Iompar le linn na paindéime - An Coimisiún Eorpach
Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Iompar le linn na paindéime

  • Ábhar a cuireadh sa chartlann

    Níl na leathanaigh ghréasáin sa rannán seo á nuashonrú a thuilleadh. D’fhéadfadh an t-ábhar a bheith as dáta agus níor cheart é a úsáid ach amháin chun tagairt don ábhar mar a bhí sé tráth a fhoilsithe.

Eitlíocht

Le linn phaindéim COVID-19, tháinig laghdú suntasach ar an aerthrácht san Eoraip. Chun tionchar na paindéime ar an earnáil a mhaolú, chuir an Coimisiún Eorpach reachtaíocht spriocdhírithe chun cinn go pras chun díolúine shealadach a thabhairt d’aerlínte óna n-oibleagáidí maidir le húsáid sliotán aerfoirt faoi dhlí an Aontais (an riail ‘úsáid é nó caill é’ mar a thugtar uirthi), trí Rialachán an Aontais maidir le Sliotáin a leasú roinnt uaireanta idir Aibreán 2020 agus Deireadh Fómhair 2022.

An 1 Aibreán 2020, cheadaigh an Coimisiún go measfaí sliotáin a leithroinneadh idir an 23 Eanáir 2020 agus an 29 Feabhra 2020 a bheith ‘oibrithe’, ionas nach gcaillfeadh aeriompróirí a gcuid sliotán. Bhí an tarscaoileadh sin i bhfeidhm go dtí an 24 Deireadh Fómhair 2020.

An 14 Deireadh Fómhair 2020, ghlac an Coimisiún síneadh le tarscaoileadh rialacha an Aontais maidir le sliotáin aerfoirt a úsáid chun séasúr an gheimhridh a chlúdach ina iomláine, go dtí an 27 Márta 2021. Tugadh an beart isteach ionas go bhféadfadh cuideachtaí aerlíne a sceidil eitilte a phleanáil gan eagla go gcaillfidís a sliotáin mar gheall ar an laghdú ollmhór ar eitiltí.

An 15 Feabhra 2021, le leasú nua ar an Rialachán maidir le Sliotáin tugadh deis d’aerlínte suas leis an leathchuid de na sliotáin a leithroinneadh orthu a thabhairt ar ais sular cuireadh tús leis an séasúr. Bhí sé de cheangal ar aerlínte 50% ar a laghad de na sliotáin a bhí fágtha acu a úsáid, agus d’fhéadfaí iad a dhíolmhú ón tairseach sin dá ndéanfadh na bearta chun an phaindéim a mhaolú difear dá mbealaí. Dá bhrí sin, cuireadh síneadh leis an tarscaoileadh maidir leis an riail ‘úsáid é nó caill é’ go ceann tréimhse eile, ón 28 Márta 2021 go dtí an 30 Deireadh Fómhair 2021.

An 23 Iúil 2021, tugadh isteach le leasú eile ráta athbhreithnithe úsáide sliotán do thréimhse sceidealaithe gheimhreadh 2021-2022, rud a bhí i bhfeidhm go dtí an 29 Deireadh Fómhair 2022. Socraíodh sin ar ráta 50% chun nascacht iontaofa a ráthú le haghaidh an gheimhridh, agus chun go mbeadh an margadh in ann oiriúnú de réir a chéile don éileamh a bhí ag athrú agus acmhainneacht a scaoileadh do thréimhse sceidealaithe gheimhreadh 2022-2023.

I mí Dheireadh Fómhair 2022, thug an Coimisiún sainordú síneadh breise a chur leis na rialacha sealadacha maidir le leithroinnt sliotán, agus ceanglais á leagan síos aige d’aeriompróirí chun acmhainn neamhúsáidte a scaoileadh. Sainmhíníodh sa Rialachán filleadh ar an gceanglas 80% maidir le húsáid sliotán, agus é comhlánaithe le maolú sonrach ar úsáid sliotán i gcás neamhúsáid sliotán a bhfuil údar maith leis. Tá an Rialachán seo i bhfeidhm faoi láthair.

Chun an brú airgeadais ar oibreoirí eitlíochta agus ar láimhseálaithe ar an talamh a mhaolú, ghlac an Coimisiún rialacha lena leasaítear codanna den Rialachán maidir le hAersheirbhísí i mí na Bealtaine 2020. Cuireadh síneadh go dtí an 31 Nollaig 2021 le cuid de na forálacha sealadacha sin, go háirithe an maolú ar cheadúnas oibríochta aeriompróirí a chur ar fionraí nó a chúlghairm. Níl na bearta sealadacha sin i bhfeidhm a thuilleadh.

Iompar ar bóthar

Le linn na paindéime ghlac an Coimisiún dhá Theachtaireacht inar leagadh amach cuspóirí agus cur chun feidhme na ‘lánaí glasa’ – trasnuithe teorann atá ar oscailt do gach feithicil lasta a bhfuil earraí á n-iompar aici, áit nár cheart níos mó ná 15 nóiméad a bheith i gceist le haon seiceáil nó scagthástáil sláinte.

Leis an Teachtaireacht maidir le Lánaí Glasa an 23 Márta 2020, tugadh isteach bearta sealadacha, amhail díolúintí ó shrianta ar rochtain ar bhóithre agus srianta taistil d’oibrithe iompair atá i bhfeidhm sna Ballstáit, chomh maith le prionsabail ghinearálta a chuir le gníomhaíocht bhreise ón gCoimisiún, go háirithe coincheap na ‘lánaí glasa’.

I gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle maidir le plean teagmhasach don iompar lasta an 23 Deireadh Fómhair 2020, ghlac an Coimisiún an Teachtaireacht maidir leis na Lánaí Glasa iompair a uasghrádú (COM/2020/685), inar leagadh síos tagairt do na gnéithe práinneacha a bhaineann le plean teagmhais agus lena neartaítear roinnt prionsabal sa Teachtaireacht maidir le Lánaí Glasa.

An 23 Bealtaine 2022, ghlac an Coimisiún an Teachtaireacht maidir le plean teagmhasach don iompar (COM/2021/211) lenar cuireadh sraith uirlisí chun cinn chun freagairt ar aon chineál géarchéime iompair, bunaithe ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó phaindéim COVID-19.

Iarnród

Tar éis an togra ón gCoimisiún, an 7 Deireadh Fómhair 2020 glacadh Rialachán (AE) 2020/1429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun cur i gcoinne thionchar diúltach eacnamaíoch phaindéim COVID-19 ar ghnóthais iarnróid. Leis an Rialachán, ceadaíodh do na Ballstáit údarás a thabhairt do bhainisteoirí bonneagair íocaíocht na muirear rianrochtana a laghdú, a tharscaoileadh nó a iarchur.

Socraíodh tréimhse thagartha an Rialacháin ar dtús idir an 1 Márta 2020 agus an 31 Nollaig 2020, ach tugadh de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun síneadh a chur léi tar éis an dáta sin.

Mar gheall ar thionchar diúltach leanúnach na paindéime ar iompar d’iarnród, cuireadh síneadh leis an tréimhse thagartha faoi cheathair, go dtí an 31 Nollaig 2022.

Bunaithe ar mhionanailís ar shonraí maidir le leibhéil tráchta ar ghréasán iarnróid an Aontais, rud a léirigh go raibh deireadh le tionchar diúltach díreach ráig COVID-19 ar sheirbhísí iarnróid den chuid is mó, chinn an Coimisiún gan síneadh breise a chur leis an tréimhse thagartha tar éis an dáta sin.

Loingseoireacht

Le linn phaindéim an choróinvíris, d’eisigh an Coimisiún treoirlínte chun tacú le paisinéirí ar longa crúsála agus le criúnna ar shoithí lastais agus ar soithí paisinéirí. Cuireadh moltaí ar fáil sna treoirlínte sin maidir le sláinte, aisdúichiú agus socruithe taistil. Iarradh sna moltaí ar na Ballstáit athruithe criúnna a cheadú agus líonra calafort a chruthú áit arbh fhéidir na criúnna a athrú go gasta. Chomhordaigh an Coimisiún freisin na bearta a rinne na Ballstáit le linn cruinnithe rialta de Stiúrthóirí Muirí an Aontais, agus chuir sé tús le COVID-19 – Treoraíocht an Aontais maidir le hOibríochtaí Loinge Crúsála de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí chun oibríochtaí a atosú go sábháilte.

Seoltaí dramhaíola a chinntiú ar fud an Aontais

An 31 Márta 2020 d’eisigh an Coimisiún treoraíocht chun cur chuige coiteann a chinntiú san Aontas chun deimhin a dhéanamh de go leanfaí de loingsithe dramhaíola trí na lánaí glasa agus go mbeadh ardleibhéal cosanta sláinte poiblí agus comhshaoil ann ag an am céanna.

Séanadh. Nuashonraíodh an leathanach seo go deireanach i mí Mheán Fómhair 2023.