EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022H2548

Moladh (AE) 2022/2548 ón gComhairle an 13 Nollaig 2022 maidir le cur chuige comhordaithe i ndáil le taisteal chuig an Aontas le linn phaindéim COVID-19 agus lena n-ionadaítear Moladh (AE) 2020/912 ón gComhairle

ST/15535/2022/INIT

OJ L 328, 22.12.2022, p. 146–152 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2022/2548/oj

22.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 328/146


MOLADH (AE) 2022/2548 ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Nollaig 2022

maidir le cur chuige comhordaithe i ndáil le taisteal chuig an Aontas le linn phaindéim COVID-19 agus lena n-ionadaítear Moladh (AE) 2020/912 ón gComhairle

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,f

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2), pointí (b) agus (e) agus Airteagal 292, an chéad abairt agus an dara habairt de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 30 Meitheamh 2020, ghlac an Chomhairle Moladh (AE) 2020/912 maidir leis an srian sealadach ar thaisteal neamhriachtanach isteach san Aontas agus maidir leis an bhféidearthacht deireadh a chur leis an srian sin (1).

(2)

Ó shin i leith, tá feabhas mór tagtha ar an staid eipidéimeolaíoch de bharr go bhfuil ag méadú ar an nglacadh vacsaínithe ar fud an domhain, agus vacsaíní ann a fhágann go mbíonn ardleibhéal cosanta ann ar chásanna de ghalair thromchúiseacha agus ar an mbás, sin agus de bharr scaipeadh na n-athraitheach Omicron BA.4 agus BA.5, athraithigh atá tagtha i dtreis ó bhí mí Iúil 2022 ann, agus arb iondúil dá gcuid iarmhairtí gan bheith chomh tromchúiseach leis na hiarmhairtí a bhain leis na hathraithigh Delta a bhí ann roimhe seo.

(3)

Dá bhrí sin, i bhfianaise na staide eipidéimeolaíche atá ann faoi láthair agus na staide eipidéimeolaíche a mheastar a bheidh ann amach anseo, dealraíonn sé gurb iomchuí a mholadh go mbainfí na srianta ar thaisteal isteach san Aontas. Na Ballstáit agus na tíortha ar fad a bhfuil feidhm ag acquis Schengen maidir leo, rinne siad na srianta sin a aisghairm cheana féin le linn an tsamhraidh.

(4)

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Moladh (AE) 2020/912, tugadh isteach, i measc nithe eile, liosta de na tríú tíortha sin, de réigiúin speisialta riaracháin, agus d’eintitis agus údaráis chríochacha eile (“tríú tíortha nó réigiúin”) a chomhlíonann na critéir eipidéimeolaíocha a leagtar amach sa Mholadh sin agus a bhféadfaí deireadh a chur dá réir leis an srian ar thaisteal neamhriachtanach isteach san Aontas. I bhfianaise mhaolú na srianta, níl gá leis an liosta sin a thuilleadh agus ba cheart, dá bhrí sin, é a aisghairm.

(5)

Mar sin féin, tá an víreas SARS-CoV-2 fós ag scaipeadh leis. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith réidh chun gníomhú ar bhealach comhordaithe comhréireach sa chás go rachadh an staid eipidéimeolaíoch go mór in olcas, agus ar na cúinsí a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis sin tá teacht chun cinn athraithigh nua ar díol imní nó spéise é.

(6)

Sa chás áirithe go rachadh an staid eipidéimeolaíoch i dtríú tír nó réigiún go mór in olcas, ba cheart do na Ballstáit, nuair is gá, an taisteal neamhriachtanach a theorannú seachas i gcás daoine a bheadh vacsaínithe nó tar éis téarnamh, nó a mbeadh toradh diúltach ar Thástáil Aimpliúcháin Aigéid Núicléasaigh (NAAT) a bheadh déanta orthu laistigh de 72 uair an chloig roimh dóibh imeacht. Níor cheart go gcuirfeadh sé sin cosc ar na Ballstáit bearta breise a dhéanamh ar theacht isteach do dhaoine, na nithe seo a leanas, cuir i gcás – tástáil bhreise, féinleithlisiú, nó coraintín.

(7)

Aon uair a thabharfaidh Ballstát srianta a bhaineann le COVID-19 isteach i gcomhréir le Moladh 2022/107 ón gComhairle (2), ba cheart do na Ballstáit comhordú a dhéanamh, laistigh de struchtúir na Comhairle agus i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún agus leis an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) agus leis an gCoiste Slándála Sláinte, d’fhonn a chinneadh ar cheart srianta den chineál céanna a thabhairt isteach maidir le taisteal ó thríú tíortha chuig na Ballstáit. Ba cheart faisnéis faoi aon bhearta nua a fhoilsiú a luaithe is féidir agus, mar riail ghinearálta, ar a laghad 48 uair an chloig sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm, agus é á chur san áireamh go bhfuil gá le solúbthacht áirithe le haghaidh éigeandálaí eipidéimeolaíocha.

(8)

Sa chomhthéacs sin, ba cheart Deimhniú Digiteach COVID an Aontais, arna bhunú le Rialacháin (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus (AE) 2021/954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), a úsáid i gcónaí mar phointe tagartha chun vacsaíniú, téarnamh agus tástáil a chruthú. Ba cheart a chumhdach leis sin freisin deimhnithe arna n-eisiúint ag tríú tíortha a chumhdaítear le cinneadh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 3(10) nó Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2021/953.

(9)

Thairis sin, nuair a thagann athraitheach ar díol imní nó spéise é chun cinn i dtríú tír nó réigiún, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit fós bearta práinneacha, solúbtha a bhfuil teorainn ama leo a dhéanamh ar bhealach comhordaithe chun moill a chur ar theacht isteach an athraithigh sin ar díol imní nó spéise é, agus chun ullmhú dá theacht isteach.

(10)

Ba cheart foráil a dhéanamh sa Mholadh seo freisin maidir leis na díolúintí is gá ó shrianta ar thaisteal ó thríú tíortha chuig na Ballstáit. Daoine atá ag taisteal de bharr riachtanais nó feidhm ríthábhachtach, ba cheart cead a bheith acu taisteal chuig na Ballstáit agus chuig tíortha eile a bhfuil feidhm ag acquis Schengen maidir leo i gcás ina mbeidh feidhm ag an gcoscán éigeandála freisin. Chun na críche sin, ba cheart liosta na dtaistealaithe riachtanacha a oiriúnú ionas nach mbeidh san áireamh ann ach na daoine sin nach mór dóibh a bheith in ann taisteal fiú i gcásanna den sórt sin.

(11)

Ar an gcaoi chéanna, saoránaigh den Aontas agus náisiúnaigh tríú tír atá ina gcónaí go dleathach san Aontas, ba cheart iadsan a bheith in ann filleadh ar Bhallstát a náisiúntachta nó a gcónaithe i gcónaí, ach féadfaidh sé go mbeidh siad faoi réir beart ar theacht isteach dóibh. Níor cheart a cheangal ar leanaí faoi bhun 12 bhliain d’aois cruthúnas vacsaínithe, téarnaimh nó tástála a bheith ina seilbh acu.

(12)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, seasamh atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Mholta seo. Ós rud é go gcuireann an Moladh seo le acquis Schengen, ba cheart don Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, a chinneadh an gcuirfidh sí an Moladh seo chun feidhme, laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh maidir leis an Moladh céanna.

(13)

Is é atá sa Mholadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (5). Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach ina ghlacadh agus níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm.

(14)

Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Mholadh seo forbairt ar na forálacha de acquis Schengen, de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme (6), a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (7).

(15)

Maidir leis an Eilvéis, is éard atá sa Mholadh seo forbairt ar na forálacha de acquis Schengen, de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (8), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (9).

(16)

Maidir le Lichtinstéin, is éard atá sa Mholadh seo forbairt ar na forálacha de acquis Schengen, de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen (10) a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3s de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (11).

(17)

Ba cheart do na Ballstáit ar fad, ar mhaithe le feidhmiú cuí limistéar Schengen, cinneadh a dhéanamh ar bhealach comhordaithe maidir le haon srian ar thaisteal neamhriachtanach isteach san Aontas a thabhairt isteach arís,

TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:

Deireadh a chur leis na srianta ar thaisteal

(1)

Ón 22 Nollaig 2022 ar aghaidh, ba cheart deireadh a chur leis na srianta ar fad atá ar thaistealaithe chuig an Aontas, ar srianta iad a bhaineann le COVID-19.

Ceanglais taistil i gcás ina bhfuil an staid eipidéimeolaíoch ag dul in olcas go mór

(2)

Ba cheart do na Ballstáit a chinneadh ar bhealach comhordaithe, sa Chomhairle agus i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, ceanglais iomchuí réamhimeachta a thabhairt isteach arís i dtaobh taistealaithe, i gcás inar gá sin a dhéanamh toisc an staid eipidéimeolaíoch a bheith ag dul in olcas go mór, bíodh sin sna Ballstáit nó i dtríú tíortha. D’fhéadfadh ceann amháin nó meascán de na nithe seo a leanas a bheith i gceist leis na ceanglais sin:

(a)

an dáileog dheireanach mholta den tsraith phríomhúil vacsaínithe de cheann de na vacsaíní COVID-19 atá údaraithe san Aontas de bhun Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), nó de cheann de na vacsaíní COVID-19 a bhfuil próiseas EDS um Liostú Úsáide Éigeandála curtha i gcrích ina leith, an dáileog sin a bheith faighte ag duine 14 lá ar a laghad roimh theacht isteach san Aontas dóibh; i gcás ina mbeidh an taistealaí 18 mbliana d’aois nó os a chionn, gan níos mó ná 270 lá a bheith caite ó tugadh an dáileog a luaitear sa deimhniú vacsaínithe maidir le cur i gcrích na príomhshraithe vacsaínithe nó, tar éis na tréimhse 270 lá sin, riachtanas a bheith ann go mbeadh dáileog bhreise faighte tar éis chur i gcrích na príomhshraithe vacsaínithe;

(b)

a bheith téarnaithe ó COVID-19 tráth nach déanaí ná 180 lá tar éis dháta an chéad toraidh dhearfaigh ar thástáil NAAT roimh thaisteal chuig na Ballstáit eile;

(c)

Tástáil Aimpliúcháin Aigéid Núicléasaigh (NAAT) a bheith déanta a raibh toradh diúltach uirthi tráth nach faide ná 72 uair an chloig roimh imeacht chuig na Ballstáit;

(3)

Chun a chinneadh, chun críocha phointe 2, ar cheart staid a cháiliú mar staid atá ag dul in olcas go mór, ba cheart do na Ballstáit an brú atá ar a gcórais cúraim sláinte de bharr COVID-19 a chur san áireamh go háirithe, go sonrach i dtéarmaí a bhfuil d’othair á ligean isteach in ospidéil agus aonaid dianchúraim, agus líon na n-othar cónaitheach atá sna hospidéil agus sna haonaid dianchúraim, déine na n-athraitheach SARS-CoV-2 atá ag scaipeadh, chomh maith leis an bhfaisnéis a thugann an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú go rialta agus forbairt na staide eipidéimeolaíche.

(4)

Ina theannta sin, má thugann Ballstát amháin nó níos mó srianta isteach arís bunaithe ar Mholadh (AE) 2022/107 ón gComhairle (13), maidir le taisteal laistigh den Aontas, ba cheart do na Ballstáit plé a dhéanamh, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún agus leis an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 851/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), ba cheart dóibh plé a dhéanamh i dtaobh cé acu ar cheart nó nár cheart srianta den chineál céanna a thabhairt isteach faoin Moladh seo maidir le taisteal ó thríú tíortha chuig na Ballstáit.

(5)

Nuair a thugtar srianta isteach arís i gcomhréir le pointí 2 nó 4, ba cheart ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas a bheith ina seilbh ag taistealaithe:

(a)

cruthúnas bailí ar vacsaíniú arna eisiúint ar bhonn vacsaín COVID-19 arna údarú san Aontas de bhun Rialachán (CE) Uimh. 726/2004;

(b)

cruthúnas bailí ar vacsaíniú arna eisiúint ar bhonn vacsaíní COVID-19 a bhfuil próiseas EDS um Liostú Úsáide Éigeandála curtha i gcrích ina leith ach nach bhfuil ar liosta na vacsaíní arna n-údarú san Aontas de bhun Rialachán (CE) Uimh. 726/2004;

(c)

cruthúnas bailí ar théarnamh;

(d)

cruthúnas bailí ar Thástáil Aimpliúcháin Aigéid Núicléasaigh (NAAT) nach faide ná 72 uair an chloig roimh imeacht.

(6)

Níor cheart leanaí faoi bhun 12 bhliain d’aois a bheith faoi réir aon cheanglas roimh imeacht dóibh.

(7)

D’fhéadfadh na Ballstáit bearta breise a chur i bhfeidhm freisin ar theacht isteach do dhaoine i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, maidir leis na nithe seo a leanas, cuir i gcás – tástáil bhreise, féinleithlisiú agus coraintín.

(8)

Mar sin féin:

(a)

taistealaithe lena mbaineann feidhm ríthábhachtach nó riachtanas dá dtagraítear san Iarscríbhinn (15), níor cheart iad a bheith faoi réir aon bhirt maidir le teacht isteach a chuirfeadh isteach ar chuspóir an taistil;

(b)

i gcás pearsanra iompair, maraithe agus oibrithe teorann, níor cheart do na Ballstáit aon rud eile ach Mearthástáil Antaiginí dhiúltach a chur de cheangal orthu ar theacht isteach dóibh in aon cheann de na Ballstáit;

(c)

ba cheart aerchriúnna a dhíolmhú ó aon tástáil má ba lú ná 12 uair an chloig a bhfanacht i dtríú tír.

(9)

I gcás ina bhforchuirfidh na Ballstáit bearta breise ar theacht isteach do dhaoine, mar a leagtar amach i bpointe 7, ba cheart dóibh faisnéis iomchuí a chur ar fáil do na taistealaithe ar bhealach sorochtana.

Cruthúnais vacsaínithe, téarnaimh agus tástála

(10)

De bhreis ar dheimhnithe arna n-eisiúint de bhun Rialachán (AE) 2021/953, ba cheart do na Ballstáit glacadh le cruthúnais ar vacsaíniú, téarnamh nó tástáil COVID-19 a chumhdaítear faoi ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 3(10) nó Airteagal 8(2) den Rialachán sin.

(11)

I gcás nár glacadh aon ghníomh cur chun feidhme den chineál sin, chun críocha phointe 5, d’fhéadfadh Ballstáit, chun críocha an Mholta seo, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a chinneadh cruthúnas ar vacsaíniú, téarnamh agus tástáil arna eisiúint ag tríú tír a ghlacadh, agus an gá atá lena bheith in ann barántúlacht, bailíocht agus sláine an doiciméid a fhíorú á chur san áireamh, agus an bhfuil na sonraí ábhartha ar fad sa doiciméad nó nach bhfuil, mar a fhoráiltear i Rialachán (AE) 2021/953.

Aghaidh a thabhairt ar athraithigh ar díol imní nó spéise iad agus sásra an choscáin éigeandála

(12)

I gcás ina mbeidh athraitheach ar díol imní nó spéise é braite i dtríú tír nó réigiún, ba cheart do na Ballstáit bearta práinneacha a dhéanamh (“coscán éigeandála”) chun leathadh an athraithigh chuig an Aontas a shrianadh. Mar fhreagairt ar theacht chun cinn athraithigh nua den sórt sin ar díol imní nó spéise é i dtríú tír nó i réigiún, ba cheart cruinniú a thionól laistigh de struchtúir na Comhairle laistigh de 48 n-uair an chloig chun plé a dhéanamh ar a riachtanaí atá bearta comhordaithe chun taisteal chuig an Aontas chun go gcuirfí moill ar leathadh an athraithigh nua, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún agus le tacaíocht ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc. I gcás inar gá, ba cheart do na Ballstáit aon cheanglais iomchuí a chinneadh, ar bhealach comhordaithe sa Chomhairle. Ar bhonn eisceachtúil, d’fhéadfadh na Ballstáit srian práinneach, comhchoiteann agus sealadach a bhunú laistigh de struchtúir na Chomhairle ar gach taisteal chuig a gcríoch i gcás náisiúnaigh tríú tíortha a d’fhan sa tríú tír nó réigiún sin tráth ar bith le linn na 14 lá roimh imeacht i dtreo na mBallstát dóibh. Ba cheart feidhm a bheith ag an méid sin freisin maidir le cásanna ina dtéann an staid eipidéimeolaíoch in olcas go tapa agus go mór ar bhealach a thugann le tuiscint go bhfuil athraitheach nua de SARS-CoV-2 ar díol imní nó spéise é ag teacht chun cinn.

(13)

Ba cheart do na Ballstáit, laistigh de struchtúir na Comhairle agus i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, athbhreithniú rialta a dhéanamh ar an staid ar bhealach comhordaithe.

(14)

Ba cheart na srianta sin a bheith ag dul in éag tar éis 21 lá féilire, mura gcinneann na Ballstáit, faoin nós imeachta a leagtar amach i bpointí 12 agus 13, iad a ghiorrú nó síneadh a chur leo go ceann tréimhse eile.

(15)

Ba cheart don Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú léarscáil a fhoilsiú agus a nuashonrú go rialta, léarscáil ina léireofar an staid atá ann i dtríú tíortha maidir le hathraithigh ar díol imní iad agus athraithigh ar díol spéise iad.

Díolúintí ó shrianta sealadacha taistil

(16)

Taistealaithe lena mbaineann feidhm ríthábhachtach nó riachtanas dá dtagraítear san Iarscríbhinn, níor cheart iad a bheith faoi réir na srianta taistil dá dtagraítear i bpointí 2 agus 12.

(17)

D’fhéadfadh na catagóirí daoine seo a leanas a bheith faoi réir na srianta taistil a luaitear i bpointí 2 agus 12, ach ba cheart iad an deis a choimeád filleadh ar an Aontas:

(a)

Saoránaigh den Aontas Eorpach agus náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cearta chun saorghluaiseachta acu, faoi chomhaontuithe idir an tAontas agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus na tríú tíortha sin, ar an taobh eile, ar cearta iad atá coibhéiseach leis na cearta atá ag saoránaigh den Aontas Eorpach, chomh maith le baill a dteaghlach (16);

(b)

náisiúnaigh tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad faoi Threoir 2003/109/CE ón gComhairle (17) agus daoine arb as ionstraimí eile de dhlí an Aontais nó den dlí náisiúnta a eascraíonn a gceart cónaithe, nó a bhfuil víosaí fadtéarmacha náisiúnta acu, mar aon le baill teaghlaigh na ndaoine sin.

Sa chás nach mbeadh Deimhniú Digiteach COVID bailí de chuid an Aontais ina seilbh ag na daoine sin, d’fhéadfadh sé go mbeidís faoi réir na mbeart breise a luaitear faoi phointe 7 ar theacht isteach dóibh.

(18)

Na bearta breise a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm ar dhaoine ar theacht isteach dóibh, bearta a leagtar amach i bpointe 7, ba cheart feidhm a bheith acu i gcónaí maidir le taistealaithe atá díolmhaithe ó shrianta i gcomhréir le pointí 16 agus 17.

Comhordú agus faisnéis don phobal

(19)

Ba cheart faisnéis faoi aon bhearta nua faoi phointe 5 a fhoilsiú a luaithe is féidir agus, mar riail ghinearálta, ar a laghad 48 n-uair an chloig sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm.

Forálacha críochnaitheacha

(20)

Chun críoch an Mholta seo, cónaitheoirí de chuid Andóra, Mhonacó, San Mairíne agus na Vatacáine/an tSuí Naofa, ba cheart a mheas gur náisiúnaigh tríú tíortha iad a thagann faoi raon feidhme phointe17(b).

(21)

Cuirtear an Moladh seo in ionad Mholadh (AE) 2020/912. Ba cheart feidhm a bheith aige ón 22 Nollaig 2022.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Nollaig 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  Moladh (AE) 2020/912 ón gComhairle an 30 Meitheamh 2020 maidir leis an srian sealadach ar thaisteal neamhriachtanach isteach san Aontas agus maidir leis an bhféidearthacht deireadh a chur leis an srian sin ( IO L 208 I, 1.7.2020, lch. 1).

(2)  Moladh (AE) 2022/107 an 25 Eanáir 2022 ón gComhairle maidir le cur chuige comhordaithe chun saorghluaiseacht shábháilte a éascú le linn phaindéim COVID-19 agus a chuirtear in ionad Mholadh (AE) 2020/1475 (IO L 18, 27.1.2022, lch. 110).

(3)  Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19 (IO L 211, 15.6.2021, lgh. 1).

(4)  Rialachán (AE) 2021/954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID-19 AE) a eisiúint maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríocha na mBallstát le linn phaindéim COVID-19 agus chun iad a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo (IO L 211, 15.6.2021, lch. 24).

(5)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(6)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(7)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(8)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(9)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).

(10)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(11)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáid tréidliachta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach (IO L 136, 30.4.2004, lch. 1).

(13)  Moladh (AE) 2022/107 ón gComhairle maidir le cur chuige comhordaithe chun saorghluaiseacht shábháilte a éascú le linn phaindéim COVID-19 agus a chuirtear in ionad Mholadh (AE) 2020/1475.

(14)  Rialachán (CE) 851/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 lena mbunaítear Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (IO L 142, 30.4.2004, lch. 1).

(15)  Féach freisin Treoir an 28 Deireadh Fómhair 2020 ón gCoimisiún (COM(2020)686 final, 28.10.2020).

(16)  Mar a shainmhínítear in Airteagail 2 agus 3 de Threoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais Eorpaigh agus bhaill a dteaghlach gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).

(17)  Treoir 2003/109/CE ón gComhairle an 25 Samhain 2003 maidir le stádas náisiúnach tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarma iad (IO L 16, 23.1.2004, lch. 44).


IARSCRÍBHINN

Catagóirí daoine atá ag taisteal agus feidhm ríthábhachtach nó riachtanas á fheidhmiú acu:

i.

Gairmithe cúraim sláinte, taighdeoirí sláinte, agus gairmithe um chúram daoine scothaosta;

ii.

Oibrithe teorann;

iii.

Pearsanra iompair;

iv.

Taidhleoirí, foireann eagraíochtaí idirnáisiúnta agus daoine a fhaigheann cuireadh ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, pearsanra míleata agus oibrithe cabhrach daonnúla agus pearsanra cosanta sibhialta;

v.

Paisinéirí idirthurais;

vi.

Paisinéirí atá ag taisteal ar chúiseanna práinneacha teaghlaigh nó leighis;

vii.

Maraithe;

viii.

Daoine a oibríonn ar bhonneagair chriticiúla nó ar bhonneagair riachtanacha eile;

ix.

Daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu, nó atá ag taisteal ar chúiseanna daonnúla eile;


Top