Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Bainistiú géarchéimeanna agus dlúthpháirtíocht

Ábhar a cuireadh sa chartlann

Níl na leathanaigh ghréasáin sa rannán seo á nuashonrú a thuilleadh. D’fhéadfadh an t-ábhar a bheith as dáta agus níor cheart é a úsáid ach amháin chun tagairt don ábhar mar a bhí sé tráth a fhoilsithe.

Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta

Le linn phaindéim COVID-19, chomhordaigh agus mhaoinigh an tAontas seachadadh trealaimh leighis agus earraí gaolmhara, agus chómhaoinigh sé eitiltí aisdúichithe do bheagnach 100,000 saoránach den Aontas trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta.

Seachadadh earraí trealaimh chosanta, amhail maisc aghaidhe, gúnaí, lámhainní, spéaclaí cosanta, forchótaí, díghalrán agus táirgí eile ar fud na hEorpa agus ar fud an domhain, chuig tíortha a raibh cúnamh á lorg acu.

Ar an iomlán, le linn phaindéim COVID-19 rinne an tAontas an méid seo a leanas:

  • comhordú agus cómhaoiniú ar níos mó ná 190 milliún earra trealaimh leighis agus cosanta pearsanta a sheachadadh

  • ospidéil a threisiú le baill foirne leighis bhreise

  • breis agus 10.5 milliún dáileog vacsaíne a chur ar fáil do níos mó ná 55 thír san Eoraip agus ar fud an domhain trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta.

Bhíothas in ann an cúnamh a thabhairt a bhuí le Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha an Aontais (ERCC), mol éigeandála an Aontais Eorpaigh. Thug ERCC freagra ar bhreis agus 170 iarraidh bhreise ar chúnamh a bhain le COVID-19, gan aisdúichiú san áireamh.

rescEU – taisce choiteann de threalamh leighis

Cur chuige Team Europe – cúnamh lasmuigh den Aontas

Ó ráig COVID-19 go luath in 2020 go dtí deireadh 2021, eisíocadh €47.7 billiún i gcur chuige Team Europe chun tacú le níos mó ná 140 tír chomhpháirtíochta chun aghaidh a thabhairt ar an bpaindéim agus ar a hiarmhairtí. Thuairiscigh an Coimisiún an tacaíocht sin faoi shásra monatóireachta comhpháirteach de chuid Team Europe agus chomhcheangal sé acmhainní ón gCoimisiún, ó Bhallstáit an Aontais, ón mBanc Eorpach Infheistíochta, agus ón mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha.

Den €53.7 billiún ar an iomlán a cuireadh ar fáil leis an bpacáiste ó Team Europe, eisíocadh €47.7 billiún faoi mhí na Nollag 2021 chun freagairt ar riachtanais dhaonnúla éigeandála (€3 bhilliún), chun córais sláinte, uisce agus sláintíochta a neartú (€10.6 billiún), agus chun iarmhairtí socheacnamaíocha na paindéime a mhaolú, cailliúint post agus oideachas ina measc (€34.1 billiún).

Rinneadh na heisíocaíochtaí i gcoibhneas le gealltanais dóibh seo a leanas:

  • Comharsanacht na hEorpa: €13.6 billiún as €15.6 billiún

  • An Afraic fho-Shahárach: €8.3 billiún as €9 mbilliún

  • Na Balcáin Thiar agus an Tuirc: €6.8 billiún as €7.6 billiún

  • An Áise agus an tAigéan Ciúin: €4 bhilliún as €4.3 billiún

  • Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib: €2.5 billiún as €3.2 billiún

  • An Afraic, Muir Chairib agus an tAigéan Ciúin, réigiúnach: €539 milliún as €743 mhilliún

  • Críocha thar lear agus an Ghraonlainn: €579 milliún as €631 mhilliún

  • Cláir dhomhanda: €8.6 billiún as €9.7 billiún

Tá sonraí maidir le freagairt dhomhanda deontóirí ar COVID-19 á mbailiú agus á bhfoilsiú ag an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) mar chuid dá tuairisciú staidrimh bliantúil ar chúnamh forbartha. Le haghaidh figiúirí maidir le freagairt dhomhanda ghníomhaithe cur chuige Team Europe ar an bpaindéim amhail ó 2022, beidh sonraí in-íoslódáilte ar fáil lena gceadú i mbunachar sonraí ar líne de chuid ECFE (Córas Tuairiscithe Creidiúnaí (CRS)) inar féidir leat an tacar sonraí a íoslódáil agus féachaint ar na hidirbhearta atá marcáilte le heochairfhocal COVID-19 (#COVID-19). Meastar go n-eiseoidh ECFE na sonraí le haghaidh 2022 i mí na Nollag 2023.

Vacsaíniú domhanda

Níl teorainneacha ar bith le paindéimí. Ó thús, d’fhéach an tAontas le rochtain chothrom ar vacsaíní COVID-19 inacmhainne, sábháilte agus éifeachtacha a chinntiú do chách. D’eagraigh an tAontas an Fhreagairt Dhomhanda ar an gCoróinvíreas, sheol sé an Luasaire um Rochtain ar Uirlisí COVID-19 (ACT) in éineacht le comhpháirtithe, agus thacaigh sé le COVAX, tionscnamh domhanda atá dírithe ar rochtain chothrom ar vacsaíní COVID-19.

Bhí an Coimisiún, na Ballstáit agus an Banc Eorpach Infheistíochta le chéile ina bpríomhinfheisteoir in COVAX, le breis agus €5 bhilliún chun 1.8 billiún dáileog vacsaíní a chur ar fáil do 92 thír ísealioncaim agus meánioncaim.

I gcomhthráth leis sin, le sásra an Aontais um vacsaíní a roinnt cuireadh ar a gcumas do na 27 mBallstát dáileoga a cheannaigh an tAontas a roinnt le tríú tíortha, trí COVAX san áireamh.

Faoi mhí Lúnasa 2023, tá breis agus 530 milliún dáileog roinnte ag Ballstáit an Aontais le tíortha ar fud an domhain. Is trí COVAX a roinneadh an mhórchuid acu, isteach agus amach le 445 mhilliún dáileog. Ina theannta sin, sheachaid Ballstáit an Aontais 87 mhilliún dáileog trí dheontais dhéthaobhacha – mar shampla, chuig ár gcomharsana sna Balcáin Thiar.

Thacaigh an tAontas freisin le comhpháirtithe a raibh straitéisí vacsaínithe agus dáileadh soláthairtí acu, le €300 milliún breise chun dlús a chur le leathadh amach agus glacadh vacsaíní san Afraic agus €100 milliún breise chun feabhas a chur ar rochtain ar dhiagnóisic agus ar tháirgí teiripeacha, agus ar a n-imscaradh, agus chun córais sláinte i dtíortha comhpháirtíochta a neartú.

Chun borradh a chur faoi mhonarú áitiúil agus rochtain ar vacsaíní san Afraic, i mí na Bealtaine 2021 sheol Team Europe tionscnamh dar luach €1 bhilliún chun tacú le sprioc an Aontais Afracaigh 60% de na vacsaíní a úsáidtear ar an mór-roinn a mhonarú go háitiúil faoi 2040. Ina theannta sin, i gcomhpháirtíocht leis an Spáinn, sheol an tAontas comhpháirtíocht le Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib chun tacú le monarú áitiúil vacsaíní, cógas agus teicneolaíochtaí sláinte eile, agus chun athléimneacht na gcóras sláinte a neartú.

Séanadh. Nuashonraíodh an leathanach seo go deireanach i mí Mheán Fómhair 2023