Tá freagairt Eorpach chomhchoiteann ar an ráig COVID-19 á comhordú ag an gCoimisiún Eorpach. Táimid ag gníomhú go daingean chun ár n-earnálacha sláinte poiblí a neartú agus an tionchar soch-eacnamaíoch san Aontas Eorpach a mhaolú. Gach bealach is féidir linn, táimid ag gníomhú chun cabhrú leis na Ballstáit a bhfreagairt náisiúnta a chomhordú agus tá eolas oibiachtúil á chur ar fáil againn ar leathadh an víris agus ar iarrachtaí éifeachtacha chun é a shrianadh.
Tá foireann um an bhfreagairt ar an gcoróinvíreas curtha ar bun ag an Uachtarán von der Leyen ar leibhéal polaitiúil lenár bhfreagairt ar an bpaindéim a chomhordú.
Le linn na géarchéime seo, tá tíortha, réigiúin agus cathracha ar fud an Aontais Eorpaigh ag tabhairt lámh chuidithe dá gcomharsana agus ag cuidiú leo siúd is mó atá i ngátar: tá trealaimh chosanta amhail maisc á ndeonú, tá othair thinne á n-iompar chuig tíortha eile le cóir leighis a fháil agus tá saoránaigh atá sáinnithe thar lear á dtabhairt abhaile. Is eiseamláirí iad sin de scoth na dlúthpháirtíochta Eorpaí.
Vacsaíní sábháilte in aghaidh COVID-19 do mhuintir na hEorpa
Vacsaín shábháilte éifeachtach, sin an deis is fearr atá againn chun an lámh in uachtar a fháil ar an gcoróinvíreas agus filleadh ar an ngnáthshaol.
Tá an Coimisiún Eorpach ag obair gan stad gan staonadh chun dáileoga de vacsaíní féideartha a chinntiú do gach duine.
Buaicphointí

Shínigh HERA, Údarás an Choimisiúin um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte, Creatchonradh um sholáthar comhpháirteach chun Paxlovid a sholáthar, cóireáil d’othair a bhfuil COVID-19 orthu a bhfuil an baol ann go mbuailfidh galar tromchúiseach iad. Síníodh an conradh leis an gcomhlacht cógaisíochta Pfizer agus beidh sé i bhfeidhm ar dtús ar feadh tréimhse bliana.