Aipeanna rianaithe teagmhálaithe agus rabhaidh COVID-19
Is sa ré dhigiteach a troideadh cath COVID-19. Mar gheall ar nádúr an choróinvíris agus ar an ngá le hathrú iompraíochta a ghríosú, chuamar i muinín uirlisí rannpháirtíochta sóisialta chun daoine a chumhachtú agus a spreagadh chun bearta a dhéanamh agus an víreas a chomhrac le chéile. Sna chéad mhíonna den phaindéim, thosaigh an pobal digiteach ag baint leas as féidearthachtaí roinnt teicneolaíochtaí iontaofa nua (ar nós theicneolaíocht ghaireachta Bluetooth) chun monatóireacht agus maolú a dhéanamh ar an bpaindéim, chun eagrú an iarchúraim leighis d’othair a éascú, agus chun treoracha a chur ar fáil go díreach do shaoránaigh conas a bpáirt a ghlacadh chun an galar a chur faoi smacht.
Sheol 22 údarás sláinte poiblí aipeanna rianaithe agus rabhaidh mar chuid de phacáiste de bhearta chun leathadh an choróinvíris a chosc. Aipeanna slána deonacha a chosain an príobháideachas ab ea iad sin agus iad in ann rabhadh a thabhairt do shaoránaigh má bhí siad an-ghar do dhuine a thástáil dearfach ar COVID-19. B’uirlis éifeachtach iad na haipeanna rianaithe teagmhálaithe agus rabhaidh a chabhraigh chun slabhra na n-ionfhabhtuithe a bhriseadh, go náisiúnta agus thar theorainneacha, agus chun anamacha a shábháil mar thaca le córas seanbhunaithe an rianaithe a rinneadh de láimh ar theagmhálaithe.
I mí Dheireadh Fómhair 2020, bhunaigh tíortha Eorpacha agus an Coimisiún Eorpach seirbhís nua darb ainm Seirbhís Tairsí na Cónaidhme Eorpaí sa chaoi go mbeadh na haipeanna náisiúnta in ann cumarsáid a dhéanamh le chéile agus go mbeidís idir-inoibritheach ar fud an Aontais. Mar gheall air sin, bhí muintir na hEorpa in ann a gcuid aipeanna náisiúnta a úsáid fiú agus iad ag gabháil thar theorainneacha, agus bhí siad in ann leas a bhaint as idir-inoibritheacht iomlán, tarchur slánaithe, agus faisnéis íoslaghdaithe a malartaíodh ar fud an Aontais. Forbraíodh an tseirbhís sin agus cuireadh in úsáid í ar luas lasrach, laistigh de 6 mhí ó na chéad ráigeanna de COVID-19 san Eoraip. Sáreiseamláir den chomhar Eorpach is ea í.
I bhfómhar na bliana 2021 agus an tseirbhís i mbarr a réime, bhí 19 dtír Eorpacha ag malartú faisnéise faoi theagmhálacha ar riosca tríd an Tairseach Eorpach. Rinneadh thart ar 206 mhilliún íoslódáil dheonacha uathúla san iomlán, agus bhí na deicheanna de mhilliúin úsáideoirí gníomhacha ann san Eoraip agus san Aontas.
Amlíne
Na dátaí a thosaigh tíortha Eorpacha ag malartú faisnéise faoi theagmhálacha ar riosca tríd an Tairseach Eorpach.
- 12 November 2020
Denmark
Germany
Ireland
Italy
Latvia
Spain
- 16 November 2020
Croatia
- 24 November 2020
Poland
- 1 December 2020
Netherlands
- 11 December 2020
Cyprus
- 4 January 2021
Belgium
- 7 January 2021
Finland
- 2 February 2021
Austria
- 8 February 2021
Norway
- 10 February 2021
Slovenia
- 15 March 2021
Czech Republic
- 22 March 2021
Malta
- 19 May 2021
Lithuania
- 9 July 2021
Estonia
Is de dheoin na n-úsáideoirí féin amháin a úsáideadh na haipeanna sin rianaithe teagmhálaithe agus rabhaidh. Níorbh fhéidir iad a úsáid chun an suíomh ina raibh duine a rianú.
Ón gcéad uair a cuireadh ar bun iad, bhí na haipeanna náisiúnta agus an Tairseach Eorpach deartha sa chaoi go gcuirfí deireadh leo a luaithe a bheadh paindéim COVID-19 thart nó a stopfadh na rialtais náisiúnta d’úsáid a bhaint as an tseirbhís. Rith roinnt tíortha achtanna sealadacha nó leasaigh siad reachtaíocht a bhí i bhfeidhm cheana (mar shampla dlíthe cosanta sonraí nó dlíthe nua paindéime) chun na haipeanna rianaithe teagmhálaithe a úsáid. Is é sin an fáth - mar aon leis an athrú chun feabhais a tháinig ar an bpaindéim - ar thosaigh tíortha na hEorpa ag dícheangal ón Tairseach Eorpach ó dheireadh 2021: bhí siad tar éis stopadh den aip náisiúnta a úsáid nó bhí deireadh tagtha leis an reachtaíocht shealadach.
I mí Aibreáin 2022, d’éirigh linn an Tairseach Eorpach a aistriú go dtí an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC). Dá bharr sin bhí an tAontas in ann a acmhainn chun teagmhálaithe a rianú go digiteach a threisiú, ar aon dul le sainordú nua ECDC, tríd an saineolas ba ghá a chur le chéile in ECDC.
Faoi mhí Feabhra 2023, d’fhág gach tír a bhí fós rannpháirteach sa Tairseach Eorpach an córas. Cuireadh an Tairseach Eorpach ar scor ina dhiaidh sin. Tá próiseas athghníomhachtaithe beartaithe ag ECDC agus ag an gCoimisiún chun an Tairseach Eorpach a chur ar fáil arís do Bhallstáit an Aontais dá mbeadh gá leis sin.
Aipeanna móibíleacha rianaithe teagmhálaithe san Aontas - eiseamláir don todhchaí?
I mí na Nollag 2022, d’fhoilsigh an Coimisiún staidéar a thug forléargas ar an gcur chuige agus ar na ceachtanna a foghlaimíodh faoi idir-inoibritheacht trasteorann na n-aipeanna digiteacha rianaithe teagmhálaithe COVID-19 agus faoina gcomhordú, faoina gcur chun feidhme agus faoin tionchar eipidéimeolaíoch a bhí acu.
Aontaíonn na Ballstáit go láidir gur chuidigh an comhar san Aontas, trí na meithleacha éagsúla a d’oibrigh ar rianú digiteach na dteagmhálaithe, chun an t-ualach a bhaineann le brath na n-ionfhabhtuithe trasteorann a laghdú. Sa bhreis air sin, chuir an comhar sin cúnamh teicniúil, tacaíocht ó phiaraí, agus léargas luachmhar ar fáil, sa chaoi gur laghdaíodh costais chur chun feidhme agus costais oibríochta roinnt aipeanna náisiúnta.
An obair a rinneadh ar rianú digiteach na dteagmhálaithe, is léiriú é ar chumas na hEorpa teicneolaíochtaí nuálacha a chomhaontú agus a sheachadadh chuig na milliúin úsáideoirí ar bhealach lena gcaomhnaítear an príobháideachas, a bhuí le comhordú agus comhoibriú éifeachtach idir na tíortha rannpháirteacha.
Cad a baineadh amach?
Glacadh go deonach leis na haipeanna rianaithe agus rabhaidh ar scála suntasach: íoslódáladh iad breis agus 206 milliún uair idir 2020 agus mí Iúil 2022 agus bhí na deicheanna de mhilliúin d’úsáideoirí gníomhacha acu. Chruthaigh forbróirí agus tíortha Eorpacha suíomhanna gréasáin agus ábhar bolscaireachta tiomnaithe mar aon le feachtais feasachta chun úsáid na n-aipeanna a spreagadh.
Méadaíodh trácht na n-eochracha trí Sheirbhís Tairsí na Cónaidhme Eorpaí mar gheall ar athruithe ar an staid eipidéimeolaíoch, rabhartaí éagsúla ionfhabhtuithe, agus athraithigh nua víris ní ba thógálaí, agus bhain an trácht sin a bhuaicphointe foriomlán amach i mí an Mhárta 2022 nuair a uaslódáladh níos mó ná 700 míle eochair in aon lá amháin.
- +206 mhilliún íoslóduithe de na haipeanna rianaithe
- 56 mhilliún úsáideoir gníomhach**
- 13.4 milliún tástáil dhearfach
- +177 milliún fógra rabhaidh*
- Chuir suas le 70 % de na húsáideoirí a fuair toradh tástála dearfach ar COVID-19 a sonraí isteach sa chaoi go dtabharfaí rabhadh do dhaoine eile
- Ráta na n-úsáideoirí gníomhacha: 26-45%**
- Suas le 20% de na cásanna dearfacha ar fad i dtíortha a bhí clúdaithe leis an aip
- Idir 0.8 agus 19 fógra teagmhála in aghaidh na hiontrála tástála dearfaí
* Thar 7 dtír: An Fhionlainn, Éire, an Ghearmáin, an Íoslainn, an Fhrainc, an Eilvéis, an Ísiltír
** Thar 6 thír: An Fhionlainn, Éire, an Ghearmáin, an Íoslainn, an Fhrainc, an Eilvéis
Cosaint shonraí pearsanta na n-úsáideoirí
I mí Aibreáin 2020 d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach bosca uirlisí de chuid an Aontais maidir le haipeanna rianaithe teagmhálaithe agus rabhaidh, mar aon le treoir maidir le cosaint sonraí. Sna hacmhainní sin, sainíodh sraith de phrionsabail threoracha le haghaidh na n-aipeanna:
- níor cheart aipeanna rianaithe teagmhálaithe agus rabhaidh a shuiteáil ná a úsáid ach de dheoin an úsáideora
- an prionsabal maidir le sonraí a íoslaghdú: ní bhailítear ach na sonraí a bhfuil géarghá leo chun an tseirbhís a reáchtáil
- ba cheart sonraí gaireachta bunaithe ar theicneolaíocht Bluetooth a úsáid sna haipeanna
- ní dhéanann an aip rianaithe aon sonraí suímh a iarraidh ná a úsáid
- ní rianaítear gluaiseachtaí daoine leis na haipeanna rianaithe teagmhálaithe agus rabhaidh
- níor cheart na sonraí a stóráil níos faide ná mar is gá – 14 lá
- ba cheart na sonraí a chosaint le teicnící úrscothacha, an criptiú san áireamh
- ba cheart na haipeanna a dhíghníomhachtú a luaithe a bheidh an phaindéim thart
Faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) (Airteagal 9), is sonraí íogaire iad na sonraí sláinte agus dá bhrí sin ní féidir iad a phróiseáil ach faoi dhiancheanglais. Ní mheastar gur sonraí pearsanta iad sonraí staitistiúla comhiomlánaithe faoi úsáid na n-aipeanna rianaithe teagmhálaithe nach féidir na daoine nádúrtha lena mbaineann a aithint leo, agus dá bhrí sin níl feidhm ag RGCS maidir leo.
Eolas cúlra
An 8 Aibreán 2020, ghlac an Coimisiún moladh go dtacófaí le deireadh a chur de réir a chéile leis na bearta srianta i leith an choróinvíris trí úsáid a bhaint as sonraí agus aipeanna móibíleacha. Sa mholadh sin leagadh síos na príomhphrionsabail maidir le húsáid aipeanna móibíleacha a úsáidtear le haghaidh bearta scartha shóisialta agus chun rabhaidh a thabhairt, an galar a chosc agus teagmhálaithe a rianú. An úsáid a bhaintear as aipeanna agus as sonraí, ba cheart gur le hurraim do shlándáil na sonraí a dhéanfaí sin, agus le hurraim do chearta bunúsacha an Aontais, an príobháideachas agus an chosaint sonraí mar shampla.
An 16 Aibreán 2020 ghlac na Ballstáit atá sa Líonra r-Shláinte, le tacaíocht ón gCoimisiún, bosca uirlisí de chuid an Aontais maidir le haipeanna rianaithe teagmhálaithe mar chuid de chomhrac an Aontais i gcoinne COVID-19 agus leag siad amach an bonn le haghaidh cur chuige comhchoiteann uile-Eorpach i dtaca le haipeanna rianaithe teagmhálaithe agus rabhaidh. An 13 Bealtaine ghlac an Líonra r-Shláinte na treoirlínte idir-inoibritheachta ina dtugtar mioneolas faoi na riachtanais idir-inoibritheachta ag céimeanna éagsúla de phróiseas rianú digiteach na dteagmhálaithe.
Mar fhorbairt ar an obair a rinneadh roimhe sin, i mí an Mheithimh 2020 ghlac an Líonra r-Shláinte na sonraíochtaí teicniúla agus na treoirlínte inar leagadh amach an ailtireacht le haghaidh Sheirbhís Tairsí na Cónaidhme Eorpaí trína bhféadfaí eochracha rianaithe teagmhálaithe a mhalartú idir Ballstáit. Chuir sé sin ar chumas na saoránach taisteal idir na tíortha a bhí ina mbaill de Thairseach na Cónaidhme gan ach aip rianaithe amháin a úsáid. Na modhanna chun sonraí pearsanta a phróiseáil i dTairseach na Cónaidhme, glacadh iad i mí Iúil 2020 nuair a leasaíodh an Cinneadh Cur Chun Feidhme maidir leis an Líonra r-Shláinte.
Críochnaíodh forbairt agus cur in úsáid Thairseach na Cónaidhme faoi dheireadh mhí Mheán Fómhair 2020, sé mhí i ndiaidh na gcéad ráigeanna san Eoraip. Ina dhiaidh sin thosaigh na Ballstáit nascadh leis an gcóras diaidh ar ndiaidh. I mbarr a réime, nasc Tairseach na Cónaidhme 19 dtír le chéile. Faoi mhí Feabhra 2023, d’fhág gach tír a bhí fós rannpháirteach sa Tairseach Eorpach an córas, agus cuireadh ar scor é ina dhiaidh sin.
Doiciméid
- Íoslódáilбългарски(5.95 KB - HTML)
- Íoslódáilespañol(5.95 KB - HTML)
- Íoslódáilčeština(5.95 KB - HTML)
- Íoslódáildansk(5.95 KB - HTML)
- ÍoslódáilDeutsch(5.95 KB - HTML)
- Íoslódáileesti(5.95 KB - HTML)
- Íoslódáilελληνικά(5.95 KB - HTML)
- ÍoslódáilEnglish(5.95 KB - HTML)
- Íoslódáilfrançais(5.95 KB - HTML)
- Íoslódáilhrvatski(5.95 KB - HTML)
- Íoslódáilitaliano(5.95 KB - HTML)
- Íoslódáillatviešu(5.95 KB - HTML)
- Íoslódáillietuvių(5.95 KB - HTML)
- Íoslódáilmagyar(5.95 KB - HTML)
- ÍoslódáilMalti(5.95 KB - HTML)
- ÍoslódáilNederlands(5.95 KB - HTML)
- Íoslódáilpolski(5.95 KB - HTML)
- Íoslódáilportuguês(5.95 KB - HTML)
- Íoslódáilromână(5.95 KB - HTML)
- Íoslódáilslovenčina(5.95 KB - HTML)
- Íoslódáilslovenščina(5.95 KB - HTML)
- Íoslódáilsuomi(5.95 KB - HTML)
- Íoslódáilsvenska(5.95 KB - HTML)