Chun an tsaorghluaiseacht shábháilte a éascú le linn phaindéim COVID-19, bhunaigh an tAontas Eorpach ‘Deimhniú Digiteach COVID an Aontais’.
An 1 Iúil 2023 ghlac an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) córas deimhniúcháin dhigitigh COVID-19 an Aontais chun córas domhanda a bhunú a chuideodh le saoránaigh ar fud an domhain a chosaint ar bhagairtí sláinte leanúnacha agus ar bhagairtí a bheidh ann amach anseo, paindéimí san áireamh.
Uirlis láidir chun ár ngeilleagair agus ár sochaithe a athoscailt
Gné ríthábhachtach de fhreagairt na hEorpa ar phaindéim COVID-19 is ea Deimhniú Digiteach COVID an Aontais lenar eisíodh breis agus 2.3 billiún deimhniú.
Leis an deimhniú, cumhdaíodh vacsaíniú, tástáil agus téarnamh in aghaidh COVID-19 agus éascaíodh taisteal sábháilte do shaoránaigh. Bhí sé ríthábhachtach freisin chun tacú le tionscal turasóireachta na hEorpa a buaileadh go dona.
Éascaíodh leis taisteal sábháilte do shaoránaigh ar fud an Aontais Eorpaigh nuair a chuir na Ballstáit srian ar thaisteal ar mhaithe leis an tsláinte phoiblí. Ina theannta sin, d’fhág sé gurbh fhéidir comhordú a dhéanamh ar dheireadh a chur leis na srianta sin a luaithe ab fhéidir. Go deimhin, níl aon srian taistil ann laistigh den Aontas a thuilleadh ó mhí Lúnasa 2022 i leith.
D’éirigh go maith le Deimhniú Digiteach COVID an Aontais ar fud an domhain chomh maith: tá caighdeán domhanda leagtha síos aige maidir le taisteal idirnáisiúnta agus is é an t-aon chóras amháin atá i bhfeidhm ar an leibhéal idirnáisiúnta. 51 thír i gceithre mhór-roinn a bhain tairbhe as an gcóras sin.
Tháinig an Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID an Aontais i bhfeidhm an 1 Iúil 2021 agus chuaigh sé in éag an 30 Meitheamh 2023.
Céim i dtreo na slándála sláinte domhanda
An 1 Iúil 2023 ghlac an EDS córas deimhniúcháin dhigitigh COVID-19 an Aontais chun córas domhanda a bhunú a chuideodh le saoránaigh ar fud an domhain a chosaint ar bhagairtí sláinte leanúnacha agus ar bhagairtí a bheidh ann amach anseo, paindéimí san áireamh. Is é seo an chéad chuid de Líonra Deimhniúcháin Sláinte Digití Domhanda EDS lena bhforbrófar raon leathan táirgí digiteacha chun sláinte níos fearr a chur ar fáil do chách.
Éascóidh EDS an próiseas sin ar fud an domhain faoina struchtúr féin agus is é cóineasú na ndeimhnithe digiteacha COVID-19 an chéad chás úsáide. San áireamh leis sin tá caighdeáin an Aontais a ghlacadh agus sínithe digiteacha a bhailíochtú chun calaois a chosc. Ar an gcaoi sin, ní bheidh rochtain ag EDS ar aon bhunsonraí pearsanta, ar sonraí iad a bheadh fós ina réimse eisiach rialtas náisiúnta.
Comhpháirtíocht dhigiteach idir an tAontas Eorpach agus an EDS
Chun éascú a dhéanamh maidir le EDS deimhniú Digiteach COVID an Aontais a ghlacadh, agus chun rannchuidiú lena oibriú agus lena fhorbairt tuilleadh, chomhaontaigh an Coimisiún Eorpach agus EDS oibriú le chéile i réimse na sláinte digití.
Oibreoidh an chomhpháirtíocht sin chun córas EDS a fhorbairt go teicniúil le cur chuige céimnithe chun cásanna úsáide breise a chumhdach, lena bhféadfaí digitiú an Deimhnithe Idirnáisiúnta Vacsaínithe nó Próifiolacsais a chur san áireamh, mar shampla. Beidh sé ríthábhachtach na réitigh dhigiteacha sin a leathnú chun sláinte níos fearr a chur ar fáil do shaoránaigh ar fud an domhain.
An Líonra Domhanda Deimhniúcháin Sláinte Digití
Is córas deonach é an Líonra Domhanda Deimhniúcháin Sláinte Digití ar féidir leis cabhrú le saoránaigh a gcuid doiciméad sláinte a bhailíochtú agus a gcuid sonraí sláinte leictreonacha a úsáid ar bhealach sábháilte agus slán.
Tá sé deonach do na Ballstáit dul isteach i Líonra Domhanda Deimhniúcháin Sláinte Digití de chuid EDS. Leis an Moladh ón gComhairle a glacadh an 27 Meitheamh 2023, moltar do na Ballstáit uile a bheith rannpháirteach i gcóras EDS agus leanúint de dheimhnithe COVID-19 a eisiúint arna iarraidh sin orthu.
Tá Socrú Riaracháin neamhcheangailteach idir an Coimisiún agus an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte sínithe ag an dá eagraíocht. Is doiciméad teicniúil é an Socrú Riaracháin a leagann síos an aidhm idir an Coimisiún Eorpach agus an EDS comhoibriú a dhéanamh maidir le creat Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais a ghlacadh agus forbairt bhreise a dhéanamh ar an Líonra Domhanda Deimhniúcháin Sláinte Digití.
Amlíne
- 1 Iúil 2023
Ghlac EDS córas deimhniúcháin dhigitigh COVID-19 an Aontais chun córas domhanda a bhunú a chuideodh le saoránaigh ar fud an domhain a chosaint ar bhagairtí sláinte leanúnacha agus a bheidh ann amach anseo, paindéimí san áireamh.
- 30 Meitheamh 2023
Chuaigh an Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID an Aontais in éag.
- 13 Nollaig 2022
Ghlac an Chomhairle Moladh athbhreithnithe maidir le deireadh a chur leis na srianta taistil uile laistigh den Aontas.
- 29 Meitheamh 2022
Cuireadh síneadh leis an Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID an Aontais go dtí an 30 Meitheamh 2023. Tá na Ballstáit in ann deimhnithe vacsaínithe a eisiúint do rannpháirtithe trialacha cliniciúla anois, agus aithneoidh siad cineálacha breise tástálacha antaiginí feasta.
- 29 Márta 2022
Díolmhaíodh le rialacha nua mionaoisigh ón tréimhse bhailíochta 9 mí le haghaidh deimhnithe vacsaínithe.
- 22 Feabhra 2022
Is féidir deimhnithe téarnaimh a eisiúint anois bunaithe ar mhearthástálacha antaiginí
- 25 Eanáir 2022
Ghlac an Chomhairle moladh athbhreithnithe maidir le bearta lena n-gcinntítear comhordú ar thaisteal sábháilte san Aontas, iad bunaithe ar chás aonair na ndaoine agus ní ar réigiún tionscnaimh an duine a thuilleadh.
- 21 Nollaig 2021
Ghlac an Coimisiún rialacha lena mbunaítear tréimhse cheangailteach bhailíochta 9 mí le haghaidh deimhnithe vacsaínithe a úsáidtear chun taisteal laistigh den Aontas.
- 1 Iúil – 12 Lúnasa 2021
Céimniú isteach: i gcás nach bhfuil Ballstát réidh chun an deimhniú nua a eisiúint dá saoránaigh, beifear go fóill in ann formáidí eile a úsáid agus is ceart do na Ballstáit eile glacadh leo.
- 1 Iúil 2021
Tháinig Deimhniú Digiteach COVID de chuid an Aontais i bhfeidhm ar fud an Aontais.
- lár mhí an Mheithimh 2021
Moladh Athbhreithnithe ón gComhairle maidir le taisteal laistigh den Aontas Eorpach.
- 1 – 30 Meitheamh 2021
An tréimhse réamhchleachtaidh: Féadfaidh na Ballstáit an deimhniú a sheoladh ar bhonn deonach ar choinníoll go bhfuil siad réidh le deimhnithe a eisiúint agus a fhíorú, agus go bhfuil an bonn dlíthiúil is gá i bhfeidhm acu.
- 1 Meitheamh 2021
Cuireadh Tairseach an Aontais Eorpaigh (idirnascadh na gcóras náisiúnta) chun feidhme.
- 20 Bealtaine 2021
Chomhaontaigh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an Deimhniú Digiteach COVID de chuid an Aontais.
- 7 Bealtaine 2021
Chuir an Coimisiún tús le tástáil phíolótach bhonneagar idir-inoibritheachta an Aontais (Tairseach an Aontais Eorpaigh) lena n-éascófaí barántúlacht na nDeimhnithe de chuid an Aontais.
- 22 Aibreán 2021
Chomhaontaigh ionadaithe na mBallstát sa Líonra ríomhShláintetreoirlínte lena ndéantar cur síos ar na príomhshonraíochtaí teicniúla maidir le cur chun feidhme an chórais. Céim ríthábhachtach a bhí ann chun an bonneagar is gá a bhunú ar leibhéal an Aontais.
- 14 Aibreán 2021
Ghlac an Chomhairle a sainordú chun tús a chur leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa i dtaca leis an togra.
- 17 Márta 2021
Mhol an Coimisiún téacs reachtach lena mbunófar creat coiteann maidir le deimhniú de chuid an Aontais.
- 27 Eanáir 2021
Glacadh treoirlínte lenar leagadh amach ceanglais idir-inoibritheachta maidir le deimhnithe vacsaínithe digiteacha, ar treoirlínte iad a chuireann leis an idirphlé atá ag dul ar aghaidh idir an Coimisiún agus na Ballstáit sa Líonra ríomhShláinte ó bhí mí na Samhna 2020 ann.