Mapáil ar na réimsí riosca a bhaineann le tarchur COVID-19 bunaithe ar choinníollacha comhchoiteanna agus cód dathanna comhaontaithe, arna foilsiú ag an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú

  • Creat comhchoiteann maidir le bearta i leith taistealaithe as limistéir ardriosca

  • Comhordú i measc na mBallstát agus eolas soiléir tráthúil don phobal maidir le gach srian

Tugadh an moladh ón gComhairle cothrom le dáta roinnt uaireanta mar fhreagairt ar dhul chun cinn na paindéime. Áiríodh leis sin tréimhsí bailíochta caighdeánacha a bhunú le haghaidh tástálacha ar ionfhabhtú COVID-19.

Uirlis thábhachtach eile chun taisteal sábháilte laistigh den Aontas a éascú a bhí sa Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID an Aontais, a tháinig i bhfeidhm an 1 Iúil 2021. Bhí an deimhniú ina chruthúnas go raibh duine vacsaínithe in aghaidh COVID-19, go raibh toradh diúltach tástála faighte aige, nó go raibh sé tar éis teacht chuige féin ó COVID-19. Nuair a thaistil duine a raibh Deimhniú Digiteach COVID an Aontais aige, bhí na cearta céanna ag an duine sin agus a bhí ag saoránaigh den Bhallstát a raibh cuairt á tabhairt aige air, is é sin saoránaigh a vacsaíníodh, a tástáladh nó a théarnaigh ó COVID-19. Dá réir sin, bhí sé d’aidhm ag an rialachán deireadh a chur de réir a chéile leis na srianta taistil a chuir na Ballstáit i bhfeidhm.

D’úsáid formhór na mBallstát Deimhniú Digiteach COVID an Aontais ó seoladh é in 2021 go dtí lár 2022, agus gné an-rathúil a bhí ann d’iarrachtaí na hEorpa aghaidh a thabhairt ar an tionchar a bhí ag paindéim COVID-19 ar shochaithe agus ar gheilleagair, agus an tionchar sin a mhaolú. Agus breis agus 2.3 billiún deimhniú eisithe, bhí sé ríthábhachtach maidir le tacú leis an tsaorghluaiseacht agus le tionscal turasóireachta na hEorpa atá buailte go dona. De réir mar a tháinig feabhas ar an staid eipidéimeolaíoch, tháinig laghdú ar na ceanglais maidir le Deimhnithe Digiteacha COVID an Aontais a bheith ag duine le haghaidh taisteal laistigh den Aontas. An 29 Meitheamh 2022, chun a chinntiú go leanfaí den taisteal i gcás ina rachadh an staid eipidéimeolaíoch in olcas go suntasach, cuireadh síneadh leis an Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID an Aontais go dtí an 30 Meitheamh 2023. Faoi Lúnasa 2022, bhí gach Ballstát tar éis deireadh a chur leis na srianta taistil uile laistigh den Aontas.

An 5 Bealtaine 2023 d’fhógair an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go raibh deireadh le paindéim COVID-19 mar éigeandáil sláinte poiblí arbh ábhar imní ar an leibhéal idirnáisiúnta í. Ina fhianaise sin, níor mhol an Coimisiún síneadh breise a chur leis an Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID an Aontais thar an 30 Meitheamh 2023. Ón 1 Iúil 2023, níl an rialachán ná an moladh ón gComhairle a ghabhann leis i bhfeidhm a thuilleadh.

Bhí tionchar dearfach ag córas Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais lasmuigh den Aontas féin, agus ba chaighdeán domhanda é a bhí bunaithe go daingean ar luachanna an Aontais maidir leis an oscailteacht, leis an tslándáil agus le cosaint sonraí. Ar an iomlán, bhain 78 dtír ar chúig mhór-roinn tairbhe as an gcóras. An rath sin a bhí ar an gcóras, chuidigh sé leis an téarnamh domhanda agus chun tús a chur leis an taisteal sábháilte idirnáisiúnta arís. Tá cinneadh déanta ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte córas deimhniúcháin dhigitigh COVID-19 an Aontais a úsáid chun córas domhanda a bhunú a chuideoidh le saoránaigh ar fud an domhain a chosaint ar bhagairtí sláinte atá ag dul ar aghaidh anois agus a bheidh ann amach anseo, paindéimí san áireamh.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as an mbunteicneolaíocht amach anseo, féach Deimhniú Digiteach COVID an Aontais.

Taisteal chuig an Aontas ó thíortha nach bhfuil san Aontas

Go luath le linn na paindéime, an 20 Márta 2020, ghlac an Coimisiún Teachtaireacht inar moladh srian sealadach a chur le taisteal neamhriachtanach ó thríú tíortha isteach san Aontas. An 17 Márta 2020, chomhaontaigh na Ballstáit an srian sealadach a chur i bhfeidhm, agus rinne na ceithre Stát atá comhlachaithe le Schengen amhlaidh chomh maith.

An 30 Meitheamh 2020, tar éis togra ón gCoimisiún an 11 Meitheamh, ghlac an Chomhairle moladh maidir le deireadh a chur de réir a chéile leis na srianta sealadacha ar thaisteal neamhriachtanach isteach san Aontas. Tugadh an moladh ón gComhairle cothrom le dáta roinnt uaireanta mar fhreagairt ar dhul chun cinn na paindéime.

Le linn na tréimhse ina raibh srianta ar thaisteal chuig an Aontas i bhfeidhm, cuireadh roinnt díolúintí i bhfeidhm chun saorghluaiseacht saoránach, earraí agus seirbhísí a chinntiú – agus lánurraim á tabhairt do bhearta sláinte agus sábháilteachta. Is féidir breathnú orthu sin anseo:

Díolúintí ó shrianta taistil a bhaineann leis an gcoróinvíreas

Tar éis ghlacadh Mholadh (AE) 2022/2548 ón gComhairle an 13 Nollaig 2022, níor cheart do na Ballstáit aon srian a fhorchur ar thaisteal ar fhorais na sláinte poiblí de dheasca phaindéim COVID-19. Mar sin féin, tá roinnt cosaintí curtha i bhfeidhm ag tíortha an Aontais i gcás ina n-éireoidh an staid eipidéimeolaíoch níos measa nó ina dtiocfaidh athraitheach nua ar díol imní é chun cinn.

Cúnamh consalach do shaoránaigh an Aontais ar an gcoigríoch

Ó thosaigh paindéim COVID-19, chuidigh an Coimisiún Eorpach agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí chun saoránaigh den Aontas a bhí sáinnithe i dtíortha eile a thabhairt abhaile ó gach cearn den domhan.

Eolas faoi chearta shaoránaigh an Aontais ar chosaint taidhleoireachta nó chonsalach lasmuigh den Aontas

Doiciméid

16 MÁRTA 2020
COVID-19: Temporary Restriction on Non-Essential Travel to the EU
17 MÁRTA 2021
Teachtaireacht: Conair choiteann i dtreo athoscailt shlán leanúnach
15 MEITHEAMH 2021
RIALACHÁN (AE) 2021/953 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 14 Meitheamh 2021
22 NOLLAIG 2022
MOLADH (AE) 2022/2548 ÓN gCOMHAIRLE an 13 Nollaig 2022 maidir le cur chuige comhordaithe i ndáil le taisteal chuig an Aontas le linn phaindéim COVID-19 agus lena n-ionadaítear Moladh (AE) 2020/912 ón gComhairle

Séanadh. Nuashonraíodh an leathanach seo go deireanach i mí Mheán Fómhair 2023.